Top Issue 1-2024

8 November 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Eas na hIntinne

Tháinig muid trasna on Bhrasaíl go dtí an Airgintín. D’fhág muid ár málaí sa Pasada agus thug muid ár n-agahidh ar an eas mór ar an taobh seo.
Is é an chéad rud a rinne muid ná dul tríd an choill a bhí timpeall an easa i leoraí mór. Chan coill sheandeánta í – treascraíodh an chuid ba mhó de na crainn mhóra sna 1920í mar sin de tá léar mór tor agus crann beag nach bhfásann ró-ard ábalta bheith i measc na gcrann mór nár treascraíodh. Ach le siúl tríd an chineál seo coille tá sé iontach deacair agus dainséarach mar tá cait mhóra in achan áit, púmaí srl. Tá an choill seo ait s an Airgintín, mar san Amasóin tá na coillte ag fás leis na céadta bliain agus dúradh liom nach bhfuil a dhath ag fás faoi na crainn mhóra arda seo – nó mar is eol dúinn ón Tíreolas, cha dtig lena dhath fás gan solas na gréine. Go luath agus osclaíonn an choill amach tchíonn tú romhat trá dhonnbhuí agus báid ag fanacht le daoine a thabhairt a fhad le na heasanna. Ina shuí anseo inniu thig liom a rá nach ndeánfaidh mé dearmad den radharc, an truip is an fhuaim go dtí fada go leor. Fuair mé bád isteach faoi na príomheasanna – Salto Bassetti, Salto Bernabe Mendez, Salto Mbigua agus an ceann is mó Salta San Martin.
Cha dtiocfadh leat dul cóir do San Martin nó bheifeá báite i gceann bomaití. Cha raibh mé ábalta mo anáil a tharraingt leis an méid gail a bhí san aer agus leis an fhírinne a rá bhí lúchair orm nuair a d’fhág mé na ‘rapids’ i mo dhiaidh agus chuir me cos ar thalamh tirim!
Shiúil mé na céimeanna ón trá bheag seo a fhad leis an traein – Traeñ Ecologico de la Selva. Fuair mé an traein a fhad le barr an easa – Garganta del Diablo, agus ó seo shiúil mé ar an chosán iarainn trasna na habhann móire go dtí Garganta del Diablo.
Smaoinigh ar eas i do chloigeann agus méadaigh é faoi 1000!
Níl áit ar bith dá bhfaca mé go dtí seo cosúil leis. Tá polláin bheaga uisce, srutháin, gal ón aer, an abhainn, creidim mun na hainmhithe uilig ag teacht le chéile anseo agus ag rith amach thar liobar na hEasa.
Is é seo an domhan mór ag taispeáint cé comh láidir agus atá an nádúr agus an chumhacht dhomhain atá aici – cinnte tá an t-uisce gealghlas seo ina chumhacht ann féin, ach mar dhuine cha dtig leat rud ar bith a dheánamh ach amharc isteach ann. Téann achan rud thart ort agus istigh ionat suaimhneach – na smaointe uilig a théann trí do cheann, cad chuige a bhfuil mé anseo? An bhfuil mé ag déanamh achan rud a thiocfadh liom a dhéanamh le mo shaol? Cen fath ar chuir me oiread ama amú ar an bhean údaí?
Ansin tá na mothúcháin agat, téann achan uile mhothúcháin ionat suaimhneach, fearg, eagla, grá, éad – nó a dhath eile, níl iontu seo ach ainmneacha/focail de rud a mhothaigh tú fada riamh o shin!
Déárfainn féin go dtéarnaíonn an nádúr ag an pointe seo an intinn, an t-anam, an croi agus an corp le chéile ag pointe áirithe mar aonad amháin – tuigeann tú achan uile rud nach raibh tuighbheáil agat air go dtí seo – na ceisteanna beaga amaideacha a gcoinneoidh thú múscailte san oíche, na rudaí beaga a dhéanann daoine a chuireann corraí ort – tá siad uilig soiléir. Níl a dhath nach dtiocfadh liom freagra a thabhairt air – bhí sé, mar baisteadh mé in achan tobar beannaithe ó am Pharthaláin anall go haimsir Cholm Cille agus isteach go dtí an lá inniu.
Creidim go bhfuil daoine inniu cosúil le ríomhairí atá fágtha ar siúl ó mhaidin go hoíche agus na ceadta leathanach fágtha oscailte ag an aon am amháin, agus achan leathanach ag cur moille ar an ríomhaire go dtí sa deireadh nach n-oibríonn a dhath mar ba chóir sa deireadh.
Níl a dhath fágtha le déanamh ach an ‘plug’ a tharraingt agus é a chur ar siúl ar arís!
Chonaic mé thart ar 20 ríomhaire romham ag bogadh go mall – gutháin phóca, ceamaraí amuigh bomaite amháin ach de réir a chéile tharraing draoícht an easa iad chuicise. Nuair a thiomapigh siad thart agus d’fhág siad cha raibh fón, ná ceamara nó comhrá á úsáid acu ach bhí aoibh ar a n-aghaidh a d’inseoidh siad duit gur dream daoine a bhí iontu nach raibh pian nó pollaid orthu, idir corp is anam. Bhí siad sásta. Bhí mise sásta. 

Foclóir

Eas...waterfall
Teorann...border
Intinn...the mind
Fá choinne...for
Cha raibh...there was not
Achan...every
Tchíonn tú...you see
Suaimhneach....content
Corraí ort...upset


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland