18 October 2007 Edition

Resize: A A A Print

Mála Poist

Buíochas

 A chara,
Fuair an gníomhaíoch cearta daonna agus ealaíontóir, Lucy Bhreatnach, bás ar an 1 Deireadh Fómhair, agus í 82 bliain d’aois. Dhá lá ina dhiaidh sin, fuair a céile ionúin, Deasún Breatnach, MLitt., iriseoir, file, údar agus gníomhaíoch polaitíochta, cearta daonna agus teanga, bás, agus é 85 bliain d’aois.
I ndiaidh bhás ár mbeirt tuismitheoirí laistigh den aon seachtain amháin, tá na céadta litreacha, glaonna, téacsanna agus ríomhphost tagtha chugainn le tacú linn agus le meas orthu beirt a chur in iúl. Ó iriseoirí, scríbhneoirí, ealaíontóirí, ceoltóirí, filí, scannánóirí, acadúlaithe, ionadaithe polaitíochta, gníomhaígh chearta daonna, ceardchumannaithe, Gluaiseacht na Gaeilge, comhgleacaithe, comharsana, cairde, dochtúirí, agus ó altraí a tháinig na teachtaireachtaí sin, agus ó dhaoine in Éirinn agus ar an gcoigríoch nach bhfuil aon aithne againn orthu.
Is mian linn buíochas ó chroí a ghabháil leis na daoine ar fad a thacaigh linn tar éis bhás na beirte acu.
Is mian linn, go háirithe, ár mbuíochas a ghabháil as ucht na tacaíochta leanúnaí a fuaireamar ónár gcuid páistí, neachtanna agus nianna, a bhí ag fulaingt iad féin de bharr bás beirt dá gcuid seantuismitheoirí san aon seachtain amháin (i gcásanna áirithe, ní raibh seantuimitheoirí eile dá gcuid beo), agus as ucht na tacaíochta a fuaireamar ónár bpáirtithe (agus i gcásanna áirithe, ónár n-iarpháirtithe).
Is mian linn, freisin, ár mbuíochas a ghabháil leo seo a leanas: foireann (ó ghlantóirí go comhairligh) Chlinic na Carraige Duibhe, An Beacon, Ospidéal Naomh Uinseann, Ospidéal Thamhlachta, Ospidéal Naomh Lúcás, Ospidéal Naomh Micheál, foireann cúraim mhaolaithigh Ospís na Carraige Duibhe, Altraí Ceantair an HSE (tá comhbhá againn leo sna deacrachtaí atá acu de dheasca an choisc atá ann faoi láthair ar earcú), Cógaslann Bradley, agus leis an Dochtúir Ginearalta Karl Kavanagh agus a chleachtas; leis na Cúramóirí, agus Private Home Care, agus le foireann tacaíochta na ndreamanna sin thuas; thug siad ar fad cúram leighis agus/nó cúram pearsanta go gairmiúil, croíúil, solúbtha do dhuine dár dtuismitheoirí nó don bheirt acu. Buíochas freisin do Shéipéal Naomh Micheál, Dún Laoire, agus Séipéal Bhantiarna na mBua, an Naigín.
Tá buíochas ar leith ag dul do John brophy, (NUJ na hÉireann), do ‘NUJ Extra’ (Sasana) agus do Charthanas na nIriseoirí (Sasana).
Is eol dúinn go raibh cuid mhór daoine eile ann ar mhaith leo a bheith i láthair le mairgneach a dhéanamh, agus le ceiliúradh a dhéanamh ar shaol ár dtuismitheoirí, ach nár éirigh leo de bharr cúraimí a bheith orthu nó de bharr nár éirigh linne dul i dteagmháil leo in am; bhí socruithe na sochraidí le déanamh go tapa, go háirithe i gcás ár n-athar, mar go raibh socrú déanta aigesean go mbronnfaí a chorp ar Choláiste na Tríonóide ar mhaithe le taighde míochaine; d’fhág sin go raibh orainn a chorp a thabhairt ar láimh dóibh laistigh de 48 uair an chloig.
Beidh an Cuimhneachán Míosa ar siúl ar an Aoine, 16 Samhain 2007 i Séipéal Bhantiarna na mBua, Gleann na gCaorach/an Naigín, ag 18:30 p.m.
Beidh roinnt ócáidí cuimhneacháin ann amach anseo, agus fógrófar iad sin go maith roimh ré.
Taimid buíoch díobh sin a thug bláthanna sochraide dúinn. Duine ar bith a raibh fonn air nó uirthi bláthanna a thabhairt, tig leo síntiús a thabhairt do na carthanais seo a leanas: Amnesty Idirnáisiúnta, Cumann Ghalar Néaróin Luadraigh na hÉireann nó Cumann Ailse na hÉireann.
Is sinne, le meas, 
DIARMUID, OSGUR, CAOILTE, OISÍN, LUCILITA & CORMAC BREATNACH

 

 

Rebels without a cause?

A Chara,
I am concerned at a lack of direction in our movement.
At the moment it seems that we are rebels without a cause. I say that because there has been a political agreement about the Six Counties which allows for evolution towards an all-Ireland state if and when the majority there decide, therefore the main umbrella or cohesive factor which kept our membership of varied political hues united in a single purpose is gone.
What now is our reason for existence? What now have we got that is not to be found in one or other of the other parties?
The ‘republic’ I am living in is bereft of the most basic of civil liberties; far more has been achieved in the Six Counties than in the 26 Counties.
Take, for example, abortion, divorce and education.
In this theocratic republic a woman may be raped and become pregnant at an early age but has not the right to choose to abort.
A couple of young, inexperienced people may, in the flush of romantic love, get married on demand but when they are old enough and mature enough to realise that they are totally incompatible, and that they have made a mistake, they are told by other humans of no greater or lesser standing (other than that we elect them as TDs to make our laws), that they cannot do so till four years after separation.
In education, our schools are controlled by the churches – and if you don’t believe it, just try to send your child to a non-denominational school.
There is in this ‘republic’ fertile ground for a campaign for civil rights. By championing such rights Sinn Féin would realise its identity and establish for itself a social philosophy that would be lasting and unique on this island.
We do not have time on our side and we have urgent choices to make. We can continue as we are, marking time in the wilderness, or we can accept our responsibility as a revolutionary party and plough forward with ground-breaking policies.
PADGE FANNING,
Wexford
 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland