7 February 2008 Edition

Resize: A A A Print

Ár mbuíochas do na laochra sin

Le Gerry Adams  

Aibreán seo le teacht, beidh Comhaontú Aoine an Chéasta deich mbliana ar an tsaol.
Go dtí an pointe sin bhí an Ghaeilge ó thuaidh in áit na leathphingine i gcomparáid lena láidreacht sa lá ata inniu ann.
Ní hé sin le rá go bhfuil achan rud foirfe anois. Níl sé.
Ach is amhlaidh go bhfuil fás na Gaeilge, ó thaobh oideachais de, ó thaobh an phobail de agus ó thaobh labhairt na teanga de i bhfad níos láidre sa taobh seo tíre anois ná am ar bith eile roimh an chríochdheighilt.
Ní bhaineann an Ghaeilge le cuid den phobal amháin. Is linne uilig í.
Imríonn Sinn Féin ról lárnach san obair seo. Is iomaí bliain atá muid ag obair i bpáirtíocht le grúpaí Gaeilge.
Rinne Sinn Féin cinnte dearfach de go mbeadh An Ghaeilge scríofa isteach i gcoinníollacha Chomhaontú Aoine an Chéasta agus in athuair go mbeadh sí ar chlár chomhráití Chill Rìmhinn agus go mbeadh dul chun cinn breise sa chomhaontú deireanach a tháining amach astu.
Tá Sinn Féin tiomanta do thógáil ar mhóiminteam na mblianta beaga seo. Tá muid tiomanta do shochaí dhátheangach a chruthú.
Creideann Sinn Féin go láidir gur gá an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn, agus tá gach iarracht againn dírithe ar na spriocanna sin.
Tá imní mhór cruthaithe ag dearcadh diúltach Edwin Poots, Aire Cultúir an DUP i leith na Gaeilge, agus go háirithe an dóigh ar phléigh sé le hAcht na Gaeilge agus le Ciste Craoltóireachta na Gaeilge.
Go háirithe agus Measúnachtaí Tionchair Chomhionannais i bhfeidhm anois le haghaidh Chlár an Rialtais, an Bhuiséid agus na Straitéise Infheistíochta, déanfaidh Sinn Féin a ndícheall lena chinntiú go mbainfear úsáid as an mheicníocht seo lena chinntiú go bpléifear go cothrom agus go cóir leis an earnáil labhartha Gaeilge.
In ainneoin an chatha a bheas ann amach anseo le baill den chóras pholaitiúil a bhfuil an nimh acu don Ghaeilge, leanfaidh Airí Shinn Féin leo, taobh istigh dá gcuid ranna rialtais, a thabhairt tosaíochta don Ghaeilge, an tosaíocht atá tuillte aici.
Tá a fhios ag Sinn Féin go bhfuil páirththe i gcoinne na Gaeilge, ach creidim má obríonn muid le chéile le heagraíochtaí Gaeilge agus le gníomhaithe, gur féidir linn na deacrachtaí a shárú agus forbairt a dhéanamh.
Ciallaíonn seo bheith ag cur brú go leanúnach ar Edwin Poots ar son Acht na Gaeilge. Chomh maith leis sin, ciallaíonn sé ag éileamh acmhainní oiriúnacha chun Ciste Craoltóireachta na Gaeilge a chosaint fosta.
Tá Ciste Craoltóireacht na Gaeilge ar na gnéithe is rathúla de Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ach, tá go leor dul chun cinn déanta le deich mbliana anuas. Ach tá neart le déanamh go fóill.
Ag croílár na díospóireachta seo agus na n-iarrachtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá ceist na gceart. Tá cearta ag lucht labhartha na Gaeilge, na cearta céanna atá ag gach saoránach eile, ina measc sin, an ceart ar a dteanga dhúchais a labhairt i ngach gné dá ngnó agus dá saol sóisialta.
Tá meas tuillte ag gach teanga agus ba chóir faill a bheith ag gach pobal ar sheirbhísí ina dteanga féin.
Tá mé go fóill cinnte de go mbainfidh muid amach Acht na Gaeilge.
Is ón ghnáthphobal a tháinig an spreagadh agus an dul chun cinn seo, agus ba é díograis na múinteoirí, na dtuismitheoirí, na ngníomhaithe teanga agus cuid mhór daoine eile a choinnigh beo leis na blianta é.
Ár mbuíochas do na laochra sin.” Críoch


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland