21 February 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cumann Chaoimhín Mhic Bhrádaigh, Óglach

Tá teachtaireacht shoiléir ag Sinn Féin do lucht na Gaeilge; Is é an príomhchuspóir atá againn ná an méid seo a leanas a chinntiú:- Caitheamh cothrom le gach earnáil eile, Acht na Gaeilge a rith, an ceart do shaol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge, an ceart ar sheirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge, an ceart ar Ghaeloideachas do do pháistí agus duit féin ag gach leibhéal, tacaíocht do thograí pobail as Gaeilge, gealltanas d’fhorbairt na Ceathrún Gaeltachta, tacaíocht do Ráidió Fáilte, tacaíocht do Lá Nua.
Chuige sin, beidh Sinn Féin ag seoladh cumainn úra fud fad na tíre ina mbeidh an Ghaeilge mar theanga oibre. Ní hamháin sin, ach beidh bunús na hoibre do na cumainn úra seo dírithe ar ghníomhaíocht teanga, ar fheachtasaíocht ar son na Gaeilge agus ar chur chun cinn na Gaeilge. Beidh an chéad chumann á bhunú againn i mBaile Átha Cliath i Mí Mhárta, le linn Sheachtain na Gaeilge. Beidh an dara cumann á bhunú againn i mBéal Feirste i Mí Mhárta chomh maith. Bunófar roinnt eile de réir a chéile le linn na bliana.
In Iarthar Bhéal Feirste beidh Roinn an Chultúir ag seoladh an chumainn úir ar 11 Márta, Cultúrlann Mac Adaim Ó Fiach @ 7:30 i.n. le haoichainteoirí. Seolfar an cumann in ómós do Chaoimhín Mhac Bhrádaigh, Óglach, ar chomóradh 20 bliain a bháis, cara agus comrádaí, a maraíodh ag gníomhaithe na Breataine ar 16 Márta 1988.
Tá ráite ag Séanna Walsh, Cathaoirleach Roinn an Chultúir:
“Caithfidh an ghlúin óg dul amach inniu agus eiseamláir Chaoimhín Mhic Bhrádaigh a leanúint ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh gníomhaíochta poblachtánachais de. Tá an cumann úr seo ina chuid thábhachtach de seo.”
Creideann Sinn Féin go docht i slánú agus i gcur chun cinn na Gaeilge. Beidh Sinn Féin ag seoladh roinnt cumann úr Gaeilge ar fud na hÉireann.
Má tá suim agat bheith páirteach sa togra corraitheach seo, bí linn san obair thábhachteach. Bí i dteagmháil le Séanna ar 028 90223000 nó cuir ríomhphost chuig: [email protected] nó scríobh chuig:
Roinn an Chultúir Sinn Féin, 53 Bóthar na bhFál,, Béal Feirste, BT12 8PD

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland