3 April 2008 Edition

Resize: A A A Print

Athbheochan na Gaeilge - Arís?

Des Bishop

Des Bishop

le Peadar de Bluit

Níl cur amach agam ar theanga ar bith eile a bhfuil idir bhás is bheatha fógartha di an méid céanna uaireanta leis an Ghaeilge. Gach re bliain bíonn fiosrúchán éigin ar chur chun cinn na Gaeilge; conas mar atá ag éirí léi; an bhfuil sí i mbaol an bháis; nó an bhfuil sí ag dul ó neart go neart. In ainneoin a bhfoilsítear i ndiaidh na bhfiosrúchán seo bíonn an freagra ón rialtas mar an gcéanna i gcónaí – rud ar bith. Is cosúil, áfach, nach féidir le neamhaird an rialtais bac a cur le fás ár dteanga náisiúnta ar an ábhar go bhfuil na ráflaí arís ann go bhfuil an Ghaeilge ‘sa bhfaisean’, agus go bhfuil sí ‘fionnuar’ bheith á labhairt. An t-aiséirí úr é seo don Ghaeilge don míliú uair ina saol, nó díreach iarracht sceimhle beocht a thabhairt do theanga atá ag streachailt léi leanúint ar aghaidh?
Thart ar aimsir Sheachtain na Gaeilge bhí, mar is ceart a bheith, roinnt mhaith gníomhaíochta i measc na gciorcal Gaeilge. I gColáiste na Tríonóide seoladh stáisiún raidió úr trí mheán na Gaeilge dírithe ar dhaoine óga. Chun an fhírinne a rá is céim iontach chun tosaigh seo ó thaobh na meán Gaeilge de ar an ábhar gur tugadh le fios don scríbhneoir seo go raibh daoine óga thuas tíre ag iarraidh éisteacht le stáisiún raidió trí mheán na Gaeilge ach go raibh ag teipeadh glan ar RnaG – i rith an lae ar aon nós. An méid sin ráite bhí iarrachtaí déanta ag leithéid Raidió na Life agus Raidió Fáilte, ach amháin go raibh siad ag obair ar bhonn teoranta. Beidh le feiceáil conas a éiríonn la Raidió X mar a aithnítear é faoi láthair ach is cinnte gur tús maith atá ann, agus mar a deir an seanfhocal sin leath na hoibre.
Chomh maith leis sin le linn Sheachtain na Gaeilge tháinig clár nua Des Bishop chugainn, ‘In the name of the Fada’. Caithfidh mé a admháil nach bhfuil sé feicthe agam go fóill, agus níl ach corr-rud cloiste agam ina thaobh mar sin nílim chun léirmheas a dhéanamh air anseo. Déarfaidh mé an méid seo, áfach; is cuimhin liom Bishop a fheiscint ag cóisir Ghaelach thuas in Stormont nuair a bhí sé ann agus le bheith cothrom leis tá fuinneamh suntasach aige ó thaobh na Gaeilge de. Ní haon rud furasta atá ann dul agus teanga iomlán úr a fhoghlaim gan trácht ar í a úsáid ar stáitse i lár seó, agus as sin tá moladh tuillte aige. Gan dabht tá sé go maith an méid seo gníomhaíochtaí a fheiscint i measc an tsaoil Ghaeilge, ach caithfidh siad bheith ann níos faide ná díreach aimsir Sheachtain na Gaeilge.
Ní féidir le héinne a rá nach i bhfabhar na Gaeilge atá an gníomhú seo ar fad gach uair a bhíonn clár Gaeilge ar an ngnáth-theilifís nó ar fhógra éigin ar an raidió ardaíonn sé tionchar na Gaeilge, cuireann sé in iúl do dhaoine go bhfuil sí fós gan aon phlean aici imeacht in aon áit. Chomh maith leis sin, de dheasca na hinfheistíochta ar fad atá ag dul ar aghaidh na laethanta seo, tá earnáil na Gaeilge ag teacht chun tosaigh go gasta. Mar sin, tá an Ghaeilge go forleathan sna meáin, tá sí ag cruthú post, agus is teanga oifigiúil í san Eoraip anois - ach níl an chéim is tábhachtaí tógtha go fóill. Níl sí á labhairt sa chlós, agus má tá is annamh a chloistear lasmuigh de gheataí na scoile í. Ag deireadh an lae is cuma cá mhéid infheistithe nó airgid a chruthaítear tríd an Ghaeilge mura bhfuil sí á labhairt go sóisialta, sna scoileanna agus i measc an phobail, táimid ag déanamh dearmad ar an gcuid is tábhachtaí den gcath atá os ár gcomhair. 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland