20 September 2007 Edition

Resize: A A A Print

Leanann an scéal go Fóill

Rosemary Nelson

Rosemary Nelson

LE PEADAR de BLUIT

Ba ionsaí, dúnmharú Rosemary Nelson, ionsaí ar bhuncearta daonna, comhionannas agus coir. Chuir sé isteach go tromchúiseach ar a gclann gan dabht ar bith. Ina theannta sin áfach chuir sé isteach ar an bpobal áitiúl, ar an gcomhphobal Poblachtánach / Náisiúnach / Caitliceach sna Sé contae, agus lucht na cearta daonna mórthimpeall na cruinne araon. Lena chois sin áfach chuir an tragóid uafásach seo isteach go mór ar muintir Bóthar Garvaghy. Thaispeáin sé don bpobal sin cé chomh oscailte is a bhí said ó ionsaithe cosúil le seo, agus ar barr an méid seo ar fad bhain sé uatha ceann dá cosainteoirí ba láidre is ba dhíongbháite. Inniu níos mó ná ocht mbliain níos déanaí tá ceisteanna thar a bheith tábhachtach fós gan freagra i dtaobh dunmharú an bean seo.
Ón noiméad a phléasc an buma faoi carr Rosemary Nelson tá ceisteanna á rothlú timpeall nach bhfuil freagra faighte orthu fós. Tá roinnt des na ceisteanna is dáirire bunaithe timpeall ról an RUC agus aon inchur nó eolas a bhí acu ar an bplean máthair triúr a mharú. Foilsíodh go soiléir sna laethanta agus seachtain díreach i ndiadh dúnmharú tragóideach an bean seo go raibh láthaireacht slándála an throm mórthimpeall tigh Nelson sna seachtain roimh an buma. Chuir sé seo le ciall i measc mórán daoine go raibh eolas éigin ag na fórsaí ‘slándála’ faoin méid a bhí i ndán do Rosemary. Faraor áfach más rud é go raibh puinn eolais acu níor tháinig sé chun cinn in am agus fágadh clann gan máthair agus bean chéile. Go dtí an lá seo níl an réiteach faighte ag clann  Nelson, agus líon suntasach ceisteanna atá fós gan freagra.
An tseachtain seo, tá fear an phobail na bpoilíní, Nuala O’ Loan, in ainm is ráiteas a chur amach i dtaobh cás Rosemary Nelson. Ceaptar go mbeidh an easpa fiosrúcháin ós na poilíní ar chás Rosemary chun cinn ar an dtuairisc. Tá líomhaintí ag rothlú le blianta anois nár deineadh fiosrúcháin cruinn ar bhagairtí ar shaol Rosemary. Cuirtear an milleáin don easpa fiosrúcháin seo ar idirbheartaíocht idir na péas agus na paramíleataigh dílse. Táthar ag súil go bhfreagrófar roinnt des na ceisteanna seo i  ráiteas O’ Loan. Faoi láthair tá an cás seo ag dul ar aghaidh le níos mó ná ocht mbliain agus an clann fós ag fuireach ar go leor freagraí go bhfuil ceart acu orthu.
Tá sé éilithe again i Sinn Féin ó thus an fiosrúcháin seo go mbeidh cruinneas iomlán i dtaobh ról na péas agus na comhlachtaí móra slándála i dúnmharú Rosemary Nelson. Má táimid riamh chun muinín a bheith againn as na bpéas ó thuaidh caithfear a admháil cén gnó a bhí ar siúl acu i rith an coimhlint sa Tuaisceart, agus críoch a cur leis an gcuid seo de stair na hÉireann. Ní féidir aon moill a chur ar phróiséis na bhfírinne a thuilleadh tá sé in am dúinn bogadh ar aghaidh, ach tá dúnadh ar an gcás seo agus cásanna cosúil leis de dhíth céaduair.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland