Top Issue 1-2024

20 December 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cruinniú ag Adams le Ó Cuív faoi Acht Gaeilge

Rosie McCorley, Francie Brolly MLA, Gearóid Mac Ádhaimh MP MLA agus Aengus Ó Snodaigh TD leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Eamon Ó Cuiv i ndiaidh cruinniú leis maidir le feachtas Acht na

Rosie McCorley, Francie Brolly MLA, Gearóid Mac Ádhaimh MP MLA agus Aengus Ó Snodaigh TD leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Eamon Ó Cuiv i ndiaidh cruinniú leis maidir le feachtas Acht na

BHUAIL Gearóid Mac Ádhaimh agus toscaireacht ó Shinn Féin, Francie Brolly MLA agus Aengus Ó Snodaigh TD san áireamh, le hAire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív  Déardaoin, 13 Nollaig.
Glaodh an cruinniú chun plé a dhéanamh ar Acht Gaeilge a bheith ann don tuaisceart.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Uachtarán Shinn Féin, Gearóid Mac Ádhaimh:
“I mí Dheireadh Fómhair, dhiúltaigh an tAire Poots Acht Gaeilge a rith do na Sé Chondae.”
“Ritheann an cinneadh sin i gcoinne spiorad agus focail Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Chomhaontú Chill Ríbhinn. Sa dara comhaontú ansin ach go háirithe, comhaontú ar aontaigh na páirtithe ar fad agus an dá Rialtas air, tá coimitmint iontach soiléir d’Acht Gaeilge ag tógáil ar shampla na Breataine Bige agus na Sé Chontae is Fiche, agus gealltar obair a dhéanamh i dtreo chaomhnú agus chosaint na Gaeilge.
“Mar sin, tá ról lárnach le himirt ag Rialtas na hÉireann i gcur chun cinn an ábhair seo. Cuirfidh Sinn Féin an tAire Ó Cuív ar an eolas faoin staid reatha agus i dtaobh na n-iarrachtaí atá ar bun chun an tAcht a bhaint amach.
“Beimid ag iarraidh ar an Aire tacú leis an éileamh ar Acht Gaeilge don tuaisceart agus acmhainní uile a oifige agus a rialtais a úsáid san fheachtas ar son an Achta
“Is í athbheochan na Gaeilge an t-údar is mó bróid ag an tír seo go cultúrtha. Tá lion na gcainteoirí Gaeilge ag méadú agus ag méadú. Tá daoine óga á n-oiliúint níos mó trí mheán na Gaeilge ná le fada an lá agus ní mór dúinn a dtodhchaí agus a gcearta a chinntiú trí reachtaíocht”
“Ní haon bhagairt d’éinne í an Ghaeilge. Níl sí riachhtanach. Níl cearta Gaeilge mar bhagairt d’éinne. Tá géargha le hAcht Gaeilge chun tacaíocht dlí a thabhairt dóibh siúd ar mhaith leo a saoil a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.
“Ach ag an am chéanna, ní raibh Acht de dhíth le haghaidh Gaeltacht Bhóthar Seoige, Meanscoil Féirste, Lá Nua, Gaelaras nó An Chultúrlann.
“Bhí obair de dhíth agus chuaigh daoine amach chun an obair sin a dhéanamh. Agus leanfaidh muid leis an obair, ach tá cearta acu agus ba chóir go mbeidh cearta s’acu cosanta trid reactaíocht Acht na Gaeilge.”
GUE-NGL-new-Jan-2106

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland