Top Issue 1-2024

27 September 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cearrbhachas in Éirinn

le hÉamann Mac Mánais

An tseachtain seo caite, d’fhógair Oisín McConville, duine de na peileadóirí is fearr in Eirinn (cé nach as Contae an Dúin é!) go raibh sé gafa le cearrbhachas. Scrios cearrbhachas a shaol, bhí sé i bhfiacha agus bhí sé faoi dhúlagar. Ag caint leis an BBC roimh sheoladh a leabhair úir The Gambler dúirt sé gur chúis a bhí ann nach raibh aon neart aige air. Bhí a fhadhb go holc i ndiaidh Craobhchomórtas na hÉireann, am nuair a bhí sé sa spotsolas.
I mbarúil an scribhneora seo, ba rud cróga a rinne McConville chun a fhadhb a fhógairt agus an galar cearrbhachais a chur sa spotsolas é féin. In Éirinn feictear ‘bookies’ in achan sráid, go minic in aice leis an teach tábhairne. Sa lá atá inniu ann tá siad geall, oscailte agus ‘trendy’. Chomh maith leis sin, tá cearrbhachas ar fáil ar líne 24-7 fosta.
Ach, cé hiad na híospartaigh? Bhuel, teaghlaigh, páistí agus na cearrbhaigh neamhshrianta iad féin. Tá cearrbhachas cosúil le mí-úsáid drugaí, alcólachas nó aon ghalar eile. B’fhéidir go bhfuil sé níos measa mar is galar rúnda é. Deirtear go bhfuil 1% den phobal gafa le cearrbhachas.
Baineann sé le hachan aicme, ach go háirithe an lucht oibre.  Bíonn coimhlint chun marthana ann achan lá gan chearrbhachas agus cuireann sé seo leis na gnáthfhadhbanna. Bíonn teaghlaigh gan airgead, cearrbhaigh neamhshrianta faoi dhúlagar.
An bhfuil réiteach nó leigheas ann? Is féidir leis an andúileach glaoch ar Gamblers Anonymous ar BÁC  (01) 8721133, Béal Feirste 028 902 4 9185 nó Córcaigh ar (087) 2859552. Ach an rud is tábhachtaí gur chóir do na rialtais díriú ar an fhadhb seo agus cinnte a dhéanamh de go bhfuil seirbhísí curtha i bhfeidhm chun cuidiú a thabhairt don eipidéim seo ach ar an dhrochuair tugaim faoi deara gur dhruid an tAire Sláinte Michael McGimpsey an  t-ionad andúile, Cuan Mhuire, san Iúr ar na mallaibh.
Ach seans ann go mbeidh constaicí níos measa de réir Francie Brolly MLA. Dúirt an t-urlabhraí ó Shinn Féin go raibh pleananna ag Rialtas na Breataine a mhaolóidh go mór an srian atá ann faoi láthair maidir le fógraíocht.
Ag caint leis agus é sa Tionól, dúirt an tUasal Brolly, “Seo céim siar, go háirithe i ndiaidh ráiteas cróga Oisín McConville. Tá ár bpobal agus sláinte s’acu níos tábhachtaí ná corrlaigh bhrabúis ó gheallghlacadóirí.”

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland