Top Issue 1-2024

25 October 2007 Edition

Resize: A A A Print

Réamhamharc

Scéal Óglaigh Loch Garman sna Caogaidí

 

Réamhamharc
From Vinegar Hill
to Edentubber

Le Ruan O’Donnell


Iad siúd a bhfuil suim acu sa stair phoblachtánach beidh siad sásta le leabhar Ruan O’Donnell From Vinegar Hill to Edentubber atá le seoladh go luath, le scéal Óglaigh Loch Garman a ghlac páirt i bhFeachtas na Teorann sna caogaidí. Tá an t-údar ina ollamh in Ollscoil Luimnigh, i gceannas ar an Roinn Staire. Léiríonn sé go soiléir an traidisiún Poblachtánach i Loch Garman ag cur in aghaidh réimeas Shasana.
Os cionn 90 leathanach atá ann, le téacs agus pictiúir nár foilsíodh roimhe seo. Tá an scéal bunaithe ar fhianaise scríofa agus agallaimh ó óglaigh a mhaireann fós, cuid den dream a bhí gníomhach san am.
Tá Scéal Mhairtírigh Éadan Tobair mar chuid lárnach den leabhar. Beirt as Loch Garman a cailleadh agus beidh an leabhar seo mar chuid de Chomóradh 50 bliain a mbáis. Ní hé seo an t-aon chomóradh a bheidh ar siúl, beidh roinnt eile leabhar agus ócáidí cuimhneacháin ar siúl ar fud na tíre i Mí na Samhna agus tá suíomh gréasáin ar thragóid Éadan Tobair (Edentubber) bunaithe ag Gluaiseacht na Poblachta. Beidh Comóradh Náisiúnta uile-Éireann ar siúl 11 Mí na Samhna ag Éadan Tobair, áit ar tharla an tragóid agus táthar ag siúl le slua mór ann.
Sa leabhar From Vinegar Hill to Edentubber ta doiciméad stairiúil, suimiúil, curtha ar fáil go proifisiúnta ag an údar, ar luach 10 Euro.
Sa leabhar seo leanann O’Donnell lorg achrannach na coimhlinte le linn na ndaichidí agus na gcaogaidí ó thréimhse ghníomhach na nDúchrónach go dtí an lag trá ina dhiaidh sin nuair ab’éigean do Phoblachtánaigh ‘dul faoi thalamh’ le héalú ón ghéarleanúint chruálach a rinneadh orthu.
Cuireadh óglaigh ag deireadh na ndaichidí i gcomparáid leis an IRB ag deireadh an 19ú Aois go tús an 20ú Aois. Bhí tochailt agus cuardach ann chun sean-airm a bhailiú agus a chur le chéile agus bhí ganntanas armlóin le linn fheachtas na gcaogaidí.
Tá cur síos ann ó óglaigh na linne sin ar a dtraenáil deireadh seachtaine i Sléibhte Loch Garman agus Cille Mhantáin. Tugann Liam Mac Garraidh cuntas ina ‘Dhialann Phríosúin’ ar a sheal i Muinseo agus i gCampa an Churraigh. Tá ráitis go leor ó Shéamas Mac Suain faoin bhaint a bhí aige le Mac Stiofáin agus an Ghluaiseacht i Londain i dtús na gcaogaidí.
An dream óglach ó Loch Garman a ghlac páirt i bhfeachtas na teorann, ba bhaill iad de  Cholún an Phiarsaigh 1956 agus de Cholún Chnoc Fíodh na gCaor ‘57/’58, iad faoi cheannas Phádraig Uí Chéileachair as Luimneach. As Baile Átha Cliath do Charlie Murphy le cúlra Bhuaile Mhaodhóg, eisean a bhí ina cheanafort airm ag an am. Eisean a d’ainmnigh Colún Chnoc Fíodh na gCaor mar gheall ar thraidisiún Poblachtánach Loch Garman. Tá siúl le Charlie Murphy agus iad siúd eile a mhaireann den seandream, a bheith i láthair ag seoladh an leabhair i Loch Garman i dtús Mhí na Samhna. Am agus dáta le socrú. Bí ag faire.
le Labhrás Ó Donnghaille

Foclóir

réamhamharc...preview
ollamh...professor
ollscoil...university
foilsíodh...it was published
gníomhach...active
lárnach...central
lag trá...quiet period
géarleanúint...witch hunt
Bí ag faire...be on the lookout
ceannfort airm...army chief


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland