Top Issue 1-2024

20 December 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cuimhní ar Nollaig Phoblachtánach

le Labhras ó Donnghaile

Cathaoir folamh ag dinnéar na Nollag, m’athair i ngéibheann i gCampa an Churraigh, trí bliana i ndiaidh a chéile, mé féin agus beirt dheirfiúr len ár máthair, gan de theagmháil againn leis ach litir a tháinig uaidh faoi chinsireacht an Churraigh, seo é an chuimhne Nollag is láidre ó m’óige.
Ní mise an taon Phoblachtánach a bhí gan athair aimsir na Nollag le linn na ndaicheadaí ach na céadta eile teaglach Poblachtánach ar fud na tire a dfhulaing an pionós céanna, a bhuíochas sin do Rialtas Fianna Fáil.
Máithreacha agus a gclann óg fágtha gan teacht isteach ar bith, ag brath ar na gcomharsana charthannacht fá choinne greim bidh, go dtí go bpillfeadh a n-athair abhaile.
Ag an ám céanna bhí droch-ám ag na fir óga ins na príosúin  tuairim dhá mhíle acu ar fad i rith na ndaicheadaí i bpríosúin éagsúla ar fud na 26 Condae, gan trácht ar na céadta eile ins na 6 Condae agus i Sasana.
  De réir a chéile scaoileadh saor iad agus mhair an chairdeas eatorra go dtí lá a mbáis. Is cuimhin liom na cartaí Nollag a tháinig chuig   m’athair gach bliain – cartaí Brian Ó hUiginn le teachtaireacht tír-ghrá orthu. Ar ndóigh bhí tír-ghrá i bhfaisean san ám agus ba mhaith le daoine cartaí Nollag Gaelach a cheannach.
Cartaí Nollag a bhí clóite i Sasana bhíodh leithscéal scríofa orthu mar nár fhéad na daoine sin cartaí Gaelach a fháil.
I lár na gcaogadaí  taréis Ruathair an Ómaigh, tosaíodh arís ar na príosúin a líonadh sa Tuaisceart le Poblachtánaigh agus is iomaí Nollaig a chaith siad ansin, cuid acu suas le 8 mbliana. Ar lá Nollag ‘54 bhí bailiuchán againn i Loch Garman ar shon teaghlaigh na bpríosúnach, an bailiúchán is fearr dá raibh againn riamh. Cuireadh litreacha agus cartaí Nollag chuig na gcimí chun a spiorad a thógáil linn an droch ám acu i bpríosún. Taobh amuigh de na príosúin bhí na céadta de fhir óga ag caitheamh Nollaig i ndiaidh Nollaig ar a seachnadh, sciobóil agus i bhfolamh  i bpoill faoi thalamh. Cuimhnímis orthu siúd a bhí páirteach sa bhfeachtas troda agus iad siúd a thug a mbeatha ar shon ár dtíre. Ar mbuíochas dóibh siúd uilig atá luaite go bhfuil feabhas ar chúrsaí an Tuaiscirt cé nach bhfuil deireadh ráite fós. Smaoinigh orthu uilig agus tú ag ithe dinnéar na Nollag.
Nollaig na bPoblachtánach a D’imigh Romhainn
Bhí an Nollag mar gach lá eile i bpríosún ag cimí na bhFiníní, “Éireannaigh Óg” agus príosúnaigh 1798. Dfhulaing Ó Donabháin Rossa agus a chairde ciapadh agus céasadh i bPríosún Portland agus eile i Sasana. Bhí laincísí ar a chosa agus a lámha agus b’éigean dó bia a ithe lena bhéal ón talamh mar mhadra.
Taréis Éirí Amach na Cásga 1916 bhí dream mór Éireannach i bpríosúin Frongach, Knutsford, Glasgow, Lewes, Wandsworth agus Stafford ach scaoileadh saor iad don Nollag.   Cé gur fhulaing siad bhí spiorad an Aiséirí iontach agus bhí siad do-chlóite mar bhí dóchas acu ins an todhchaí.
Sinne Poblachtánaigh a fuair ár n-oidhreacht ó na daoine cródha seo a chuaigh romhainn, tá sé mar phribhléid againn a bheith páirteach sa spiorad uasal seo. Sinne atá ag dul in aois, tá súil againn go bhfeicimid Nollaig a mbeidh ár dtír aontaithe agus Gaelach.
Le linn an áma seo leanann an Cogadh ar aghaidh san Iraq. Agus leanann an ciapadh ar na priosúnaigh atá a niompar tríd Aerfort na Sionna, in ár nainm. Cosúil leis na Finíní beidh laincísí orthu ar Lá Nollag, comh maith le gach lá eile, agus sin in ár n-ainm ! Agus iad ar a mbealach chun ciapadh agus céasadh i bpríosiún Mheiricéa. Is beag meas atá acu ar theachtaireacht na Nollag, teachtaireacht an Chríostaí a dhéanann céasadh orthu. Cuirimís seo i gcomparáid le fulaingt ár ndaoine féin faoi réim Shasana.
Cuimhnímis orthu an lá Nollag.

Foclóir

I ngeibheann...incarcerated
teagmháil...contact
oidhreacht...heritage
ciapadh agus céasadh...torture
teachtaireacht...message
fulaingt...suffering
gan tracht...without mentioning
laincisí...chains


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland