13 September 2007 Edition

Resize: A A A Print

Slógadh Polaitiúil go Ros Dumhach

Le hÉamann Mac Mánais

Tar éis dha bhliain ag agóidíocht i gcoinne píblíne Shell i Maigh Eo, tar éis an tréimse i bpríosún a chaith cúigear Ros Dumhach, tar éis príosúnú triúr iascairí áitiúla ar na mallaibh, agus tar éis ionsaithe ón Gharda ar na hagóideoirí, beidh busanna ó Bhéal Feirste agus Baile Átha Cliath ag dul go Ros Dumhach an Aoine bheag seo chun ár n-ábhair mhaoine nádúrtha a chosaint agus tacaíocht a thabhairt do mhuintir na háite ansin.
Ó mhí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite ann, tá smacht ag fórsa ollmhór Gardaí ar shuíomh scaglann Shell ag Béal an Átha Buí in iarthuaisceart Mhaigh Eo. Le linn na n-agóidí síochánta de chuid mhuintir na háite agus daoine eile atá in éadan scéim Shell, tá neart cásanna d’fhoréigean na nGardaí agus gortaíodh na scórtha duine, cuid acu go dona. D’ainneon gearán go mion minic chuig na Gardaí, Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, TDí, BTEí, srl. agus d’ainneon mórán cásanna na físfhianaise de bhrúidiúlacht na nGardaí, níl aon bheart déanta ar aon bhall den fhórsa.
Bunaíodh an campa i mí Mheithimh 2005, nuair a bhí cúigear fear as Ros Dumhach sa phríosún i gCnoc na Seimre cionn is gur dhiúltaigh siad gealltanas a thabhairt nach gcuirfeadh siad bac ar oibrithe Shell dul ar a gcuid talaimh. Ag an am sin, bhí sé lonnaithe cúpla míle taobh amuigh de Ros Dumhach féin, ar thalamh Philip McGrath, duine de chúigear Ros Dumhach, ach bogadh go Gleann an Gháid é, anuraidh.  Chaith an Cúigear Ros Dumhach sin, baill Shell chun Sáile, trí mhí i bpríosún le díspeagadh cúirte.
Ag caint leis inniu agus é ag ullmhú don turas amarach, dúirt urlabhraí Shell Chun Sáile,
“Is le hachan duine an tír seo, pé creideamh ná dearcadh polaitiúil atá againn. In ionad seasamh ar son Shell, ba chóir do Rialtas Theach Laighean ceannasaíocht láidir a thaispeáint agus obair ar son mhuintír na háite.
“Impím ar an Rialtas nua cearta mhuintír na háite a chosaint agus cearta sláinte d’achan duine i Ros Dumhach san iomlán a chur i bhfeidhm. Tá na héilimh seo de dhíth chomh luath agus is feidir.
“I ndeireadh na dála, tá an feachtas seo ag fás agus impím ar gach ball agus tacadóir le leanúint ar aghaidh ag tacú le Ros Dumhach. Shell chun Sáile agus Ros Dumhach abú.”
Is féidir níos mó eolais ar aon ghné den deireadh seachtaine a fháil ó: John Flynn (00353) 876107620.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland