Top Issue 1-2024

10 January 2008 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

FRISBEE GLAS NA hÉIREANN

Go dti seo sa bhaile bhí a fhios ag achan nduine idir óg agus aosta, ó na bailte is mó go dtí na bailte fearainn is lú, cá h-áit a raibh na ceantaracha is láidre fa choinne cluichí airithe m.sh. Ciarraí fa choinne Peil, Corcaigh fa choinne Iomanaíocht agus peil, Luimnigh fa choinne rugbai, Oilean Acala fa choinne teoraiocht an dreoilín agus Loch Garman fa choinne pósadh na gcolcatharacha
Fiú amháin má théann tú amach i mBaile Átha Cliath, tá tithe tabhairne áirithe ann agus clubanna oíche a dtéann lucht an C.l.G. no F.A.I no I.R.F.U. amháin, ach ag rá sin tá áiteacht eile atá meascaithe. Agus ins sna áitheacha seotha tá sé furast na dreamanna éagsúla a aithint – léinteacha éagsúla agus dathanna éagsúla agus má tá  muinéal an léine thíos, leath tógtha nó na sheasamh mar a bheadh sé ar Dracuala é fhéin, beidh a fhios agat cé h-iad!
Bhíomar an cleachtaithe le greim grá ar an muinéal taobh thiar den Dioscó ag fás suas i dTír Chonaill agus Mars bar a thabhairt don chaiín sa pháirc agus an gaoth ag séideadh tríd ar bhfothbhrístí agus é ag cur sneachta ar mo thóin nocht.
Ach tá ceist agam daoibh, cén foireann Éireannach atá sa 6ú áit in Eorap in a gcluiche fhéin agus a tháinig  sa 4ú áit  coicís ó shin i Maceio i mBrasil i gcluichí domhanda? Níl ach 300 nó mar sin ag imirt an cluiche atá i gceist i gcomparáid le 40,000 i Stáit Aontaithe Mheiriceá!
´S é an cluiche atá  i gceist ná “Ultimate Frisbe”!
Tá an dream seo faoi láthair ag lorg aitheantas ó Chomhairle Spóirt na hÉireann.
gan cuidiú ó nduine dhíol achan ceann de na himirtheoirí seotha 2000euro le páirt a glacadh sa chomórtas – glac siad ám breise ón na gcuid oibre le leine glas na hEireann a chaitheamh i mBrasil!
Tagann na h-imreoitheoirí as  Corcaigh, Áth Cliath, An Mhí, An Chlár,Tír Chonaill agus OIlean Mhannain mar níl aon rud eile le déanamh acu ina saol seachas bataí líreacháin a bhailiú.
Tá an cluiche ultimate frisbe cosúil le rugbaí  ar ndóigh mar caithfidh tú an frisbe a fháil thaire líne áirithe le pointe a fháil ach cosúíil le cispheil ar dóigh eile mar tá cúigear ar achan fhoireann ,agus níl aon réiteoir!
Bhuail ár bhfoireann fhéin na foirne is mó agus i láidre i mbliana, Sasan agus Ceanada(an foireann ab fhearr ar an domhan ar a’ bhomaite) agus chaill siad le dhá phointe nuair a d´’ímir siad S.A.M.
Cha dtiocfadh le nduine de na foirne mhora é a chreidmheal go raibh ar dtír beag fhéin le cúpla club ins na hOllscoileanna mhóra ábalta theacht an fhad agus a tháing siad.
Ach cosúil le lear mó laochra Eireannacha chan fhuair siad aitheantas ar bith ó na mean cumarsáide sa bhaile, ach tá athas orm a rá go bhfuil An Phoblacht ábalta seo a dhéanamh!
´S é  an rud is fearr faoi an cluiche seo nó thig l’achan nduine é a imirt, cha chaitheann tú a bheith ró lufar nó laidir agus sin an fath go bhfuil na Poncanaigh chomh maith leis, ag caitheamh leath a saoil i McDonalds agus an leath eile ag dunkáil donuts!
Ins na príomh comórtais cluíonn siad leis  an sean smaoine agus dlíthe Cheilteach nach bhfuil difir ar bith idir bean nó fear – tá siad ar chom chéim le chéile.
Labhair mé le ceann de na h-imreoirthí, mar iriseoir ón An Phoblacht, agus cheistigh mé é faoi a gheansai agus an bhfuair sé culaith ratha nó bróga no dhath “saor” ar shon a shaothar.
 
Arsa sé nach bhfuair agus nach raibh dhath mar sin de dhíth air.
Mar cha chaitheann tú léine speisialta a chaitheamh nó amhrán na hÉireann a cheol le bheith do Éireannach nó fiú léine glas a chaitheamh.

B´fhearr do lucht Phairc an Chrocaigh agus Lansdún  a bheith cúramach, tá lucht an frisbe ag teacht chomh suaimhneach sin go mbeadh siad istigh bhur mullach roimhe i bhfad.
Aréir nuair a bhí muid uilig na shuí thart an brú óige thosaigh an comhrá faoi cluichí domhanda, labhair achan nduine faoi na cluiche éagsúla, cheistigh boic boic eile faoi an Premiership agus scóranna an lá sin, bhí mé fhéin ag titim mo chodladh, agus mo bikini buí orm,  ag caint faoi na rudaí seo, atá gan ciall, mar nuair a labhraíonn tú faoi rudaí mar seo stopann d’intinn ag smaoineamh faoi na rudai is tabhachta m.sh. bochtanas, ólachan, bataí líreacháin, mo bheainseó agus bean Joe.
Ach sul ar dhruid mo chuid súile mhothaigh mé cailín ón Fhionnlainn ag cur ceist ar an dream an raibh a fhios ag nduine faoi na cluichí frisbe a bhí i mBrasil! cá h-áit a raibh mise na blianta fada seo nuair nach mhothaigh mé iomra ar leithid de spoirt!
Creidim gur seo an rud is fearr faoi ag castal le daoine úra agus ag fail aithne níos fearr ar cairde ura, go bhfuil rudaí ins an domhan nach bhfuil a fhios againn faoi go fóill agus go dtig linn uilig rudaí úra a gconaí a fhoghlam, ach ar dtús caithfidh muid cluas eisteachta a thabhairt d’achan nduine agus Mars bar sa pháirc agus caithfidh muid corr uair adhmhál nach bhfuil a fhios againn achan rud.
Chuaigh mé arais go dtí mo chrann le mo bheanseó!

Foclóir

frisbe...sport for bad hurlers
fothbhríste...thunderpants
éagsúl...various
meascaithe...mixed
aitheantas...recognition
ollscoil...university
iriseoir...journalist
de dhíth...desired
beanseó...musical instrument and/or next door neighbour
corruair...occasionally


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland