6 September 2007 Edition

Resize: A A A Print

An Irish Eye - Leabhar speisialta

I gColáiste Ollscoile Naomh Mhuire ar na mallaibh, bhí díospóireacht poiblí idir Gerry Adams, údar an leabhair nua seo agus an t-iriseoir, Anne Cadwallader, ócáid speisialta a bhí ann mar pháirt d’Fhéile an Phobail.
Sa leabhar seo, tugann Gerry Adams léargas dúinn ar an gcor nua i saol Phoblachtas na hÉireann maraon le cúrsaí polaitíochta na hÉireann trí chéile.
Scríbhinní polaitiúla iad seo a chlúdaíonn deireadh le feachtas armtha an IRA, cinneadh Shinn Féin tacú leis an gcóras póilíneachta agus ceartais.   Tá cur síos ann fosta ar chuairteanna a thug sé ar thír na mBascach agus ar an Meánoirthear agus an córas polaitíochta sa dá thír sin.
Beidh an leabhar seo ar díol i siopaí leabhair ó dheireadh mhí Lúnasa agus beidh foilsithe sa hoifigiúil ar an 4 Meán Fómhair. Beidh an t-údar ag síniú cóipeanna sa Siopa Ealaíne (Art Shop) 51-55 Bóthar na bhFál, am lóin ar an Aoine 14 Meán Fómhair.
I measc na leabhair eile ata scríofa ag Gerry Adams tá Before the Dawn; An Autobiography, Hope and History, Making Peace in Ireland, Cage 11, The Street and Other Stories, An Irish Journal agus An Irish Voice.   Beidh ceann de na gearrscéalta a foilsíodh sa leabhar The Street and Other Stories á fhoilsiú arís sa chnuasach nua, Brandon Twenty Five, ag ceiliúradh cúíig bliana is fiche ó bhunaíodh Brandon.
• Tá an leabhar ar fáil anois –€14.99 nó £9.99 clúdach bog.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland