31 January 2008 Edition

Resize: A A A Print

16 Feabhra 2008 - Éiligh bhur gcearta

Le hÉamann Mac Mánais

Beidh mórshiúil go lár cathrach Bhéal Feirste ag tarlú Dé Sathairn 16 Feabhra 2008, é eagraithe ag POBAL atá ag díriú ar íomhá dearfach na Gaeilge a ardú don Ghaeilge.
Ag caint i gCnoc an Anfa inniu agus Ag tacú le feachtas nua POBAL ‘TÁ’ dúirt úrlabhraí Shinn Féin ar chúrsaí Ghaeilge, Francie Brolly BT,
“Beidh mé i mBéal Feirste dé Sathairn 16 Feabhra ag céiliúradh teanga s’againne agus ag éilimh cearta teanga, cearta daonna do na Sé chontae.
“Sa lá atá inniu ann, tá an Ghaeilge ag fás as cuimse, agus tá méadú leanúnach ar an líon daoine óga atá ag iarraidh í a labhairt.
“Is í an dóigh is fearr agus is éifeachtaí lena chinntiú go leanfar le fás agus forbairt na Gaeilge ná í a bheith ina cuid bhríomhar de ghnáthshaol na ndaoine.
“Tá sé rí-thábhachtach fosta go ndéanfaidh muid an méid atá bainte amach i gcothú agus i bhforbairt na Gaeilge le blianta beaga anuas, a cheiliúradh.
“Tá an ceiliúradh ar an 16 Feabhra ina chuid thábhachtach de seo.
“”Tá sé rí-thábhachtach go mbeidh na mílte ag léirsiú san ócáid cheiliúrtha seo don Ghaeilge.
“Tá coimitmint ag Sinn Féin le cinnte a dhéanamh go mbeidh stádas chomhionann ag an teanga. Molann Sinn Féin obair POBAL ar an abair seo agus táim go han sásta go mbeidh grúpaí eitneacha, daoine aonaracha, grúpaí Gaeilge, grúpaí Béarla, scoileanna, comhairlí áitiúla, cumainn tionóntaí, comhphairtíochtaí, ceardchumannaithe agus ealaíontóirí uilig páirteach.
Anuas air sin, dúirt an t-Uasal Brolly go bhfuil,
“Tá aisling don Ghaeilge ceart-bhunaithe riachtanach de dhíth ag Edwin Poots agus gurb é sin an tslí is fearr chun cearta cainteoirí Gaeilge sa tuaisceart a chaomhnú agus a fheabhsú amach anseo. Faraor, tá an deis caillte ag Edwin Poots an lámh a shíneadh amach do chainteoirí Gaeilge sa tuaisceart agus chun ilteagachas agus éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn ar bhealach atá cuimsitheach agus dearfach.
“Tá sé rí-thábhachtach go mbeidh cearta na Gaeilge cosanta. Caithfear atmaisféar a cothú inar féidir leis an Gaeilge fás agus forbairt, áit a bhfuil stádas dleathach ag ar dteanga inar dtír araon.
“Ní bheidh scíste ag Sinn Féin go dtí go mbunófar todhchaí slán don theanga.”
Bígí ann ar an 16 Feabhra, an Ghaeilge abú!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland