15 November 2007 Edition

Resize: A A A Print

Troid in aghaidh athraithe aeráide

LE BAIRBRE de BRÚIN

Ag caint i ndiospoireacht san AE, Parlaimint na hEorpa areir, dúirt FPE Bairbre de Brún go bhfuil se in am do na haerlínte bheith páirteach sa troid in aghaidh athraithe aeráide.
Dúirt sí:
“ Tá sé in am do na haerlínte bheith páirteach sa troid in aghaidh athraithe aeráide. Tá níos mó ná an dá oiread gáis cheaptha teasa ann anois ó eitlíocht idirnáisiúnta an AE ó bhí 1990 ann. Sin idir 5% agus 12% de éalú dé-ocsáid charbóin iomlán an AE.
“Thug ceannairí AE comitmint i Mí Márta na bliana seo laghdú 20% ar leibhéal éalú dé-ocsáid charbóin na bliana 1990 a thabhairt isteach roimh 2020. Tá deis againn anois taispeáint don domhain mhór go mbainfear amach na spriocanna atá leagtha amach.
“Moltar sa tairscint ón Choimisiún nach mbeadh ar earnáil na heitlíochta ach cloí le meánleibhéal na blianta 2004-2006. Sin 90% níos airde ná leibhéal na bliana 1990. Molann an Choimisiún fosta nach mbeadh ceantáil ann ach do 3% de na liúntais. Tá easpa dreasachta ann do na haerlínte leibhéal astiúchán s’acu féin a laghdú má thugtar cead astaithe carbóin dóibh saor in aisce. Bheadh leibhéal 100% de cheantáil mar atá muid féin agus na Glasaithe ag moladh ar aon dul leis an phrionsabal ‘íoc mar a thruaillaítear.’
“Creideann grúpa GUE/NGL gur chóir go mbéadh

•    Méid na liúntais a dháiltear amach 50% de meánleibhéal na blianta 2004-2006
•    Srian curtha ar méid na liúntais gur féidir leis an earnáil eitlíochta a cheannach ó earnálacha eile nó ó thionscadail CDM
•    Leibhéal 100% de chantáil
“Is mór-rannpháirtithe iad aerlínte i dtaca le giniúint gháis cheaptha teasa san Eoraip agus ar fud an domhain. Tá an t-am buailte linn chun deireadh a chur leis an láimhseáil speisialta agus chun éifeacht s’acu ar ár gcomhshaol agus ar athrú aeráide a ghlacadh san áireamh.”


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland