Top Issue 1-2024

1 November 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Sheasaigh cúigear nó seisear de fheara bratógacha le balla binne shean tí  ag taobh  an bhóthar ag ithe greim bia agus ag iarraidh carranna  a stopadh  agus a gcuid brioscai agus milseáin  a dhíol l’aon duine a  stopfadh daofa agus gan orthu  ach stiucháin de bhróga agus bríste  gearra  le cóta déanta as plaisteach ag coinneál an fheartainn amuigh
Ba seo ceann de na laethibh is fluiche a bhí i Rio le bliantaí agus siocar an bháisteach agus na tuilte uilig bhí mhor chuid de na bóithre druidte de thairbhe seo.
Ar mo bhealach as an aerphort dom agus mé ag dul ó dheas bhí na favelas le feiceáil agam ar achan taobh dom. Shilfeá l’amharc orthu gur tachrán 6 bliana d´aois a thóg iad le sean  phíosaí de bhrici, slatacha  adhmaid, boscaí agus sean chomharthaí Coca Cola   agus iad uilig ag fás i mullach a chéile – cha dtiocfadh liom barr s´acu a fheiceáil  de thairbhe an ceo a bhí ag titim go suaimhneach  ar an bhaile seo.
Bhí an bochtanas in achan áit, cha dtiocfadh leat amharc in áit ar bith gan seo a fheiceáil agus an saibhreas ag rith lena thaobh.
Smaoitigh mé ar an bhaile a d´fhág mé i mo dhiaidh agus na h-áiteacha uilig thart ar Bhaile Atha Cliath nach bhfuil i céad míle ar shiúil ó na Favelas, agus   smaoinigh mé ar na boic atá thart ar Bhaile Atha Cliath ag díol an Herald   –  b´fhéidir go bhfuil mé mí cheart ach muna dtugann muid aire  d’ár dtír féin cha bhíonn i bhfad go mbeidh muid cosúil le cuid den phobal seo.
Nuair nach raibh mo thacsaí ag bogadh, bhí agam le dhul agus metro a fháil a fhad le Copacobana. Chur mé fúm an oiche sin i mbrú óige nach raibh i bhfad ón fharraige.
Chonaic mé é ar mo choiscéim agus dar liom gur fhóir sé dom fhéin agus na boic a bhí liom mar ní thaitníonn tithe ostais a bhíos ró mhór linn.
Chas me le bómán a bhi comh sásta go raibh pobail airithe thart fríd an domhan a bhi beo bocht nó mar a dúirt sé féin rachfadh punta s´aige féin i bhfad nios faide.  D´inis sé dom caidé an dóigh a bhfearr le  na praghasanna  a ba shaoire a fháil,   ag diol cupla euro ar leithéid  geansai peil Brasil  ach cha raibh sin maith go leor dó san – chaithfeadh sé é a fháil gan a dhath, agus b´fhéidir luck’s penny le na chois. D´imigh mé a luí  le  croi lán de bhrón, naire, agus mo bholg lán, rud a chur tuilleadh náire orm ag smaoineadh ar dhaoine maithe uilig a bhi ag tarraingt an cnámh as béal na mbocht.
Rith na smaointe seo liom ar feadh na h-oíche, indiaidh cúpla mí ag taisteal an mbéinn cosúil leis na daoine maithe seo, b´fhéidir go bhfuil mé cosúil leo ach nach bhfuil a fhios agam go fóill, bhfuil mé dul chuig na Favelas  le pictiúirí galánta a ghlacadh de na daoine bochta, bhfuil difríocht  mhór anseo  agus ag dul go dtí ‘n  zú?
Cha raibh i riamh dúil agam sa zú ach bhfuil mo intinn ag dul a athrú?

Foclóir

Favelas...shanty towns
Fear bratógacha...man in rags
Balla binne tí...gable end
Tuuilte...floods
De thairbhe seo...as a result
I mullach a cheile...on top of each other
Copacabana...niteclub in Darndale
Boic...lads
Ag tarraingt an cnámh...ripping off the
 as béal na mbocht...working class


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland