Top Issue 1-2024

2 August 2007 Edition

Resize: A A A Print

Ní Neart go cur le Chéile

Mairtírigh Éadán Tobair

Mairtírigh Éadán Tobair

I Mí na Samhna 2007 beidh comóradh Mairtírigh Éadán Tobair ar siúl i Loch Garman agus beidh comóradh bliaintiúl ag an suíomh in Éadán Tobair cois teorann, áit ar thárla an tragóid ar an 11ú Samahin 1957. Ba anseo díreach ó dheas den teorann i gContae Lú a maraíodh cúigear Poblachtánach i dhá phléascán mhóra ag teach beag Michael Watters. Ceathrar acu sin a maraíodh, bhí siad gníomhach in aonad seirbhíse agus glacadh páirt i bhfeachtas in aghaidh fórsaí na Breataine i dTuaisceart Éireann. Maraíodh Michael Watters, úinéir an tí, maor coille a bhí ina chónaí leis féin sa teach agus a thug tacaíocht don fheachtas.
Na hÓglaigh a maraíodh, Pól Mac Gabhann, aois 19, as Ard Mhacha, Olibhéar Ó Creabháin, aois 20, ón Dún, Seoirse Mac Aogáin, aois 29 as Inis Chorthaidh agus Padraig Ó Pearáil, aois 27, as Baile Loch Garman. Dúradh gur phléasc na buamaí ró-luath gan rabhadh ach bhí tuairim eile ann go raibh lámh ag gníomhaire Breatanach ann agus deirtear go bhfuil a chruthú sin le fáil i bhfianaise a chonachtas níos moille le linn na dTrioblóidí sa Tuaisceart. Tógadh leacht cuimhneacháin i 1958 ar shuíomh an tí in ar thárla an phléasc.
Le linn an ama céanna bhí ochtar óglaigh as Loch Garman ar sheirbhís ghníomhach ag an Teorann i gceanntar Mhuineacháin agus Lú. “Colún Chnoc Fíodh na gCaor” a tugadh orthu. Tá Coiste bunaithe i Loch Garman faoi cheannas Liam Mac Garraí, O/C Deisceart Loch Garman ag an am, Séamus Mac Suain agus Roibeáird Mac Eocaidh – bhí siadsan go léir ar an bhfeachtas agus chaith siad tréimhsí i bpriosún ó am go h-am.
Ba as Sráid Uí Chonaile, Loch Garman do Phádraigh Ó Pearáil agus é ag obair mar chlódóir. Bhí sé gealta le pósadh, é mar chathaoirleach ar Chlub Iomána Pharnell agus d’imir sé féin iománaíocht agus peil. Bhí Gaeilge líofa aige agus bhí sé mar fhear a’ tí ag na Ceilithe a bhí faiseanta le linn na gcaogadaí. An mhórchuid da chomrádaithe bhí siad roint mhaith bliain níos óige ná é, ins na déaga nó beagán le cois fiche agus bhí tionchar láidir aige orthu maidir le cultúr Gaelach agus cúrsaí morálta. Bhí cúlra Páirtí Lucht Oibre aige agus an-mheas aige ar Theaghlach Corish ina bhaile dúchais ach lean sé an ídeal Éire Gaelach agus Saor. Bhí a fhís féin bunaithe ar scríbhinní Mhac Piarais agus Ó Conaíle agus ghlac sé cinneadh a dhul mar Óglach Poblachtánach i bhFómhar 1957. A chomrádaithe óga i Sinn Féin as Loch Garman bhi siad uilig mar bhaill gníomhach de Chonradh na Gaeilge, GAA agus an Réalt. Ní raibh go leor ama acu sa lá le freastal ar na cruinnithe éagsúla, céilithe agus imeachtaí a raibh baint acu le Éire Gaelach. Bhí mé féin mar duine acu. Bhí muid óg, singel agus fuinneamh na hóige ionainn chun an obair a dhéanamh. Bhí Ó Pearáil an-gnóthach ag reachtáil Club Pharnall, ach lean sé ar an obair ar son na Teangan agus an chultúir. Chreid sé go raibh an iomarca grúpaí ag obair ar son na Gaeilge ach gan iad ag obair as láimh a chéile, rud a rinne dochar don Teanga.  Bhí na grúpaí cultúir, na páirtithe poilitiochta uilig ag maíomh go raibh siad ag cur na Gaeilge chun cinn ach nach raibh an chuid acu i ndairíre agus gurbh é sin an fáth nach raibh dul-chun cinn le feiceáil.
B’é tuairim Phádraig gur cheart do Sinn Féin a bheith mar eagraíocht Gaeilge comh maith le bheith gníomhach i bpoilitíocht, in ionad a bheith ag freastal ar chruinnithe éagsúla (Conradh na Gaeilge 7rl.) gach oíche den tseachtain.
Bhí Breandán Ó Bheacháin as Condae an Chláir den tuairim céanna. Thug Breandán seirbhís saoil don chúis náisiúnta go háirithe sa GAA go dtí am a bháis i 2005.  Bhí an fís céanna aige agus ag Pádraig Ó Pearáil.  Bhí aithne agam ar an bheirt acu agus cé go raibh siad dílis don GAA bhí díoma orthu fán neamh-shuim í nGaeilge san eagraíocht. Bhí an-dúil ag an bheirt san iománaíocht. Bhí Breandán ar Choiste GAA go raibh freagracht orthu plean moltaí a dhéanamh don eagraíoch chun an Gaeilge a chur chun cinn. Foilsíodh tuairisc leis na moltaí seo ann. Ach cá bhfuil sé?  Ina luí i gcófra ag cruinniú dusta? Bheadh Breandán sásta go bhfuil toradh maith ar na blianta oibre a rinne sé i mBaile na Sionna, áit a bhfuil “Dúchas na Sionna” bunaithe, sin scáth-ghrúpa de na Cumainn Cultúra agus Gaeilge sa bhaile sin. Tá a neamhspleáchas féin ag gach dream ach iad ag comh-oibriú ar mhaith le pobal na háite.
Bheadh Ó Pearáil as Loch Garman agus Ó Beacháin ón Chlár den tuairim céanna- “ní neart go cur le chéile “
Tá dualgas orainn mar Phoblachtánaigh cluas a thabhairt don ídéal a bhí ag an mbeirt Poblachtánach seo chun Éirinn a athghabháil ina thír Gaelach.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland