Top Issue 1-2024

16 August 2007 Edition

Resize: A A A Print

Leantar den fheachtas

Tá Sinn Féin i gcoinne príosúnú triúr iascairí áitiúla agus go fóill ag cur feachtas Shell chun Sáile ar bharr an chláir oibre.
Táimid go fóill in éadan scéim chonspóideach píblíne/scaglann Shell atá beartaithe d’Iorras Chontae Mhaigh Eo agus phríosúnú triúir iascairí áitiúla a daoradh go héagórach in ionsaí agus ar gearradh príosún trí mhí orthu. Chuir muid in iúl go soiléir do chách ár ndlúthpháirtíocht leis an triúr atá gafa, agus leo siúd a chúiseofar sna míonna seo romhainn.
Ó bhí Deireadh Fómhair na bliana seo caite ann, tá smacht ag fórsa ollmhór Gardaí ar shuíomh scaglann Shell ag Béal an Átha Buí in iarthuaisceart Mhaigh Eo. Le linn na n-agóidí síochánta de chuid mhuintir na háite agus daoine eile atá in éadan scéim Shell, tá neart cásanna d’fhoréigean na nGardaí agus gortaíodh na scórtha duine, cuid acu go dona. D’ainneon gearáin go mion minic chuig na Gardaí, chuig Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána, chuig TDanna, chuig Baill Tionóil, srl. agus d’ainneon mórán cásanna físfhianaise de bhrúidiúlacht na nGardaí, níl aon bheart déanta ar aon bhall den fhórsa. Chomh maith leis sin chaith Cúigear Ros Dumhach, baill Shell chun Sáile, trí mhí i bpríosún ar dhíspeagadh cúirte.
I gcontrárthacht lom leis sin, daoradh triúr daoine áitiúla as ionsaí ar Gharda agus gearradh príosún trí mhí orthu. Níl aon fhianaise fhíseáin de na líomhaintí, a séanann siad, agus ní raibh an Garda gortaithe ábalta rá ar cén bealach a gortaíodh é ná cur síos a dhéanamh ar chúrsaí cruinne an ionsaithe a cuireadh ina leith. Cuireadh daoine eile, na cúisithe ina measc, i gclaíocha le linn na hagóide an Deireadh Fómhair seo caite ar bhóthar cúng na scaglainne. Mar sin féin, thug an breitheamh ciontach an triúr fear, Pat O’Donnell, mac leis Johnathan O’Donnell, agus Enda Carey, as ionsaí ar fhianaise na nGardaí eile a bhí ag obair le linn na hagóide amháin.
Impíonn Sinn Féin ar gach ball agus tacadóir le leanúint ar aghaidh ag tacú leis na fir seo.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland