Top Issue 1-2024

20 December 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Nollaig le Scrooge

Ní raibh aon Nollaig againn faoin tuath go dtí go raibh mé ocht mbliain d’aois mar ní raibh aon leictreachas againn agus bhíomar ró sprionnlai chun é a chaitheamh.
Bhíodh císte milis ag an sagart paróiste agus bhailigh an pharóiste lasmuigh dena theach ag súil le sliseán nó dhó ón Padre, ach Buíochas le Dia ni bhfuair mé smarties ar bith uaidh .
Nollaig amháin chaith sé amach na cnámha ón turcaí agus rinneamar anrath blasta as.
Thaitin an Nollaig liom níos mó nuair a bhí leath na tíre dí fhostaithe agus muid ar fad ag tiomáint thart san Anglia, go hiomlán ainneolach ar na SUV’s agus Cathal Ó hEochaidh ag caitheamh ár n-airgid ar léinte ó Pháras.
Nollaig amháin fuair mé geansaí peile United ón Sasanach ramhar sin sa simléar agus chaith mo Mhamó amach é mar “ ní sin an fáth a fuair na laochra bás i 1916”.
 Ghearr m’athair sceach ón pháirc agus mé naoi agus chlúdaíomar é le péint charra ach bhí orainn é a chaitheamh amch sular fuaireamar bás ón mboladh ceimiceach.
    Agus mé deich mbliain d’aois bhí an fliú orainn ar fad agus tharraing mo Mhamó amach buidéal poitín agus bhí sé fiche uair níos measa ná aon tinneas.
Níor ól mé é ó shin.
Agus mé dó dhéag cheannaíomar ár gcéad teilifís daite agus bhíomar in ann amharc ar na réaltaí galánta Sue Ellen agus Twink- ní raibh orainn cur suas le
Amy Nic AnTeachFíon nó Sean Mac An Airgead um a dtaca sin.
 Bhí tréimhse ann nuair a thugamar cuireadh d’ár gcolceathracha teacht timpeall ach d’ól siad an poitín ar fad agus bhí orainn iad a chur go dti an ‘garáiste’ , áit a rinne siad cístí RiceKrispies le Mamaí Francie Brady.
Bhí mo chloigeann chomh corraithe ón phoitín agus mé trí déag gur cheap mé go raibh Des O’Connor ar an teilifís agus go raibh leath na tíre ag éisteacht l’óráid ó Bhanríon Éilis agus a bréagfholt daite.
Agus mé cúig déag fuair mé ‘Blow Football’ ón bomán ramhar agus bhí orm é a roinnt le mo seisear dheartháir.
Bhí sifrín ag athann imreoir chun an liathróid plaisteach a bhogadh ach bhí an pairc faoi uisce i ndiaidh deich bomaite agus bhi orainn filleadh ar
Des O’ Connor.
Déanadh céasadh orainn gach Oíche Nollag nuair a tharraing mo Mham’ muid ar an cluas go dti Aifreann Meánoíche agus bhí orainn suí in aice leis na
 meisceoirí agus iad ag glanadh a sróin ar ‘j-cloth’ agus ag canadh amhráin lofa.
Agus mé fiche fuair me liathróid ach phléasc sé agus bhí mé in ann filleadh ar an iomáint, in ionad ag cur m’ám amú ar an peil an phortaigh.
Cheannaigh m’athair rothar ón lucht siúil agus mé triocha ach thit sé as a chéile taréis cúig bhomaite agus ní bhfuaireamar aon tarramhacadam uathu ó shin.
Buíochas le Dia tháinig deireadh leis an deabhal Nollaig agus mé i mo dhéagóir nuair a bhí mé in ann éadaí dubha a chaitheamh, leath an lae a chaitheamh sa leithreas ag imirt snúcar phóca agus suí ar fallaí ag comhaireamh busanna.
Bhíomar ró-shoinneanta drugaí a ghlacadh nó carranna a ghoideadh mar níor thaispéan éinne dúinn conas na rudaí sin a dhéanamh.
Na laethanta seo tá leath na cathrach ag rith thart agus fainic orthu le fiche málaí lán le bruascar ó Vodafone agus Versace.
  Caith cúpla tiúin sa Cobblestones agus déan cúpla míle rith i bPáic an Fhionnuisce.
Agus maidin Nollag rith síos go Statoil i gcomhair an rolla bhricfeasta le catchúp.
Nach raibh Charlie iontach an bealach a fuair sé na pas bhus do na seandaoine agus é ag rith thart ar a bhád le Terry Keane.
Agus cad é an sceal le Paisley agus na brístí a théann suas go dtí a ngualainn – ba chóir do Mhairtín Mac Aonghusa péire 501’s a cheannach do i Nua Eabhrac!
Nollaig Shona mo thóin!

Foclóir

ró-sprionnlaí...too miserable
Amy Nic AnTeachFíon...Amy Winehouse
Seán Macan Airgid...Johnny Cash
an garáiste...the big house where half the parish lived
bréagfholt...wig
déagóir...teenager
snúcar póca...pocket snooker
soinneanta...innocent
gualainn...shoulders


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland