Top Issue 1-2024

27 March 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Brionglóid

Tá clochán ag dul trasna an abhainn bhuí ag bun mo gharradh sa bhaile, is minic a shuífinn ag an fhuinneog ag ól cupán tae agus ag amharc síos an garradh ar na cuibhrín beaga a rith síos fhad len abhainn. Ar an taobh eile bhí teach beag amháin ‘na shui leis fhéin trasna uainn agus díreach ar a chúl bhí an portach lom ag síneadh i rith an bhealaigh go bun Cnoc Fola. Bhí taobh s´againne glas agus féarach agus choinneochadh na cuibhrinn thart fa leath dosaen ceann ealaigh agus píosa eile a dtiocfadh leat prataí gus glasraí a fhas. ach trasna na habhna cha raibh an fás céanna ann bhí i bhfad níos mó clocha agus páistí mhóra donna den phortach i measc na píosaí glasa a d´obair na glúinte dúrnach amach as an portach.
Cha raibh i riamh cead agam síos fhad len chlochán mar bhí eagla bháis ar mo mhuintir go dtiteadh ceann de na paisti isteach agus go rachfadh muid go tóin poll.
Bhí gabhair an sean nduine ar an taobh thall i gconaí ag ithe rud a bhfásadh nó rud ar bith a d´fhágadh nduine ‘na luí thart m.sh. sean buideal nó éadai a mbeadh crochta ar an líne le triomadh.
Char smaoinaigh mé siar ar an áit seo le fada an lá go dtí aréir. go luath agus a thit mé ‘mo chodladh bhí cuid dom ag éalú amach as Peru. Chonaic mé mé fhéin ag éirigh ó cheann  mo chorp agus ag éalú amach an fhuinneog agus soilse Mancuro thíos faoim. D´fhág mé an baile beag agus na soilse agus trup an oíche mo dhiaidh agus d´eiteal mé thar cnoic agus tailte  agus an fharraige mhor agus oileáin beaga agus móra go dtí go dtáinig mé isteach thar Oileán Thoraigh, Inis Bó Finne, Port     Uí Churainn  agus Glais an  Dobhair Chú.
Bhí mé  in ait mo shinsear, mo theaghlach  ‘na sheasamh ar chloch i lár an abhainn bhuí. Bhí gaoth laidir ag séidiú agus tuille mhaith ins an abhainn. Mhothaigh mé an tuisce ag briseadh thar mo chosa. Bhí a fhios agam ná dtiocfadh liom fanacht anseo, bhí a fhios agam go gcaithfinn a dhul bealach inteacht, soir no siar.
Sheasaigh na céadtai ar an chloch céanna roimhe s´agam - agus bhí a fhios agam seo - bhí an talamh maith agus an teach mhór len tine mhaith  inar chaith mé m’óige ar thaobh amháin agus an sean teach druite ina mbeadh na gabhair thart fa dtaobh do ar an taobh eile.
Léim mé den chlochán i dtreo an tsean teach dorcha nach raibh críostaí ann le na blianta. bhí a fhios agam nach raibh an tine mhór sa bhaile i bhfad uaim ach anois chaithfinn fhéin a fháil cleachtaigh len dorchadas go dtí go bhfaighfinn mo thine féin lasta. Stap an ghaoth ag séidiú agus d´éirigh an  abhainn chomh suaimhneach le sruthán.
Thaispeán Dónal an Gheallaigh a aghaidh agus bhrú sé an dorachadas ar leath thaobh.
Cha raibh an tsean teach chomh dorcha sin uilig- d´oscail mé an doras agus shiúl me isteach thar na leachacha mhóra, fhad l’áit na tine. Bhí bosca móna romham, cipíní agus go leor a chuideoidh liom tine a thoiseacht.
Is maith an rud gur fhoghlaim mé an dóigh le tine a lasadh agus aedh beag amháin a chothú le blaidhre níos láidre a fháil.
L’éirí na gréine agus tús an lae shiúl mé fhad le crua na móna le buicéad  a líonadh agus a iompar chun tí. Bhí an abhainn bhuí suaimhneach agus,  bhí sin furast a athaint.
Chonaic mé an clochán agus scála dubh ar an chloch céanna sheasaigh mé air, char bhog an scalla soir no siar, shílfeá gur shlog an abhainn é siocar gur fhan sé na sheasamh ins an áit céanna ró fhada. Rachfadh sé chun fharraige le  bradáin na habhanna ach cha dtiocfadh sé i dtír i gceann fada go leor..

 

Foclóir

brionglóid...dream
portach...bog
ag baint na móna...cutting turf
clochan...footpath
go tóin poill...to the bottom
glúin...generations
críostaí...Christians
suaimhneach...peaceful
shlog sé...it swallowed
bradán...salmon


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland