11 October 2007 Edition

Resize: A A A Print

An tumoideachas i mbaol?

LE
PEADAR de BLUIT

Tá an cath mar gheall ar an dtumoideachas fós ag dul ar aghaidh an tseachtain seo. In ainneoin éilimh GAEILSCOILEANNA TEO. (GT), tá an t-Aire Oideachas agus eolaíochta Mary Hanafin fós ag iarraidh cúlú ón ábhar conspóideach seo. Deir an t-Aire nach mbeidh aon athbhreithniú ar an gcuraclam i gcás tumoideachas sa Gaeilge le linn na blianta beaga ar scoil. Tá an méid seo ag cur olc ollmhór ar an gcomhlacht a mhol na hathruithe seo. Mar a dúirt mé le déanaí sa colún seo, bhí trí ruin rite ag comhdháil bliantúil GT ag cur smaoineamh an tumoideachas chun cinn. Faraor deineadh neamh-shuim daoibh seo ar fad agus seasann cineadh an t-Aire go fóill.
Tá grúpaí Gaeilge ar an iomlán mí-shásta le cleachatis an t-Aire. Le fada an lá traidisiún a bhíodh ann, tumoideachas sa Gaeilge a dhéanamh leis na daltaí don céad dhá bhliain chun bonn láidir a thabairt dóibh sa teanga. Anois áfach tá an t-Aire Oideachas agus Eolaíochta á rá go mbeidh ar na scoileanna céanna seo leathuair oiliúint sa Bhéarla a thabhairt dosna na daltaí ar scoil, agus an cuma uirthi nach mbeidh bogadh ar bith aisti. Tá an argóint céanna seo dul ar aghaidh feadh an samhradh ar fad beagnach agus é tosnaithe go fiáin arís ó a d’imigh comhdháil GT le déanaí. Ag an bpointe seo ní fheiceann an scríbhneoir seo leigheas ar bith ag teacht uirthi.
Tá an streachailt idir an dá phairtí anois, chomh fiáin is a bhí sé i lár an tsamhraidh, nuair a d’fhógair an t-Aire an plean seo den gcéad uair, i mí Iúil i ndiadh na toghchána. Tá na hargóintí ón dá thaobh an-láidir agus is fiú éisteacht go géar leis an dá thaobh sar a ndéanfaimid aon cineadh ar. Caithfidh mé a rá go bhfuilim féin den tuairim nach bhfuil an cineadh seo ón Aire iomlán ciallmhar. Tá an taighde agus torthaí ann a thaispeánann go soiléir go bhfuil buntáistí láidir ag baint leis an dtumoideachas, ó thaobh an dara teanga a foghlaim de. Cuirtear níos mó fórsa fós leis an argóint seo nuair is páistí óga atá i gceist. Tá cumas i bhfad Éirinn níos láidre ag páistí, dara teanga a piocadh suas ag aois óg, má cuirtear isteach ar sin in aon slí, céad teanga an páiste a theagasc mar shampla, ní bhíonn ceachtar den dá thenga chomh láidir.
Is ar an bpointe seo a bhfuil na grúpaí Gaeilge ar mire leis an t-Aire Hanafin. B’shin bunprionsabal an tógra GT, Gaeilge láidir a bheith ag páistí ó aois óg. B’shin mar a chéile, an cúis a sheol go leor tuistí a leanaí chuig na scoileanna sin, theastaigh uathu go mbeadh a bpáistí cumasach ina theanga dúchas, seans b’fhéidir nach raibh acu féin. Anois tá an t-Aire ag cur an caidhp bháis ar seo go léir agus níl daoine sásta. Ar an ábhar céanna tháinig BT Shinn Féin, an t-Aire Oideachas sna sé contae, Caitríona ní Ruáin amach go láidir i bhfabhar an tumoideachas. Ní dóigh liom féin go mbeidh deireadh le seo go ceann tamaill bhig. Tá argóint mór casta ann agus ní dócha go bhfuil GT sásta cúlú ón gcath seo.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland