Top Issue 1-2024

13 March 1997 Edition

Resize: A A A Print

Dílseoirí ag gníomhú

Ar an Aoine fad cúiseoidh an dílseoir Billy Wright os comhair cúirt i mBéal Feirste as foláireamh a thabhairt de bean go marófaidh í, bhí sé soiléir go raibh na ndílseoirí UDA/UVF ag cur lena gníomhaireachtaí míleata.

An seachtain seo chaithe thánathas ar dhá grainghunna UZI mar aon le 1500 piléir i gceantair Woodvale in aice le'n Bóthar Sheanchill i mBéal Feirste. I ceantair dílseach eile fuarathas trealamh buamáile agus ábar pleascáin eile ar an Máirt.

Is léir anois gur dílseoirí a chuir tré thine an aonad turasóireacht sa Chaisleán Nua, Contae an Dúin. Bhí damáiste déanta de oifig eile i nDroichead na Bannda ar an Domhnach. Usáideadh an ainm Loyalist Volunteer Force nuair a ghlac fear freagrach as ar an guthán. Is de thairbhe an feachtas atá á rith ag Bord Fáilte agus an bórd turasóireacht sa Tuaiscirt a cuireadh na oifigí tré thine de réir an dílseoir seo. Bhí an grúpa seo freagach as bob bhuamaí i gContae an Dún ar na mallaibh. Fuair an comhairleoir neamhspléach náisiúnach Larry McCartan bás de thairbhe na bobanna sin. Meastú go bhfuil an grúpa seo ceangailte le Billy Wright agus gur bunaíodh iad nuair a caitheadh é as an UVF.

Tá tús curtha ag Wright ar téarma príosúntacht ocht mbliana tar éis dó agus buíon fabhadh a thabhairt faoi bean, Gwen Read, agus a maci bPort an Dúnáin. Thug an bhean fianaise i gcoinne Wright agus a chomhgleacaithe Trevor Buchanan agus Dale Weathered tar éis dóibh bataráil a dhéanamh ar a mac.

Deirtear gurb é Wright a bhí freagrach as alán dena dúnmharaithe a dheean dílseoirí ar náisiúntóirí neamhchionteachta in Ard Mhaca agus Contae an Dúin. Chomh maith bhí ana bhaint aige le imeachtaí i nDroim Croí agus chonachas é ag buaileadh le David Trimble ag an láthair. Tar éis an scoilt poiblí san UVF, tháinig tacaíocht dó ó freasaie an DUP willie McCrea.


Leacht cuimhneacháin an Ghorta sriosta



Tá dream anaithnid tar éis praiseach a dhéanamh de leacht cuimhneacháin ar an Ghorta a d'ardaigh fear áitiúl as a stuaim féin. Bhí raic á thógaint ag dream áitiúl a ritheann tithe lóistín sa cheantair agus an comhairle áitiúl i gcoinne an leacht seo i gCill Ala ar eagla go gcuirfeadh a ndúirt an leacht sceoin ar thurasóirí ó Shasana.

Sé a dúirt an leacht, a bhí i bhfoirm leabhar oscailte, ná ``The Irish Holocaust, graves of famine victims 1845-'49 - caused by an uncaring and alien government, we salute and honour their memory'' agus dán i nGaeilge ón Gorta ar an taobh eile

Bhí an leacht ina sheasamh ar feadh deich lá ar suíomh reilg inar caitheadh corpáin gan conairí na marbh ó sean gráinseach trasna na bóthair a bhí ina Teach na mBocht le linn tréimhse an Ghorta. Cathal Quinn a chroc an leacht ar suíomh ar thaobh an phríomh bóthair chuig na Páirceann Céide, ionad mór turasóireacht sa cheantair.

Is chun déanamh cinnte de nach mbeadh dearmad déanta ar uaigheanna na céadta íobartaigh agus go mbeadh comóradh éigin déanta ortha a chroc Cathal an leacht ceithre troigh ar airde ar chostas breis is £500 ar féin. Thug Cumann Lúthchleas Gael áitiúl geallúint dó go gcuideoidh siad leis an scéim a mhaoiniú. Bhí Cathal tar éis an cheist faoi cead pleanála a ardú le comhairleoir íatiúl agus bhí seisean tar éis a rá nach raibh gá é a lorg toisc an leacht bheith faoi bhun ceithre troigh.

Tá Cathal buartha anois nach mbeadh aon chomhartha os cionn na uaigheanna ag comóradh na boicht a fuair bás de thairbhe ocras, tinneas agus galar.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland