Top Issue 1-2024

2 August 2007 Edition

Resize: A A A Print

Gairm Chatha don Ghaeilge!

LE CATHAL Ó  MURCHÚ


Tar éis sceitheadh na tuarascála maidir le todhchaí labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht níos luaithe an mhí seo caite, tá díospóireacht spreagtha arís maidir leis an gcur chuige is fearr conas tabhairt faoin gceist seo.  Ba é an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sna Sé Chontae is Fichead a reachtáil an tuarascáil seo, agus de bharr na conclúidí laistigh atá sceite, tá conspóid mhór tar éis teacht uathu.  Maíonn an tuarascáil úd go bhfuil an Ghaeilge i mbaol a báis mar theanga labhartha sa Ghaeltacht faoi cheann fiche bliain ar a méid, sa chaoi nach mbeidh an Ghaeilge á úsáid mar theanga pobail.  Tá sé luaite inti go bhfuil an t-aos óg ag tiontú ar an mBéarla mar ghnáth-theanga labhartha beagnach go huile is go hiomlán.  Chuige sin, níl tuismitheoirí ag scaipeadh na Gaeilge chuig a gclainne sa bhaile. Chomh maith le sin, tá daoine ag teacht isteach sa Ghaeltacht nach bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu, agus nach bhfuil fíorghá dóibh fiú í a fhoghlaim.
Leis an méid seo, go bunúsach, ciallaíonn sé nach mbeidh a leithéid de rud is Gaeltacht ann a thuilleadh, agus gan amhras buille thubaisteach a bheadh ann do inmharthanacht na Gaeilge go náisiúnta má tharláionn sé seo.  Is léir go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach agus riachtanach an Ghaeilge a chosaint sa Ghaeltacht.  Tá ról ollmhór ag an Rialtas cosaint reachtúil a chur i bhfeidhm.  Ach chuige sin freisin, tá ról na gaelscoileanna níos tábhachtaí anois ná mar a bhí siad riamh sa chaoi go soláthraíonn siad cainteoirí Gaeilge don todhchaí ón nGalltacht.  Brathann athbheochan na Gaeilge sa Ghalltacht agus pobal labhartha na Geailge sa Ghaeltacht go mór ar a chéile, cé nach ionann iad go minic.
Mar a bhí ann riamh, tá dhá champa ag tabhairt aghaidh ar a chéile faoin gceist seo – iad siúd a theastaíonn uathu an Ghaeilge a thabhairt slán mar theanga inmharthana amach anseo, agus na biogóidí frith-ghaelacha den mheoin impiriúlach, agus lucht leanta den chineál sin, a theastaíonn uathu aon deis a thapú leis an nGaeilge a ruaigeadh agus a chur ar shlí a fírinne.  Do lucht na hathbheochana, is gairm chatha é go bhfuil géarghá le gnímh agus le birt dhearfacha chun fód na Gaeilge a choimeád ina seasamh sa Ghaeltacht agus leis sin an teanga náisiúnta a thabhairt slán.  Don dream frith-ghaelach, is cinntiú é seo nach bhfuil i ndán don Ghaeilge ach bás, agus de dheasca sin nach fiú a thuilleadh airgid agus fuinnimh a chaitheamh uirthi.
Is léir go bhfuil níos mó i gceist seachas barúlacha faoi cad atá i ndán don Ghaeilge amach anseo.  Níl mórán amhras ann, ach go mbaineann cúinsí ídé-eolaíochta leis an gceist chultúrtha, sa chaoi go bhfuil sé de nós ag an impiriúlachas a chultúr féin a bhrú agus a leathnú ar mhuintir an Domhain uile.  Baineann an Béarla agus an cultúr Angla-Mheiriceánach leis an gcultúr impiriúlach domhanda de ghnáth sa lá atá inniu ann. Tá an impiriúlachas seo fite fuaite leis an gcóras caipitleach chomh maith, agus is ón gcomhthéacs seo a thuigtear ceist na Gaeilge i ndáiríre!


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland