Top Issue 1-2024

27 September 2007 Edition

Resize: A A A Print

Achoimre Teilifíse

Mike McDonald

Mike McDonald

Polaitíocht is Coiriúlacht i Meiriceá

Achoimre Teilifíse
Mobs Mheiriceá
TG4
Gach Deardaoin


Inniú tá clár nua, ‘Mobs Mheiriceá’ ag tosú ar TG4 ag deighleáil leis na grúpaí a bhí i réim i Meiriceá luath sa céad deireanach. De réir m’eolas féin is clár úrnua atá ann agus mar sin beidh sé suimiúl féachaint conas a caitheann TG4 leis an ceannteideal seo. Is dócha go bhfuil an béim sa chlár ar inchur na hÉireannaigh ag an t-am sin, cén éifeacht a bhí acu i rith an tréimhse sin, agus cén slite a d’athraíodh an saol i Meiriceá le linn an tréimse sin.
An tseachtain seo, an céad seachtain den gclár go bhfios dom, tá said ag deighleáil le fear darb ainm Mike McDonald, nó Michael Cassius McDonald, nó King Mike mar ba cailiúla a bhí sé is dócha. Seo a leanas mar a chuireann TG4 an clár i láthair ar an idirlíon acu; “Bhí Mike McDonald ar dhuine de na chéad ceannairí coireachta agus chabhraigh sé go mór le dul chun cinn ‘mob’ na nÉireannach i Meiriceá. I dtús an chéid seo caite, bhí Mike McDonald i gceannas ar gach rud i Chicago, idir pholaiteoirí, breithimh, ceadúnais cearrbhachais agus ceadúnais licéar. Bhí sé ina rí ar Chicago ag an am.”
Bhuel sin maith go leor is dócha. Tá cuma ar an scéal gur Gnáth Coiriúlaí Macánta (ODC) a bhí ann mar a dhéarfadh na péas, agus duine nó beirt eile ó thuaidh. Is dóigh liom féin gur míniú maith a dhóthain é sin don gnáth duine. Ar an ábhar áfach, nach dtiteann stair coiriúlach na Stáit ‘Aontaithe’ laistigh dem réimse eolais, agus níos tábhachtaí ná sin toisc nach duine mé a bhfuil iomlán muinín agam as comhlachtaí de chuid stáit anseo, chinn mé ar chuardachaín beag a dhéanamh ar an gcarachtar seo dom féin...
Deirtear go raibh craobhacha ‘coiriúlacht eagaraithe’ i Meiriceá mar thoradh ar gníomaíochtaí McDonald. Ba leis siúd tabhairne i Siceagó, de réir na fínscéalta, b’é an áit dí is cearbhachas ba mhó sa chathair sin an t-am sin. Deir na scéalta go raibh suim ollmhór aige sa dornálaíocht chomh maith, agus gur eisean a thug seans  do, John L. Sullivan, dul in iomaíocht don duais is mó sa dornálaíocht an t-am sin. Mar sin is dócha go ndéarfadh an gnáthduine gur fearr bheith ar dheá-thaobh McDonald ná a mhalairt. Ní seo ach tús na scéala áfach.
Ar an ábhar gur fear gnó a bhí sa duine seo theastaigh uaidh nach dtiocfadh sé suas i gcoinne fadhb ar bith agus é i mbun cúrsaí sa tabhairne aigesiúd. Fadhb ollmhór amháin a bhí ann i rith an tréimhse sin i Meiriceá ná go raibh rialtas áitiúl ábharaín láidir ar an gceist seo an t-am sin áfach, agus níor rith sé go maith leo más rud é go raibh rudaí ag dul ar aghaidh nach tháinig suas ar na leabharacha. Mar a dúirt mé cheana áfach fear díograsach a bhí i King Mike. I dtreo is go mbeadh sé in ann leanúint lena gnó luachmhar réitigh sé an fadhb seo, chuir sé a dhuine féin i dteach an Árd-Mhéara. Sin slí amháin chun teacht timpeall ar théip dearg is dócha!
Mo chonclúid féin ar an bhfear seo mar sin, an-suimiúl go deo. B’fhéidir cosúil liom féin go easaontaíonn tú lena mhodhanna oibre, ach caithfear admháil: nuair a chinn sé ar rud éigin a dhéanamh, deineadh é. Níor chríochnaigh mé scéal Mike anseo d’aon gnó mar is dócha gur clár suimiúl atá i ndán don lucht féachana agus déanann sé maitheas féachaint ar chlárcha trí mheán na Gaeilge ó am go chéile. Beidh sé thar a bheith suimiúl féachaint conas a caitheann na eagarthóirí leis an bhfear Déardaoin agus ar feadh an cuid eile den sraith. Ag deireadh an lae bhí rudaí amhrasach ar siúl aige d’imigh sé i gcoinne toil an rialtas ó am go chéile, ach ar a laghad ní raibh sé ag iarraidh a thír a shaorú ó cumhacht eachtrannach mar sin is dóigh nach craolfar in aon droch-sholas é!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland