Top Issue 1-2024

20 September 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Rás na n-Iarlaí

Ainmneacha Capaill Rása
Tá tús curtha ag Gael-Taca Chorcaí le seirbhís nua do lucht na gCapall Rása, is é sin ainmneacha Gaeilge a chur ar fáil do thionscal na gcapall. Tá tacaíocht á tabhairt ag dream as Contae an Chláir don iarracht seo trí liostaí d’ainmneacha oiriúnacha a chur ar fáil. Tá aithne ar Jim Bolger mar thraenálaí capall agus mar fhear tacaíochta don iomáint – eisean a chuir tús leis an iarracht seo ag cur ainmneacha Gaeilge ar chapaill. Beidh liosta buan d’ainmneacha á dhéanamh ag Gael-Taca dóibh siúd a bhfuil suim acu in a leithéid. Is tionscnamh é seo atá mar chuid de dhíghalldú na hÉireann agus athghabháil ár nGaelachais atá ar siúl i measc lucht gnó agus eagraíochtaí poiblí. Ádh mór ar an iarracht!

Ceannaire nua Pháirtí an Lucht Oibre
An Ceannaire nua-cheaptha sa Pháirtí, is é an chéad cheannaire sa Pháirtí sin a bhfuil Gaeilge ar a thoil aige. Níor labhair Pat Rabbite an Ghaeilge sa saol poiblí nó níor léirigh sé suim ar bith inti. Maidir le Bertie, is é an t-aon cheannaire de na príomhpháirtithe polaitíochta nach féidir leis labhairt ina theanga dhúchais. A chomharba ainmnithe, Cowen, tá neart Gaeilge aige cé nach gcloistear sin go ró-mhinic uaidh.

Imeacht na nIarlaí.
Tá an comóradh 400 bliain ar siúl le himeachhtaí ceiliúrtha i gCúige Uladh agus go háirithe i nDún na nGall le déanaí. Osclaíodh Caisleán Dhún Geanainn den chéad uair don phobal le haghaidh dráma le Brian Friel ar an ábhar, Making History. Go dtí sin bhí an Caisleán agus a thimpeallacht in úsáid mar dhún ag Arm na Breataine. Roimhe sin bhí an Caisleán i seilbh phríobháideach le 400 bliain anuas, gan cead isteach ag an bpobal áitiúil ann. An cnoc ar a bhfuil an Caisleán tógtha, tá plean déanta go mbeidh sé mar pháirc phoiblí ag muintir na háite, seo mar thoradh ar na socruithe síochána sa Tuaisceart.
Is cosúil go mbeidh dráma Friel Making History ag dul go Páras agus Lováin gan mhoill agus go dtí an Róimh i gceann cúpla mí eile.
Seachas seimineár i mBaile Dhún na nGall ní raibh plé ar bith ann faoin bhaint a bhí ag Imeacht na nIarlaí le polaitíocht na tíre seo sa lá atá inniu ann. Sa chuid eile den tír, ó dheas den teorainn níl plé ná ócáid ar bith chun comóradh a dhéanamh ar an chuid seo den stair a d’fhág lorg an-mhór ar ár dtír. Tá a lán alt faoi stair na tréimhse seo in Iris Bhliaintiúl Dhún na nGall ‘07.

Ag Uirchill an Chreagáin is ea do chodail mé aréir faoi bhrón
Is le héirí na maidne tháinig ainnir fá dhein le póig,
Bhí ghríos ghrua aici is loinnir ina ciabh mar ór,
‘S ba é íocshláinte an domhain bheith ag amharc ar an ríoghan óig.

Tar éis Imeacht na nIarlaí tháinig deireadh le réim na dTaoiseach Gaelach, tháinig deireadh le dlíthe na mBreithiún, le Córas Oideachais na bhFilí Gaelacha. Sa dán Úirchill an Chreagáin caoineann Art Mac Cumhaigh imeacht Chlann Uí Neill agus droch-chás na bhfilí a bhí fágtha gan phatrún, gan chosaint ach iad ina sclábhaithe bochta gan dóchas.

Oireachtas na Gaeilge ‘07
Beidh sé ar siúl i gCathair na Mart i gContae Mhaigh Eo ó 31 Deireadh Fómhair go 4 Samhain. Tá an áit an-oiriúnach le háiseanna den scoth agus táthar ag súil le Féile ar dóigh ann.

Logainm ar an Idirlíon
Tá bunachar nua logainmneacha á chruthú ag www.logainm.ie ar an múnla céanna le www.focal.ie. Tá Brainse na Logainmneacha páirteach sa tionscadal seo agus is fiú breathnú air. Tá cur síos ann ar roinnt Contaetha agus coistí áitiúla chomh maith le rialacha agus aidhmeanna.

Foclóir

díghalldú...de-anglicisation
athghabhail...re-possession
dream...group
eagraíocht...organistaion
ceannaire...leader
tréimhse...period of time
teorainn...border
sclábhaithe...slaves
logainm...placename
áiseanna...facilities


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland