Top Issue 1-2024

1 May 2008 Edition

Resize: A A A Print

Deir Yassin, Gaza agus fó-dhaoine...

SÉANNA BREATHNACH

SÉANNA BREATHNACH

LE SÉANNA BREATHNACH                                                           

TÓGADH raic ansin ar na mallaidh nuair a dúirt Richard Falk, an duine a bhéas mar fear fiosrúcháin speiséalta an UN ó taobh droch-iompar lucht Iosrael ar mhuintir na Pailistíne – sa Stráice Gaza ach go háirithe – nuair a chuir sé Rialtas Iosrael i gcompáraid leis na Naitsithe agus a gcuid gníomaíochtaí....
Ach caithfidh mé rá go n-aontaím leis in san méid is go bhfuil iompar agus gníomhú Rialtais Iosrael ar an talamh lán chomh dona leis na polasaithe a d’úsáid na Naitsithe sa Dara Cogadh Domhanda.
Níl mé ag labhairt anseo fá na hoighinn ná na campaí bháis agus an próiseas iomlán dúnmhairbh ar scála tionsclaíochta. Tá mé ag labhairt ar an fhealsúnacht a chreid gur daoine ar leith muintir s’againn agus gur fó-dhaoine achan duine eile.
Maraítear na céadta mná, páistí agus daoine coitianta mar dhíoltas ar ionsaithe Hámas agus na grúpaí míleata eile, nó ar fath éigin eile, gan stad.
Ní ghlactar leis na Pailistínigh mar chomh-saoránaigh leis na Giúdaigh – tá caitheamh anuas orthú mar fó-daoine nó mar a dúradh sa Ghearmáin “untermenschen”.
Glactar taillte s’acú agus leagtar a mbailte cionn is go bhfuil “leibensraum” de díth ar lucht Iosrael.
Ach níorbh iad na naitsithe an t-aon nó fiú an céad pobal a raibh an meon céanna acú ar ‘fó-dhaoine’. Bhí sé ag na Sasanaigh agus go leor de na tíortha eile agus iad ag gearradh suas an domhain don chóilíneachas agus do na himpireachtaí. Bhí sé ag ceannródaithe Stáit Aontaithe Meiriceá i dtaca leis na daoine dúchaise agus daoine gorma, lucht sclábhaithe agus iarsclábhaithe.
Bhí sé ag sliocht na nAirfikaners agus iad siúd ag déileáil le daoine, nach daoine geala iad san Aifric Theas ionann is gurbh ainmhithe a bhí iontú.
Agus fiú inár dtír féin bhí daoine in san phobal aontachtach nach dtiocfadh leo deiléail nó glacadh le daoine as an phobal náisiúnach ar bhonn comhionnanais – níl mé cinnte de nach bhfuil siad ann go fóill. Níor maith liom beag a déanamh den fhulaingt atá a imirt ar lucht na Pailistíne an lá atá inniu agus gníomhaithe ‘an Phobail Dé’ a cur i gcompáraid leo ach bhí an meon is an dearcadh céanna i gceist nuair a tharla a leithid.
Caitheadh cupla mí troma ansin ag grúpa beag Sinn Féin atá tiománta ar an cheist seo ‘cearta daonna’ – ag iarraidh Bille Cearta Úr a dreachtadh don tuaisceart. Níl rud ar bith soiléir go fóill go mbeidh aontú ar an ‘Bhille Cearta Úr’ anseo agus fiú má bíonn, tá rud amháin cinnte mura n-athraítear an sochaí, mura gcuirtear stad le cos ar bholg a imirt ag dream amháin ar dhream eile beidh impleachtaí agus torthaí ann agus ní bheidh – ní féidir bheith – síochán ceart buan sa tír seo.
Sin í an príomh chuspóir atá amach romhainn, meon na ndaoine a athrú agus deireadh a chur le seicteachas, deireadh a chur le ciníochas. Cibé áit sa domhan. An bhfuil tú ábalta dó?

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland