Top Issue 1-2024

22 November 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Rosario na nGael

Cén fáth a dtiocfadh duine a fhad leis an “bhaile beag” seo atá thart fá ceithre uair an chloig  ar bus siar aduaidh ó Buenes Aires? Bhail, tá daoine ann a thiocfadh fhad leis an áit as siocair Che Guevara, rugadh agus tógadh é ar an bhaile seo. Ach da mbeifeá ag súil le hiarsmalann in ómós don fhear seo chan anseo a gheobhaidh tú í. Ag siúl thart dom bhí a fhios agam gur shiúil an laoch seo ar na sráideanna céanna ina raibh mise ag siúl orthu agus gur amharc an bheirt againn ar cuid de na radhairc chéanna, agus b’fhéidir gur lean muid mná thart fá na tithe tábhairne agus clubanna céanna!
Shiúil mé thart an áit inar tógadh é, tá comhartha greamaithe ar thaobh stad an bhus agus gan scríofa ar ach ‘Casa Nathal Che Guevara’; tá pictiúr ar bhalla taobh istigh den pháirc atá thart an coirnéal óna theach ach tchífeá níos fearr ar bheann thithe i mBéal Feirste lá ar bith. Shíl mé, dóigh inteacht, go mbeadh níos mó ann agus go mbeadh na daoine áitiúla bródúil as, ach leis an fhírinne a dhéanamh is beag duine a labhair faoi.
Bhí díomá orm agus bhí mé réidh le filleadh ar an phríomhchathair, ach deirtear go dtarlaíonn na heachtraí is fearr nuair nach mbíonn tú ag súil leo.
Casadh cara orm a bhí ag ceol an phoirt chéanna liom féin.”Goitse, rachaimid linn síos a fhad leis an abhainn, mhothaigh mé go bhfuil féile mhór ar siúl, beidh cúpla deoch againn as an tobar áitiúil agus déanfaidh sin muid,” arsa sé.
“Níl feidhm agat mise a tharraingt in áit ar bith, goitse, beimid ar shiúl!” arsa mise. Bhí na céadta puball tógtha ar bhruach na habhanna agus bratógaí as achan tír crochta taobh amuigh díobh, agus achan chinéal bolaidh de bhia ag cur pléisiúir ar ár ngaosán! Cha raibh an chéad slog ólta againn nuair a tháinig muid fá deara ár mbrat féin in airde ar cheann de na pubaill.
Níl a fhios agam cad é a threoraigh muid, mar cha raibh fonn orainn dul isteach agus beoir the a ól as Éireannach seanaimseartha nuair a bhí oiread daoine eile thart orainn, déárfainn gur Dia na Glóire é féin a bhrú muid isteach. Cha raibh muid ach dhá bhomaite istigh nuair a tháinig fear a bhí thart ar thrí scór go leith bliain d’aois, Ricardo Gomes-Kenny, chugainn, ba  é croí na féile dúinne é. Fear séimh i gcosúlacht a bhí  ann agus measarthacht airde ann, agus guailli leathna agus mar na hÉireannaigh eile bhí a chraiceann níos gile ná an mhuintir eile. D’inis sé dúinn gur de bhunadh Éireannach é agus gur tháinig a mhuintir as Loch Garman agus an Iarmhí, agus cosúil leis na ceadta eile i ndiaidh am an Ghorta bhí acu Éire a fhágáil. Bhí ceo millteanach filíochta ar an scéal, ach leis an scéal a dhéanamh níos giorra bhunaigh sagart Éireannach scoil agus teach pobail in ainm Naomh Pádraig, agus ar feadh na mblianta fada bheadh tionól mór ag na hÉireannaigh  seo dhá uair sa bhliain san áit. D’obair an chuid is mó díobh seo ar fheirmeacha  móra ag buachailleacht eallaigh, agus de réir a chéile cheannaigh siad feirmeacha beaga agus móra, agus bhunaigh siad bailte beaga m.sh. Murphy –  agus phós siad, agus thóg siad clann, agus d’fhás an chlann agus clann a clainne agus díoladh an talamh a d’obair a muintir agus anois inniu tá poist acu sa chathair seo. Tá 500 dalta ag freastal ar an scoil agus 10% díobh seo ba de bhunadh na hÉireann iad.
Chuir sé muid in aithne d’achan duine a bhí sa phobal, cha raibh ann ach muid féin ón bhaile, tháinig na cailíní ‘gaelacha’ amach agus iad gléasta go galánta réidh le damhsa don slua a bhí ag fanacht leo. Shuigh muidne faoin ardán agus choimeád mé na damhsaí agus na rinceoirí agus iad chomh bródúil agus éadrom ar a gcosa. Chomh luath agus a bhí an damhsa thart rith siad uilig trasna chugainn lena fháil amach cad é a shíl muid díobh. Bhí siad iontach. D’amharc siad inár ndiaidh an oíche sin agus thaispeáin siad an ‘céad míle fáilte’ a tharraing clú agus cáil ar na hEireannaigh ar fud an domhain mhóir uilig dúinn.
In áit imeacht liom d’fhan mé cúig lá, leis na daoine is cairdiúla agus na mná is aoibhne, álainn, galánta a casadh orm go fóill. Thit mé i ngrá leis an áit seo agus na daoine, Viva Rosario!

Foclóir

Iarsmalann...museum
Greamaithe...attached to
Treoir...directions
Measarthacht...average
Puball...tent
Níos gile...fairer
Achan...every
Ag cur in aithne...to introduce to
Éadrom...light
Ceo...fog


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland