8 November 2007 Edition

Resize: A A A Print

Feachtas Nua do Raidió na nÓg

LE CATHAL Ó MURCHÚ

Le linn Oireachtas na Gaeilge a bheith ar siúl i mbliana i gCathair na Mart i gCo. Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo caite, tá aghaidh tugtha ag gníomhairí Gaeilge anois chun éileamh i gcomhar séirbhís raidió tré Ghaeilge don aos óg – Feachtas Raidió na nÓg.  I measc na n-imeachtaí cultúrtha ar nós an amhránaíocht shean-nós, damhsa, rince, ceol agus roinnt eile, bhí cruinniú ar leith eagraithe faoin gceist seo.  Ba é Staisiúin Náisiúnta Raidió don Aos Óg teideal an chruinniú phoiblí seo ina raibh trí aoichainteoirí ag labhairt ann – Lisa Ní Choistealbha (Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann), Hector Ó hEochagáin (Léiritheoir Amú le Hector) agus Tomás Rua Mac an Iomaire (iar-Cheannasaí Raidió na Gaeltachta).  Ina dhiaidh sin, bhí cuireadh don lucht éisteachta teacht isteach sa phlé.
Bhí na haoichainteoirí iad féin spéisiúil go leor.  Labhair Lisa Ní Choistealbha faoin fáil atá ar na réimsí éagsúla stáisiún raidió – breis is 30 ceann – ach fós féin go beag freastal a dhéantar ar phobal na Gaeilge, go háirithe lasmuigh den Ghaeltacht!  Cé go bhfuil Raidió na Gaeltachta ag freastal ar mhuintir na Gaeltachta, Raidió na Life ag freastal ar Ghaelgeoirí Bhaile Átha Cliath agus Raidió Fáilte corruair ag craoladh do ghaelgeoirí Bhéal Feirste, níl fáil réimsí an raidió ag freastal ar an éileamh atá ann do ghaelgeoirí ar fud na tíre, go háirithe don aos óg.  Mar sin, in ainneoin an méid sin ‘rogha’ atá in ainm is a bheith ann, déanann na craoltóirí faillí ar an nGaeilge, go háirithe na stáisiúin thráchtála.  Chuir sí in iúl freisin go raibh formhór na stáisiún raidió seo ag brú, ní amháin an Béarla, ach ceol, cultúr agus luachanna Angla-Méiriceánacha, agus de dheasca sin, go bhfuil fíor-bheagán rogha ann i ndáiríre.
Thug Hector caint shuimiúil ar an gcaoi a tháinig sé féin isteach sa Ghaeilge agus cé chomh tábhachtach atá sé freastal ar an aos óg agus iad a mhealladh isteach sa Ghaeilge.  Caithfear ligint do dhaoine óga a mheas cad is spéis leo, a mhol sé.  Labhair Tomás Rua Mac an Iomaire faoi na deacrachtaí a bhaineann le seirbhís raidió nua a chur in mbun agus na cineálacha constaicí oifigiúil agus praicticiúil a chaithfear a shárú chun go mbeidh rath lena leithéid togra.  Bhí an chuid deiridh den chaint fadálach go leor nuair a scaoileadh an plé amach do lucht an chruinnithe.  Cé go raibh cúpla pointí maithe déanta ón úrlár, lean an cruinniú ar aghaidh ró-fhada!
É sin ráite, is léir go dtiocfaidh feachtas fiúntach amach as seo agus tá se tábhachtach go dtabharfaidh poblachtánaigh tacaíocht dó.  Ba chéim thar a bheith suntasach don Ghaeilge a bheadh ann le bunú stáisiún raidió don aos óg tré Ghaeilge.  Tá an aos óg thar a bheith tábhachtach le hathbheochan na teanga amach anseo agus chuige sin freastlóidh an stáisiún raidió nua seo do chuinsí na n-Óg.  Níl aon amhras ann anois gur ghlac an Ghaeilge céim mhór chun tosaigh le bunú TG4.  Is é bunú Raidió na nÓg an chéad chéim eile!

Foclóir

gníomhairí...activists
imeachtaí cultúrtha...cultural events
aoichainteoirí....guest speakers
réimsí éagsúla ...... varied range
stáisiúin thráchtála ...... commercial stations
luachanna....values
fíor-bheagán rogha....little real choice
constaicí....obstacles
fadálach....long-drawn out
feachtas fiúntach....worthwhile campaign


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland