Top Issue 1-2024

9 August 2007 Edition

Resize: A A A Print

Fiosrúcháin na Rásaí

LE
PEADAR de BLUIT

Sé an céad rud eile atá i ndán dúinn is cosúil. Tá na fiosrúcháin mairteola curtha dínn, na fiorúcháin pleanála i mbun gnó agus chomh luath is atá siad sin réidh mé á rá leat beidh na rudaí seo anuas orainn. Déanann sé ciall iontach má smaoiníonn tú air soicind. Bhí a fhios ag madra na sráide go raibh rud éigin ag tarlú idir fir mhóra an rialtais agus na solátharaithe feola. Lena chois sin is dócha nach raibh mórán daoine amach i dtreo Gleann na Life nár thuig an méid a bhí ag tarlú amuigh ansin. Anois tá an rud céanna againn; puball mór curtha in airde le linn na rásaí oirthear tíre, buachaillí móra gnó, pleanáil 7rl ag siúl timpeall laistigh ann, agus n’fheadar le duine ar bith cad atá ag tarlú! Níl sin dochreidte in aon chor!
Bímis réasúnta ar feadh soicind. Caithfear bualadh bos ollmhór a thabhairt d’ár ceannaire lách atá de shíor chomh cumasach dallmullóg a tharraingt orainn, agus go deimhin ní fear na bhFál atá i gceist agam, ach an ‘ceannaire’ eile - Bertie. Trí nó b’fhéidir ceithre uaire le blian anuas, ag braith ar cad a thugann tú san áireamh, tá Bertie tar éis é féin a slánú ó bhás polaitiúl tragóideach, agus tuairim dá laghad ag duine ar bith againn conas a dhéanann sé é. Ar dtús bhí na íocaíochtaí Manchú, níor tharla a dhath ansin ach cur lena gcuid tacaíochta. Ina dhiadh sin bhí scanal eile faoi dhath na peinte a cuireadh ar a thigh, agus cé a soláthar é, nó ar a laghad an tigh ina raibh sé ag cur faoi an tráth sin. Chaill sé a thánaiste dílis agus fuair sé coileáin cantalach ina áit. Agus ansin bhí deacracht aige ag cur tús lena thoghchán, ag cur cosa le ráflaí go mbeadh dul i rialtas linne nó scaoileadh le Enda dul isteach ann. In ainneoin na rudaí seo ar fad áfach ba dhóigh leat go raibh sé díreach ar ais ó bhliain saoire é a fheiscint ag barr na gaoithe dul isteach sa phuball sa Gaillimh.
I ndáirire áfach sé an feall millteach orainn ar fad go bhfuil an coiriúlaí seo in ann dul ar aghaidh leis an geaitsíocht seo fós. Ní ghá domsa cur in iúl daoibh na fadhbanna atá ós ár gcomhair sa tír seo. Gach lá tá praghas maireachtála dul in airde, tá géarchéim na hospidéil ag dul in olcas, tá ranganna ag titim aníos ar pháistí, timpistí ar an mbóthar gach uile lá níl críoch leis an liosta sin ar feadh píosa. Is cuma sa tioc le taoiseach an stát seo áfach tá seisean agus a chomhpairtithe sa rialtas sásta príobháidiú a dhénamh ar na bóithre, an córas oideachas, na comhlachtaí stáit agus dé chúis? Tá sé ag comhlíonadh geallúintí rásaí na Gaillimhe an bliain roimh ré.
Mise á rá libh anois i gceann 10 nó 15 bliain nuair atá forbairt ollmhór dul ar aghaidh mór-thimpeall ráscúrsa na Gaillimhe, tiocfaidh na ceisteanna. Éalóidh Berite athuair áfach, beidh an fear bocht ró-lag, ró-shean tabhairt faoi árdán na ceistiúcháin faoin stad sin. Beidh ar an Páirtí Poblachtánach Fianna Fáil leithscéalta a dhéanamh ar a shon. Beimid go léir gafa le Fiosrucháin na Rásaí ar feadh píosa, ansin áfach beidh daoine ag gearán faoin costas, an am atá sé ag tógáil suas agus caillfear suim. Tiocfaidh an buachaill bó slán athuair. Shíleamar go raibh féith na coiriúlaí ag múinteoir Bertie, níl rud ar bith feicithe againn go fóill.
N’fheadar me an mbeidh Vinnie Browne fós timpeall ár suim a chothú ann? B’fhéidir go mbeidh ar iriseoir níos giorra do bhaile an bearna a líonadh. Mícheál Mac Donncha ar raidió ÓSF? Cé fios?!

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland