Top Issue 1-2024

13 March 2008 Edition

Resize: A A A Print

Deireadh suarach don Fairytale

Leirmheas TV
Fairytale of Kathmandu RTÉ1

Leirmheas le
Eoghan Mac Cormaic

There’s a one eyed yellow idol to the north of Kathmandu
There’s a little marble cross beneath the town
There’s a broken hearted woman tends the grave of mad Carew
And the little yellow god forever gazes down

De réir an dáin le Rudyard Kipling  bhí Mad Carew, oifigeach in Arm na Breataine, lonnaithe i Nepal ag deireadh an 19ú Aois i ngrá le hiníon óg a Choirneáil. Nuair a bhí coisir breithlá 21 bliain d’aois á phleanáil don chailín d’iarr Carew uirthí cén bronntanas ar mhaith leí dá breithlá. Luaigh sí súil an Dia Beag Buí. Chuaigh Mad Carew ar a lorg, ach an oíche sin, faightear é sáite ina phuball féin – mar a deireann an t-amhrán ‘sé díoltas an Dia Bhig Bhuí a bhí ann.
Míre. Buile. Galar an ghrá. An bhfuil , mar a deirtear, rud éigin san uisce i Nepal? I ndiaidh don chlár Fairytale of Kathmandu a fheiceáil an tseachtain seo thiocfaí duine a mhaitheadh a dhéarfadh gur ‘ar mire’ a bhí Cathal Ó Searcaigh nuair a cheadaigh sé foireann scannanaíochta é a thionlacan ó thaobh amháin, poiblí, inghlactha, oscailte dá shaol trasna go dtí taobh eile nach raibh ach tuairiscí againn faoi go dtí seo.  Ar ndóigh bhí na tuairiscí seo dearfach, báthúil, agus cineálta dó: tuairiscí a bhí ag insint faoin dóigh go raibh file Éireannach ag taisteal go dtí tír bocht, iargulta ar an taobh eile den domhan agus ag dáileadh amach a charthanachta go fial agus go flaithiúil ar a theaghlach leathan uchtála thall. Bhí a fhios againne gur bhailigh sé €50 000 ón saol liteartha, ealaíonta in Éirinn a chuideodh lena charthanacht díreach, a sheachain na comhlachtaí carthanachta brabúsacha eile, agus a dheileáil go díreach le cúiseanna maithe intuillte a roghnódh Cathal féin. Níor ceistíodh roimhe seo cén proiseas, nó córas measúnaithe, roghnaithe a bhí in úsaid aige, agus is dóigh liom nár cheistnigh aon duine a chuspóirí pearsanta ach an oiread. B’é seo fear a bhí ag déanamh maithis agus bheadh sé suarach d’aoinne againn an maitheas sin a cheistniú.
Agus ansin craoladh Fairytale of Kathmandu agus in áit na gceisteanna simplí, tá ceisteanna cásta, crua le cur; ceisteanna ní mór a rá nach bhfuil Cathal in ann a fhreagairt nó fiú in ann a ghlacadh leo mar cheisteanna inghlactha ar chor ar bith.
B’é an mire a thagann as an dúil, seachas an drúis a mhair Mar Carew fado I Kathmandu ach is é an drúis chan an dúil atá anois ag scrios cáil agus clú Chathal Uí Shearcaigh. Ó thus an chláir teilifíse bhí gnéas, dúil, cion agus drúis measctha suas. Níl aon rud nua sa scéal gur duine aerach é an fhile agus go deimhin gan an taobh sin dá shaol ba bhoichte a chuid saothair fhoilsithe., ach ó thosaigh an clár bhí scéal agus scéilíní faoi Cathal. Samhlaigh é ag a deich mbliana ag amharc go fonnmhar ar ghasúr eile ar a chéad lá ar scoil... agus an t-éad gur imigh an leaid uaidh ar ball sa saol. Ar ndóigh ag pointe amháin sa scéal d’admhaigh sé nach raibh sé ag lorg dúile nó grá a thuilleadh rud a fágann nach bhfuil fágtha dó ach drúis.
De réir léiritheoir an chláir bhí sí ag iarraidh ceisteanna a ardú le Cathal faoina iompar.  Bímis ionraic faoi seo, is fíor droch-iompar atá i gceist. Ní ceist í faoi aerachas ná homoghnéasachas atá ag buaireamh daoine ach an mí-úsáid cumhachta atá taobh thiar den chollaíocht agus an gaoltas gnéis idir Cathal agus na fir óga seo. D’fhág  cuid den íomhaíocht mothúcháin mí-shuaimhneach orm, Cathal ag cigilt páiste agus ansin ag cigilt Prem (agus a bhean céile ag amharc go feargach ar an radharc); Cathal ag gléasadh leaid eile,; Cathal ( a dúirt go dtuigeann sé turasóireacht gnéis) ag ceannach earraí do ghasúir a lean timpeall é mar uanacha I ndiaidh caoirigh; Cathal ag siúil lena lámh ar ghualann gasúr.... Agus i gcónaí sa chúlrá  cuimhne agus fís an tseomra leapa, na staighre, agus fios maith againn go raibh Cathal – nach bhfuil spéis aige sa ghrá – ag luí leis na hóganaigh soineanta, leochaileach, oilte seo. Oilte, ‘sea, nó is saghas oiliúint agus grúmaeracht cumhachtach a bhí ar bun aige tríd a cheannach agus flaithiúlacht. Ní ceist coibhneas gnéis é seo, ach coibhneas cumhachta.
Ag deireadh an chláir bhí mothúcháin mheasctha agam. Ba léir go raibh an file ag fulaingt, chan mar gheall ar an droch-iompar agus gortú daoine eile, ach mar gheall ar droch-iompar Neasa ag gortú Cathal féin. Thig linn argóint go dtí Dé Luain ach ní raibh aon comhartha aifealtais ó Cathal faoin phictiúir a bhí leagtha amach os a chomhair, ag mí-úsáid cumhachta i dtreo sásamh gnéis.  Níl a fhios againn cád a bhí fágtha as an clár, agus cad iad na radharcanna a chríochnaigh suas ar urlár an tseomra eagarthóireachta. Caithfimis glacadh leis go raibh Neasa Ní Chianáin ag iarraidh clár amháin a dhéanamh nuair a thit sí isteach, ina aghaidh a tola féin, ar chlár eile ar fad. Ní díoltas an Dia Bhig Bhuí atá ann an uair seo, ach an Dia Iartharach Bán (mar a d’aithin Cathal ann féin) ag titim.
Tá go leor íospartaigh sa togra seo: tá sé deacair Cathal a ríomhú ina measc-san.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland