Top Issue 1-2024

13 March 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

El Mozote

Is fada an lá ó scríobh mé rud beag raiméise agus Seárlas De Gaeilf imithe ar strae le bean ó Iamáice ar tóir na conquistadores i Meiriceá Theas nó b’fhéidir go bhfuil sé gafa ag ceann de na dlíodóirí ansin - cad é an scéal le Chavez – an bhfuil sé ag iarraidh bheith ina uachtarán i gcomhair a shaoil iomláin nó an bhfuil na meáin chumarsáide anseo ag cur ‘spin’ ar chúrsaí ós rud é nach bhfuil sé cairdiúil leis na Poncánaigh?
Is cuimhin liom taisteal trí Mheiriceá Láir agus an damáiste a bhí déanta ag na Poncánaigh ar an cheantar - chuir siad deireadh leis na réabhlóidí a d’fhás ón talamh sna hochtóidí.
Chas mé le fear i ‘93 agus mé ag spaisteoireacht tríd an tSalvadóir agus é ar a ghluaisrothar le geansaí Uíbh Fhaillí air.
Thóg sé ar chuairt mé go dtí baile beag iargúlta darbh ainm El Mozote i dtuaisceart na tíre.
Bhí cogadh cathartha ar siúl sa tír le linn na n-ochtóidí idir na bodaigh mhóra le lán tacaíochta ó na Stáit Aontaithe agus iad ag iarraidh maoin agus talamh na tíre a choinneáil i gcóir caife agus bananaí, agus cosmhuintir na tíre, a bhí beo bocht aineolach.
Bhí cuma ar an scéal go raibh an eite chlé nó ‘na sceimhlitheoirí’ mar a ghlaoitear orthu i gcónaí, ag fáil an lámh in uachtar go dtí gur thug na Meiriceánaigh traenáil do na ‘Death Squads’.
Cosúil leis na Sasanaigh agus an UVF, níor scaoil na Poncánaigh piléar ach thug siad na hairm agus an traenáil do na hairm áitiúla.
D’fhoghlaim siad ó cheacht na nIosraelach nuair a mharaigh siad baile iomlán sa Phalaistín sna daichidí, chun scanradh  a chur ar mhuintir na háite agus greim a fháil ar an cheantar.
Tháinig arm rialtas na Salvadóire chuig El Mozote maidin Earraigh i 1981 agus mharaigh siad míle duine - chuir siad achan fhear chun scine, rinne siad éigniú ar na mná agus ar dhéagóirí agus i ndiaidh achan pháiste a chur faoi ghlas sa scoil áitiúil chuir siad an áit trí thine.
Nuair a ceistíodh saighdiúir amháin blianta ina dhiaidh cen fáth ar chuir sé scian i bpáiste trí bliana d’aois d’fhreagair sé, “ar eagla go bhfásfadh siad ina gCumannach...”
Mhair bean amháin nuair a luigh sí i bhfolach i loch ag úsáid giolcach i gcóir ánála.
Nuair a scaip an t-aon mharthanóir an scéal bhí fiosrúchán acu a bhí díreach cosúil le Fiosrúchán Widgery i 1972 agus níor cúisíodh duine ar bith riamh. Diaidh ar ndiaidh fuair an eite dheis, faoi stiúir na bPoncánach, greim ar an tír agus an lámh in uachtar ar chosmhuintir na tíre agus cosúil le Nicearagua, Guatamala agus Hondúras tá comhlachtaí móra ann agus na Poncánaigh i gceannas orthu agus 90% de dhaonra na dtíortha sin fós faoi chois.
Agus mé i mo ghasúr stop colceathrar linn Sionainn, agus é ar cuairt chun na tíre le Ronnie Reagan, mar dhuine de na gardai cosanta ag an amadán sin agus é ar a bhealach chuig Baile Póirín le Derek Davis ar a chapall agus carr agus an Rialtas ag rith thart mar Darby O’Gill lena chuid Shillelagh, ag sodar i ndiaidh na n-uasal.
Thóg sé mé féin is mo dheartháir amach go dtí óstán Reagan agus fuaireamar deis suí sa limo, áit a ndeara Hinckley iarracht, bliain roimhe, é a mharú.


Thug sé deis do mo thuistí casadh le Reagan ach dhiúltaigh siad agus d’fhreastail siad ar phicéad an Easpaig Éamonn ag an aerfort nuair a landáil an tUachtarán Reagan.
Ach ag an am céanna, mar fhíor-Éireannaigh, thug siad bord is bia don gharda cosanta, mar gur cholceathrar é.
Déarfainn nár chuala an colceathrar riamh faoi El Mozote agus déarfainn nach bhfuil ainm an bhaile ar eolas ag mórán daoine.
N’fheadar an mbeidh Séarlas ag dul ar chuairt ansin lena bean ó Iamáice?!

Foclóir

ar tóir...chasing
ag spaisteireacht...travelling
maoin...resources
sceimhlitheoirí...terrorists
cosmhuintir...civilians
éigniú...rape
marthanóir...survivor
fiosrúchán...inquiry
daonra...population


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland