Top Issue 1-2024

4 October 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Tiocfaidh lá Fianna Fáil amárach

Cuireann Poblachtaithe fáilte mhór roimh scéalta Fianna Fáil go bhfuil siad ag smaoineamh ar eagrú sa 6 Chontae, is é sin má cheadaíonn an SDLP dóibh.                      De réir tuairisce san Irish Times fáiltíonn Mark Durcan rompu agus é ag an am céanna ag maíomh gur Poblachtaithe iad an SDLP.
Réitíonn seo an bealach do na páirtithe eile ó thuaidh agus ó dheas chun an teorainn a thrasnú agus polaitíocht a bhunú ar bhonn uile-Éireann.
Ní féidir le Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre  a súile a dhúnadh ar an chlaonadh polaitíochta seo ag dul i dtreo 32 Contae.
Bíonn Páirtí an Lucht Oibre ag maíomh gaoil leis an SDLP nuair a oireann sé dóibh ach is soiléir go bhfuil Fianna Fáil ag maíomh gaoil leo chomh maith.
Tá Fine Gael balbh ar chúrsaí polaitíochta sa Tuaisceart ach ba cheart dóibh smaoineamh ar nasc le dream cosúil leo féin ar dhath an oráiste.
Chuir Avril Doyle a dteachta Eorpach, ruaig ar bhratach na hÉireann as an séipéal i gCrosach Beag i Loch Garman le linn pósadh a hiníne le déanaí. Ba é an scéala i measc mhuintir na háite go raibh an ‘gentry’ le freastal ar an phósadh. Rinne Nicky Furlong, colúnaí leis an Wexford Echo, rinne sé feannadh géar ar a ghníomh, ag rá go mbíonn bród ar thíortha eile as a mbratacha agus a suaitheantais náisiúnta i séipéil, i moscanna agus áiteanna adhartha eile. Dúirt sé fúithi gur “lost her Belton wits” agus chríochnaigh sé le “fools rush in where angels fear to tread”.
Ní raibh pobal Chrosach Beag dall ar an eachtra agus beidh le feiceáil an mbeidh toradh le feiceáil sna vótaí amach anseo.
Ón am ar shínigh iarcheannairí Fine Gael ar shiúl na 6 Chontae breis is 80 bliain ó shin thug an páirtí neamhaird iomlán ar an tír ó thuaidh den teorainn agus neamhaird ar éileamh Collins ‘freedom to achieve freedom’.
I dtaca le hÉamon Gilmore, ceannaire nua Pháirtí an Lucht Oibre agus iarbhall de na Poblachtaithe Oifigiúla ar a dtugtar na ‘Stickies’ agus ‘Super Stickies’ de na Daonlathaigh Clé, is cosúil gur fhan sé i dteagmháil le roinnt dá lucht aithne sa Tuaisceart.
Caithfear spreagadh a thabhairt d’Aondachtaithe an Tuaiscirt páirt a ghlacadh i bpolaitíocht ó dheas den teorainn. Maidir le Rialtas Átha Cliath, dá mbeadh siad i ndáiríre faoi dhul i ngleic le polaitíocht sa Tuaisceart, chaill siad deis mhaith nuair a bhíothas ag ainmniú daoine don Seanad nuair a d’fhéad siad baill ón Tuaisceart a ainmniú.
Thréig siad prionsabal ar mhaithe lena gcairde, leithéid Eoghan Harris nach seasann d’aon rud, ach go bhfuair sé suíochán teolaí sa Seanad.
Mar Phoblachtaigh fáiltimid roimh Chaitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí ar bhonn uile-Éireann, ag dul le sampla Wolfe Tone. Chuir Ian Malcolm a dhearcadh féin ar Lá Nua maidir le plean Fianna Fáil; ceistíonn sé cé atá ag iarraidh páirtí nua sa Tuaisceart, go bhfuil an Comhthionól ag gníomhniú go breá mar atá sé, cén gá atá le hathchóiriú air? Is cosúil gurb iad na colúnaithe i Lá Nua agus Foinse amháin a bhfuil suim acu tracht ar bheartas nua Fianna Fáil. Iriseoirí den scoth iad Eoin Ó Murchú, Ian Malcolm, Eoghan Ó Néill, Gearóid Ó Cairealláin agus Breandán Mac Gearailt a spreagfadh sinn chun smaoineamh ar na ceisteanna i Lá 28 Mean Fómhair - cén fáth ar fhan Fianna Fáil go dtí anois?
Ní aontaíonn Reg Empey le plean Fianna Fáil ach tá an cluiche polaitíochta ar siúl aige in aghaidh an DUP atá ró-ghnóthach le suim ar bith a léiriú i bplean Fianna Fáil. Is cosúil nach mothaíonn an Páirtí Aontachtach bagairt ar bith ó pháirtí an tSaorstáit.
Idir an dá linn tá plean fógartha ag Sinn Féin chun leathnú agus athghabháil a dhéanamh ar an mhéid a chaill siad sa toghchán. Tá focas ar eagraíochtaí trasteorann mar bhealach i dtreo Éireann Aontaithe ach tá contúirt ann go líonfar na heagraíochtaí seo le daoine ó na pairtithe polaitíochta gan suim ar bith acu i dtodhchaí Éireann Aontaithe.
Tá moladh ag dul do pholasaíthe uile-Éireann na Talún, sampla maith de seo an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta.
Is fiú do lucht tacaíochta féachaint ar phlean gnímh Sinn Féin ach an leor é agus an bhfuil tuilleadh ag teastáil?
Bheadh fáilte roimh phlean cuimsitheach ar son Éireann Aontaithe agus ar cheart Dáil shealadach a láinseáil mar a rinneadh i dTeach an Ard-Mhéara i 1919? Ar cheart an Dara Dáil a athbhunú, le Rialtas Sealadach ina mbeadh baill thofa as gach cuid d’Oileán na hÉireann? B’fhéidir nach ndéanfadh na páirtithe polaitíochta seanbhunaithe freastal ach tugtar cuireadh dóibh uilig mar thús.

Foclóir

de réir...according (to)
ag maíomh...boasting
ar bhonn
uile-Éireann...on an all-Ireland context
suaitheantas...badge, crest
dall ar an eachtra...blind to events
iarcheannairí...ex-leaders
spreagadh      boost
teolaí...cosy
easaontóirí...dissenters
sealadach...provisional


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland