Top Issue 1-2024

7 February 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Fear Lasta Lampaí

Is cuimhin liom agus mé ar scoil ag déanamh dán de chuid  Máirtín Ó Díreáin Fear Lasta Lampaí. Tá na focail uilig imithe amach as mo chloigeann anois ach dhá line:
“Bá draíodóir an fear beag
a raibh an solas ina ghlac.”
Sheas mé insan scoil in ar scaoileadh Ché Guevara cúpla lá ó shoin agus sé seo an t-aon rud a tháinig isteach i mo cheann, níl a fhios agam cén fáth, nó shílfeá go mbeadh mothúcháin an choirp i bhfad níos láidre ná cuimhneacháin den tsort seo.
Ach cibé ar bith bhí mo intinn ag déanamh ceangal idir an fhear seo agus áit dúchais muintir a athair.
Ar mhothaigh duine agaibh ar Anna Isabel Lynch. Ba í seanmháthair Che Guevara agus ba de bhunadh Gaillimhe í do réir mar a théinn an scéal, an condae céanna as a dtagann Mairtín Ó Díreain a scríobh an dán úd a bhfuil mé ag cuimhneadh air.
D’inis mé le mo chara faoi Che agus a cheangal le Éireann.
Fa choinne sibhse nach bhfuil a fhios agaibh faoin fear lasta lampaí a rinne iarracht an bladhaire Soisialach a spréadh fríd an domhan mhór  le módhanna réabhloideach seo cuntas goirid daoibh.
Rugadh Ché 14 Meitheamh 1928, i Rosario Airgintín.
7 Meitheamh 1953, thaisteal sé frid Meiriceá Theas
1954 Mean Fómhair, casadh bunadh Cuba air i Meisiceó.
1954 - 1964 D’oibrigh sé agus throid sé ar son Chuba agus an reabhlóid Soisialacha.
1965 Congó... ag ithe Big Macs agus ag rith i ndiaidh mná nocht
1966 Bolivia.
1967 Maraíodh é I Bolivia.
Sílim fhéin nach bhfuil an blaidhre a las sé na blianta fada ó shoin múchta go fóill, fiú anseo i mBolivia tá meas agus grá ag na gnáthdhaoine air.  Siombal atá ann - tuigeann daoine go dtig rudaí a athrú ‘s cuma caidé agus comh holc agus atá siad. Seo an meon atá ag na daoine atá beo bocht agus atá ‘na chonaí i mbotháin de thithe lena gcuid ainmhithe.
An té atá siopa beag nó bialann beag acu ba an diabhal é Che, tá an dream seo sásta go bhfuil a saol níos fearr ná daoine na mbotháin.
Tá dream an airgid anseo ag iarraidh neamhspleáchas a fháil do Santa Cruz agus scoilt iomlán a bheith idir iad fhéin agus daoine dúchais na tíre agus an tír í fhéin.
Ach inniu tá Morales ag déanamh iarracht an blaidhre seo a iompar agus fadhbhanna na tire a réiteach ach go dtí seo sílim fhein nach bhfuil an cuidiú aige, tá an cuma ar an scéal go bhfuil sé ag iompar i bhfad barraíocht ar a dhroim.
Ach caidé a bhfuil a fhios agamsa, dá mbéadh a fhios agam caidé an dóigh le fadhbanna a réiteadh nach ndéanfainn i mo thír fhéin ar dtús e?
B’fhéidir nach bhfuil cumhacht ar bith ag na gnáth daoine níos mó, b’fhéidir nach bhfuil cumhacht ar bith ag aon rialtas, an dtig linn a rá go bhfuil dream cumhachta ar chúl achan tír agus achan rialtas ag coinneál achan nduine gníomhach agus ag tabhairt píosa beag cumhacht daofa thall agus abhus do dhaoine áirithe nuair a fhorann sé daofa. B’fhéidir go bhfuil mé lán  de luchógaí bána agus duilleoga cóca!
An babóg ar théid tusa? An gcaithfidh tú fanacht le duine inteacht a inse duit an  blaidhre a iompar agus é a scapadh.... Má thógann tú an blaidhre seo an dtig leat a bheith cinnte gur thú fhéin a thóg é nó an é  fear na téide a thug ort é a dhéanamh!
Níl a fhios agam ar chuir na ceisteanna seo isteach ar Che ach má chuir char stap siad é ag obair ar son na daoine. Sé an rud a stap é no fir na téid!

Foclóir

Fear lasta lampaí...flame carrier
cloigeann...head
bothain...small shack
barraíocht...too much
fa choinne...for
modhanna...tactics
cuimhneacháin...memories
bialann...restaurant
dúchas...native
cumhacht...power


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland