Top Issue 1-2024

31 January 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Íocann an Neamhchiontach...

STOP MO BHUS i bpríomhchathair stairiúil na Bolaive inniu – Sucre. Ag an phointe seo cha dtig liom a rá gur mhaith liom na bailte móra seo, sílim i gcónaí go mbíonn i bhfad níos mó le fheiceáil sna ceantair iargúlta i measc na sléibhte arda agus paistí beaga de thalamh glas. Ach thig liom mo lámh a chur thar mo chroí agus a rá libh go raibh mé contráilte an t-ám seo. Cha raibh mé i bhfad sa bhrú óige nuair a casadh grianghrafadóir as Baile Átha Cliath orm atá na chónaí anseo i Meiriceá Theas le dhá bhliain. Thosaigh an comhrá mar a thosaíonn sé i gcónaí in áit choimhthíoch le duine coimhthíoch . . . cé thú fhéin . . . cá as a dtig tú srl. Ach nuair a d’éist mé leis an fhear uasal séimh seo bhí a fhios agam gur casadh scéalaí úr den scoth orm  – ar ndóigh tá bua an scéalaí agus scéal maith chomh gann leis an iolar sa bhaile anois, ach fiú murar úsáid an grianghrafadóir – Eoin Mac Anna – mórán focal lena scéal a insint chonaic mé ina chuid pictiúr de dhaoine Bolavacha scéal na tíre. Bhí broinglóid aige achan ghné de phobal na tíre seo a fháil lena cheamara. Cha raibh sé ar an ‘gringo trail’ nó ag leanúint na  ‘flash packers’ ar thurais bhus.
Le cúpla lá bhí sé i bpríosún Sucre i measc mhná an phríosúin. Scéal brónach truacánta scéal na mban seo. Beireadh orthu uilig ag iompar drugaí den phlanda Coca thar an teorainn leis na tíortha atá buailte ar an Bholaiv ach chan drochdhaoine atá iontu. Cha raibh agam le súil a leagadh orthu lena fheiceáil gur daoine soineanta iad nach raibh an dara rogha acu. Bhí airgead de dhíobháil orthu le bia a chur ar an bhord agus a gcuid páistí a chothú! Níl mé ag rá go n-aontaím leis an dóigh ar imigh siad fá dtaobh de seo, ach tháinig deor le mo shúile nuair a chonaic mé go raibh a gcuid páisti ina gcónaí i ngéibheann leo.
Príosún ait atá san áit seo - thig leis na páistí imeacht agus a teacht ar ais nuair a chaitheann siad, m.sh. ag dul chun na scoile ar maidin.
Samhlaigh do thachrán ag dul chun na scoile agus an príomhoide á cheistiú - cé tusa? Cá bhfuil tú i do chónaí agus cén fáth nach bhfuil do mháthair leat???
I Mí na Samhna seo a chuaigh thart maraíodh triúr scoláire de chuid na hollscoile ar an bhaile seo, de réir an phobail áitiúil ba iad na péas ba chiontach - sheas na mic léinn gualainn le gualainn in éadan na bpéas – bhí mórshúil acu, ach de réir mar a bhí an mórshiúl ag méadú thosaigh tuilleadh agus tuilleadh scoláirí a throid ar shon a gceart, thog siad brící agus cibé eile a bhí siad ábalta lámh a leagan air agus ag ionsaí na bpéas in achan eile choirnéal den bhaile. Sa deireadh thiar thall dúirt an tUachtarán Emo Morales le pobal an bhaile a dtithe a fhágáil agus an chathair a thréigean.
Dódh oifigí an phríosúin agus ar feadh trí lá fágadh Sucre gan péas ná saighdiúir. Bhí geaftaí an phríosúin ina luí oscailte – d’éalaigh 60 den 170 cime a mhair taobh istigh. Ach bhí dream amháin nár rith – ba iad na mná agus a gcuid páistí.
Chuir sé iontas orm féin nuair a cheistigh mé iad, nach ndearna siad iarracht éalú, mar a dúirt mé fein leo dá mbeinn in áit s’acusan bheinn imithe!
D’aontaigh siad liom agus thuig siad a raibh á rá agam ach mhínigh siad dom nach mbeadh siad saor choíche mar bhí siad ciontach sa chéad áit agus go raibh siad ag iarraidh a n-ainmneacha agus a n-anamacha a ghlanadh.
Shuigh mé ar stól beag taobh amuigh de na seomraí s’acu, d’amharc sé cosúil le cúlsráid i mBaile Átha Cliath céad bliain ó shin – cúig dhoras bheaga ag amharc amach ar chearnóg bheag chúng le geaftaí móra ar thaobh amháin agus leithreas ar an taobh eile.
Thóg an tUasal Mac Anna amach a cheamara agus ghlac pictiúir, ach rinne sé níos mó ná pictiúir a ghlacadh – chuir sé suim sna daoine seo, rud a thug uachtach dóibh, thug sé féinmhuinín dóibh chomh maith le bréagáin do na páistí agus málaí aráin agus glasraí!
D’imigh an bheirt againn fá choinne deoch tar éis an príosún a fhágáil, mhol mé a chuid oibre ach char ait a chloigeann, tháinig náire air, d’éirigh sé míshásta ann féin agus gruama.
Arsa sé, níl anseo ach cuid den scéal iomlán, cad é faoi na ‘daoine maithe’ sna tithe móra leis na carranna móra úra a d’fhág anseo iad agus na conquistadores a scrios an tír sa chéad áit!
Creidim féin go bhfuil an rialtas agus Morales ag déanamh scoth oibre ach tá tuilleadh le déanamh acu.
An dara lá d’imir muid cluiche peile leis na fir – bhí sé níos fearr ná cluiche ceannais domhanda. Bhí na fir, mná, páistí agus péas an phríosúin ag coimhéad an chluiche. Shílfeá gur bhain siad an lotto, cha raibh le feiceáil ach fiacla bána in achan áit agus cha gcloisfeá ach gáire glórach na bpáisti agus mná sa chlós!
Guím go bhfeicfidh mé na pictiúir agus toradh obair Mhic Anna ina iomláine am inteacht agus in áit inteacht, guím go mbeirfidh an rialtas nó muintir na tíre ar na ‘daoine maithe’ seo agus guím go mbeadh glór i gcónaí ag achan duine is cuma cé hiad! Amen
Nó is fíor an seanfhocal – íocann an neamhchiontach as olc na muintire eile uilig!!!

Foclóir

cha dtig liom...I could not
iargúlta...backward
soineanta...innocent/naive
cha raibh an...they didn’t have
anam...soul
cúlsráid...back street
náire...shame
tuilleadh...more


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland