Top Issue 1-2024

29 November 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint Le Séarlas De Geailf

Bean ar Meisce

Tá mé i ndiaidh landáil istigh an doras ó Chorcaigh agus tá mo chomrádaí tí stiúgtha meisce tar éis buidéal Camparí a ól – nach sin an deoch a mbíonn na mná ar James Bond ag ól sula dtéann siad ar strae leis an diabhal Sasanach sin agus é ag obair do na bodaí móra ag marú ‘sceimlitheoirí’ le peann draíochta.
Tá sí ag tosú anois ar bhuidéal fíona dheir g- níl fonn ormsa í a thabhairt go dtí an t-ospidéal ag a ceathair a chlog ar maidin. Beidh sí caite isteach leis na meisceoirí uilig ar thocht salach ar an talamh; nó b’fhéidir laethanta saoire sa ‘gharáiste’ síos an ‘Gorman’ le leath mo chuid comharsan. Is féidir léi cúrsa a dhéanamh le máthair Francie Brady ar chístí agus b’fhéidir barr a chur ar phinn ar thríocha Euro sa mhí.
Meán oíche Dé Máirt agus mé ag tosú ar alt, agus gan páiste nite sa theach agus níl an cat curtha amach go fóill agus chaill mé Daniel O’Donnell anocht agus é ag teacht amach as an chófra i gcóir cupán tae le Margo.
Bhí mé ag chomdháil Oideachais i gCorcaigh inné faoi cheartúchán cóipleabhar agus ní chreidfeá cé chomh leadránach is a bhí sé agus beidh orainn muintir an na Polainne a fháil isteach chun é a dhéanamh, cosúil le gach rud eile – tá seilbh glactha ag an tSín ar Centra agus Spar agus faigheann siad pramaí saor in aisce agus carranna agus an ‘welfare’ agus muidne fágtha gan pingin rua i gcóir an Dutch Gold agus bíonn orainn ár n-éadaí a cheannach i siopa Michael Guiney’s agus an tír imithe chun drábhlais agus an Bertie sin agus an aimsir . . . ó tá an ceart ag na tiománaithe tacsaí, caithfimid bheith céasta.
Cad a dhéanfaimíd gan Bertie agus na dídeanaithe? Ní bheidh aon rud le gearán faoi ach an aimsir agus  gruaig Anne Doyle.
Bhí a lán cainte ag an Chomhdháil Oideachais faoi oideachas agus an-chuid daoine ag labhairt amach trí thóin a mbríste faoin churaclam nua agus an bealach is fearr do na páistí, agus labhair an tAire faoin chóras iontach atá againn agus thug gach duine bualadh bos agus fuaireamar ar fad mála cáipéisí, lán le cáipéisí, a bhí lán le cac bó, agus bhí béile ollmhór againn le pavlóva agus beidh orm dul faoi scian chun fáil réidh leis an bholg – níl aon fhocal san fhoclóir i gcóir ‘liposuction’; agus bhí a lán múinteoirí ag rith thart le geansaí buí le striacaí orthu agus ag caint faoin ghalf agus bhí orm éalú, agus an córas oideachais is measa san Eoraip againn agus muid fós ag bladaráil faoin Tíogar Ceilteach.
Beidh orm freastal ar Chomhdháil go luath faoi réaltaí - bhí cara mo cheistiu le déanaí faoi na réaltaí óir agus cad as a bhfaigheann na múinteoirí iad ach is rún é  agus ní féidir liom a rá nó caillfimid ár gcumhacht ar na scoláirí.
Caithfidh mé deifir a dhéanamh agus na mílte bronntannas a cheannach sa spáslong i mBaile Bhlainséir sula bhfaigheann gach duine eile iad. Beidh orm rith timpeall le deich mála á gcrochadh ó mo lámha agus beidh an t-allas ag titim díom ach tá an leanbh Íosa ag teacht.
Bhí mé trasna i siopa an phoitigéara ag am lóin agus bhí seilf nua acu le botox (níl aon Ghaeilge air seo san fhoclóir); agus bhí siad ag rá go bhfuil éileamh mór air roimh an Nollaig agus tá áthas orm go bhfuil muintir na cathrach ag déanamh iarrachta bheith slachtmhar, gan roicne ina n-éadan, agus an leanbh Íosa ag teacht, agus tá caint go mbeidh Versace ag fáil áite sa stábla i mbliana in aice le Victoria Beckham.

 

Foclóir

  • Céasta      tortured
  • Tocht      mattress
  • Dídeanaithe      refugees
  • Mála cáipéisí      briefcase
  • Ag labhairt amach      talking out through the
  • trí thóin a bhríste      arse of his trousers
  • Rún      secret
  • Anne Doyle      werewolf
  • Allas      sweat
  • Roicne      wrinkles
  • Victoria     the good looking
  • Beckham       one in the PD’s

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland