6 September 2007 Edition

Resize: A A A Print

Coinníollacha i bPriosún Hydebank

LE Jennifer McCann MLA

Thug úrlabhraí na mban de chuid Sinn Féin Jennifer McCann BT, cuairt ar phriosún Hydebank Wood 31 Lúnasa ó grúpa tionóla cros-phairtí chun measúnú ar na coinníollacha do mná ann.
San áireamh ar an gcuairt bhí ionadaithe ann ón SDLP, PUP, Páirtí na Comhghuaillíochta agus Sinn Féin a tharla an Aoine seo caite.
Tá an méid seo ag teacht i ndiadh tuairisc dian, scríofa ag Phil Scratton a tháinig amach le déanaí ar na coiníollacha do mná i bpriosún Hydebank Wood.
Ag labhairt ón tionól an seachtain seo, dúirt an BT Sinn Féin:
“Is uafásach agus scanallach iad na coinníollach a fulaingíonn priosúnaithe ban i Hydebank. Thaispeáin tuairisc deireanach Monica McWilliam fianaise láidir ar mí-iompar i dtaobh cearta daonna agus dá bhar sin braithim go bhfuil gá le cruinniú cros-phairtí leis na bpriosúnaithe.
“Sonraíonn an tuairisc is déanaí an iompar mí-dhaonna de mná a cur faoi glas aonarach ar feadh tréimhsí ama, náire na cuardaigh nochta, easpa teangmháil leis na teaghlaigh agus an comhluadar leis na bpriosúnaithe firean go dtí agus ar ais ón gcúirt.
“Tá mná a bhfuil cuisithe as neamh-íocaíocht de fíneáileacha ag dul chuig an bpriosún rud nach in-glactha in aon chor agus níl mná le ceisteanna mórchúiseach sláinteachas meabhair ag fáil an cúram atá uathu.
“Mar iar-chime polaitiúl tuigim cás na mná i dtaobh na coinníollacha scanallach seo. Ní raibh na coinníollacha seo sásúil cheana agus caithfear dualgas a cur rompu i 2007.
“An rud is tábhachtaí anois ná gníomhaíocht.”


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland