Top Issue 1-2024

16 August 2007 Edition

Resize: A A A Print

Fear a sheas an fód

Sa bheathaisnéis seo, le Laurence Marley, tá cur síos leathan ar an fhear intleachtúil seo a d’fhág lorg láidir ar shaol na hÉireann go dtí an lá inniu.
Rugadh é i Sráid i gContae Mhaigh Eo sa bhliain 1846. I ndiaidh an Ghorta cuireadh a theaghlach amach as a dteach agus b’éigean dóibh imeacht go Sasana. Bhí tionchar mór aige seo ar a chuid tuairimí i rith a shaoil. Bhí siad ina gcónaí in Haslington, in Lancashire, áit a raibh monarcha éadaí. Mar gheall ar bhochtanas an teaghlaigh b’éigean do Mhichael dul a obair i muileann agus gan é ach aon bhliain déag d’aois. Tharla timpiste dó ansin agus chaill sé a sciathán deas san inneall a raibh sé ag obair air.
Níor chuir sé am amú ag déanamh trua de féin, ach chuir sé oideachas maith air féin. D’éirigh sé an-ghníomhach sna Fíníní mar gur chreid sé go gcaithfí deireadh a chur le cumhacht na dtiarnaí talún agus Home Rule a bhunú. Cuireadh príosúnacht 15 bliana air ach scaoileadh saor é i ndiaidh seacht mbliana; bhí a shláinte go holc i ndiaidh an téarma sa phríosún. Bhí sé ar ard chomhairle na bFíníní ach ba dhuine neamhspleách é agus níor aontaigh sé leis an fheachtas buamála a bhí beartaithe do Shasana, mar sin chuaigh sé a bhealach féin.
D’éirigh sé gníomhach i gConradh na Gaeilge. Thug sé tacaíocht do Parnell agus an Irish Parliamentary Party i bhfeachtas bunreachtúil chun comhoibriú le Liobrálaithe Shasana. Bhí sé féin agus Parnell ag obair le chéile chun aidhmeanna Home Rule agus Chonradh na Talún a bhaint amach. Ach arís, bhí sé neamhspleách agus níor aontaigh sé le Parnell faoi rudaí eile, m.s. níor aontaigh Parnell le ceardchumainn. Ach bhí Davitt go mór ar son chearta na n-oibrithe; chreid sé gur cheart coinníollacha oibre a bhisiú agus gur cheart go mbeadh an Rialtas i gceannas ar chomhlachtaí móra. Ba cheart, dar leis, feabhas a chur ar thithíocht i gcathracha agus faoin tuath.
Bhí sé go láidir in aghaidh impiriúlacht Shasana. Thaisteal sé ag tabhairt léachtaí agus ag tabhairt tacaíocht do dhaoine a raibh an dearcadh céanna acu leis féin faoi úinéireacht talún agus faoi chearta na mbocht. Bhuail sé leis na daoine seo sa Bhreatain, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, agus sa Nua-Shéalainn. Chreid sé go gcabhródh brú idirnáisiúnta chun Home Rule a fháil d’Éirinn.
Níor aontaigh muintir na tuaithe leis faoi úinéireacht a bheith ag an Stát ar an talamh, agus ghlac sé leis sin mar gur chreid sé go láidir sa daonlathas. Dúirt sé nach raibh sé ceart ag Parnell seilbh a ghlacadh ar airgead Chonradh na Talún mar nach raibh sin daonlathach.
Bhí sé ina oideachasóir, ina eagarthóir agus ina iriseoir ar nuachtáin éagsúla ach cuireadh cosc orthu mar gheall ar na tuairimí a bhí iontu. Chreid sé in aosoideachas, rud atá ag teacht chun cinn go mór sa lá atá inniu ann.
Cé nár éistíodh lena thuairimí ag an am tá go leor acu tábhachtach san am i láthair m.s. úinéireacht talún; gan baint a bheith ag an eaglais le cúrsaí polaitíochta; impiriúlachas Shasana; ceardchumainn; agus an dóigh le réiteach a fháil ar easaontas idir oibrithe agus úinéirí; rátaí cánach gan bheith ródhian ar chomhlachtaí; agus go mbeadh cead mairseála ag na Fir Bhuí i ndaonlathas na hÉireann a bheadh cóir agus cothrom do gach dream. Tá a chuid polasaithe i bhfeidhm anois. D’oibrigh sé go dian i rith a shaoil ar son na gcúiseanna ar chreid sé iontu agus chuir seo isteach go mór ar a shláinte, rud ar dhócha ba chúis lena bhás go hóg, gan é ach seasca bliain d’aois.
An leabhar Michael Davitt, Freelance Radical and Frondeur, leis an údar Laurence Marley, 328 leathanach, ar luach $45.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland