Top Issue 1-2024

24 April 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Tá mo Lá Taghta

Seo deireadh mo ré – tá mo threimhse órga thart- ta me ag eirí as ar an lá céanna le Bertie – thosaigh mé ag scríobh don pháipéar ag an ám céanna a thosaigh sé mar cheannaire phairtí polaitiúla. Táimíd ag bogadh ar aghaidh go dtí saoil difriúil – ach in ionad bheith ag imirt bowls nó ag freastal ar Live at Three (agus i mo chodladh ag deich taréis) tá mé dul a bheith i mo réalt teilifíse le TG 4 – tchífidh tú mé i Reynards agus ar chlúdach iris Hello, i mo theach nua le mo triú bhean chéile agus ár madra  agus beidh mé ag glacadh páirt ar ‘Celebrity Jungle’ le Micheal Healy Rae agus an hata a fuair se i gcomhair a jab mar ‘pimp’ i ndeisceart Chiarraí agus an drochstad ar na bóithre agus an stíl gruaige is deise in Éirinn ag Jackie.
Níl mórán athrú ar an tír ó thosaigh mé ag scríobh don phaipéar – tá an chuid daoine dífhostaithe arís. Tá sé fós ag cur báistí. Tá praghas an phionta ag ardú arís agus tá an Córas Oideachais agus Sláinte fós go dona - ach ní féidir le muintir na tíre an locht a chur ar Bertie nó Máire Harney – bhí rogha againn anuraidh idir dhá charr sa ghairdín agus saoire thar lear nó cáin níos airde agus córas ceart slainte agus Oideachas agus roghnaíómar an SUV.
Tá seo ag dul ar aghaidh sa tír ó 1922 agus níl an locht ar éinne ach an tír iomlan agus an sochaí atá againne.
Bhí me i bPáirc Phairneill an Domhnach seo chaite i gcomhair an dornálaíocht iontach idir Baile Atha Cliath agus An Mhí agus tá áthas orm a rá gur bhuaigh na ‘townies’ an troid agus an chluiche in aghaidh na tuathaigh. Níor thaitin An Mhí liom riamh agus leis na bríste ró ghearr agus na ceapairí liamháis ní raibh siad ríamh nua aimsire.
Bhí an babhta dórnálaíochta níos fearr ná troid ar bith a chonaic mé ar Sky Sports, nuair a bhíonn ort €50 a íoc. Dúirt bean liom go ndúirt bean lei go raibh Ard Mhacha an shalach an tseachtain seo chaite agus nach raibh mórán scil acu, ach is cuma, mar ní bheidh siad sa phota nuair atá na sceallóga thíos i Mí Lúnasa nó Meán Fomhair.
Ní raibh aon comórtas idir an pheil ‘s an sár chluiche iomána idir Tiobrad Árann agus Gaillimh i nDúrlas ar an Domhnach – leis an méid sin cac a chloistear faoi Gerrard agus Drogba, ní bheidh siad in ann buataisí Joe Canning nó Séamas De Buitléir a líonadh – tá leath na tíre faoi gheasa ag cur a ám amú agus iad tugtha do Sunderland – caithfimid na Premiership Zombies ar fad a chur i gcampa Geibhinn i Liatroim agus iad a fhagáil ansin.
Fad is atá cúpla línte fágtha agam caithfidh mé rant eile a dhéanamh – Tá Séarlas de Gaeilf imithe ar strae i gColombia – seans go bhfuil sé ag piocadh sméara sú talúin nó ina chodladh ar trá le spéirbhean le ríbeach gruaige ar a smig i ndeisceart na tíre.
Caithfidh mé rith isteach go Michael Guiney’s anois chun seaicéad buí agus carbhat leathair a cheannach i gcomhair mo shaol nua ar TV agus tá me ag fás mo chéad croimeal. Tá cara liom i dTamhlacht ag fáil slabhara gus muincle óir dom as chúl leoraí agus stocaí bana ó fear beag i gcathair Doire.
B’fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais nuair atá War News againn arís nó b’fhéidir go chífidh tú mé ar teilifís le Kent Brockman agus na bodaí móra go luath.
Tá mo lá tiocfaidh-ed!

Foclóir

tréimhse...period of time
réalt...star
pimp...Kerryman
anuraidh...last year
cáin...tax
dórnálaíocht...boxing
sceallóga thíos...the chips are down
campa geibhinn...concentration camp
sú talúin...strawberries


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland