Top Issue 1-2024

30 August 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

An Flaitheas

Na Dubs bocht – níl acu anois ach an Luas agus an spíce sa spéir – tá an Geimhreadh ag teacht agus beidh Craobh na hÉireann ag dul arais go
dtí An Ríocht don sé chéad uair i ndiaidh a chéile. Tá Ard Mhacha ag dul amach ar an phinsean, Tír Eoghain caite, Tír Chonaill ag cur isteach ar 
Chorn Thomáis Uí Mhurchú agus Baile Átha Cliath ag cur amach cíochbheart nua - tá a lán tacaíocht aige ach níl aon cupáin leis!
Tá sé triocha bliain ó bhuaigh muintir an Pháil ar Chiarraí agus iad fós ag scríobh faoi - ach ar a laghad tá níos mó clú agus cáil ar an phríomhcháthair;
l’athann saghas druga le ceannach ar leathphraghas in aice na Spíce, Mary Harney mar Aire na Mí-Shláinte agus na scuainí tráchta is faide sa domhan ar an M50, agus An Tíogar Ceilteach agus Cabernet Sauvignon agus cúig chead bomáin ar an Late Late ina léintí bán.
Níl i gCiarraí ach na sléibhte agus na Blascaoid agus an trá agus Jackie Healy Rae agus an Rós.
Ar aon nós, tá sé thar ám don ghluaiseacht Phoblachtánach filleadh don Choróin Mhuire, mar a deir Sean Sabhat agus na leaids.
Bhí cursaí go breá sna seachtaidí go dtí gur tháinig na Cumannaigh lena feásógaí agus a smaointí aiféiseach a chur ruaig ar na daoine maithe.
Mar a dúirt an Phiarsach táimíd ar fad ag troid ar son Dia agus Éirinn agus s’é an streachailt céanna – in ionad bheith ag iarraidh níos mó daoine ón Aifric a ligint isteach sa tír ba chóir do Phoblachtannaigh bheith ag tacú le turas an Choróin, atá ag dul ó bhaile go baile faoi láthair – tá sé éasca a fheiceail mar
tá dealbh mór ar dhíon an charr agus caoga mná rialta ag siúl ina dhiaidh le postaerí ó Youth Defence.
Bhí deis ag an ghluiaseacht ceannaireacht a fháil ar an cosmhuintir nuair a tháinig bosca cnámha St. Therese go dtí an tír, in ionad bheith ag gaire ar na Dubs ag glaoch an snackbox air.
Mar a dúirt an fear gan fiacla bhí Sinn Féin go hiontach go dtí gur tháinig an t-aos óg ó Bhéal Feirste lena cótaí dufail agus thosaigh siad ar an pholaitíocht.
S’é Dleachtóireacht an t-aon bealach chun feabhas a chur an an Phoblacht Bhanana seo - chaill an proletariat daonfhlathas nuair a vótail siad do Bertie
sa toghchán deireannach – dhá charr sa ghairdín agus saoire i Alicante – sin a shocraigh  an toghchán.
B’fhéidir go bhfuil sé thar ám filleadh don ghunna agus na tuathaigh a vótail do Fianna Fáil a chur amach ag plandail rís, cosúil leis an Khmer Rouge, agus Willie O’Dea a chur isteach mar Pol Pot.
Beidh orainn craobh de Choláiste na bhFiann a oscailt in athann pharóiste – beidh ar athann girseach agus gasúr bríste gearr a chaitheamh, sreang dhealgach a cheangailt lena ceathrú chun an fulaingt a thuiscint, Rodaí MacCorlaí a chleachtadh ar an fheadóg ar feadh dhá uair a chloig agus an Choróin Mhuire a rá, agus súil a  choinneáil ar na tuathaigh ag plandail an rís.
Beimíd in ann seilbh a fháil ar an Cumann Lúthchleas Gael agus gan ligint do Chiarraí magadh ar muintir na cathrach arís – buafaimíd Sam agus ligfimíd d’Aontroim cluiche nó dhó a bhuacaint. Cuirfimid deireadh le Tiobrad Arann agus An Mhí agus déanfaimíd athrú le Paisley – na contaethe gan cósta i gcomhair na sé chontae, ach amháin cathair Doire agus na stocaí bána.
Bhfuil tú caillte go fóill? Tá mé ag scríobh mar John Waters anois, ach níl mé go h-iomlán as mo mheabhair.

Foclóir

Flaitheas...to kingdom come
Ríocht...Kingdom
cíocbheart...bra
Coróin Mhuire...Rosary
Cumannaigh...Communists
(often spotted under beds)
cosmhuintir/tuathaigh...proletariat
dleachtóireacht...dictatorship
daonfhlathas...democracy (not real)
sreang dealgach...barbed wire
ceathrú...thigh
fulaingt...suffering (Carlow supporter)


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland