Top Issue 1-2024

27 February 1997 Edition

Resize: A A A Print

An teanga sa chéad seo romhainn

Bhí Tóstal na Gaeilge ar siúl i nGaillimh ar an deireadh seachtaine seo caite agus bhí tuairisceoir ann do An Phoblacht.

Cé gur tharraing Ogra Fine Gael cuireadh siar ó thaidhleoirí Sinn Féin do tionól i mBaile Atha Cliath Dé Sathairn seo chuaigh thart, ní raibh fadhb ag baill eile den pháirtí páirt a ghlacadh i dTóstal na Gaeilge, eagraithe ag Comhdháil Naisiúnta na Gaeilge fiú nuair a bhí Sinn Féiní le bheith i láthair. Nocht ionadaithe ó na páirtithe éagsúla a smaointe faoi thodhchaí na Gaeilge, agus a bpolasaithe ina taobh, amach anseo i seimineár faoi Ghaeilge agus an Bhliain 2000.

Bhí polaiteoirí ar an ardan le chéile ó chúig pháirtí: Trevor Sargent ón Chomhaontas Glas, Roibeard O Maoluaidh ó na PDs, Eamonn O Cuív ó Fhianna Fáil, Pól O Foighil ó Fhine Gael agus Eoghan Mac Cormaic a labhair ar son Sinn Féin.

Bhí go leor caint ó na polaiteoirí faoi theip an chórais oideachais Gaeilge a spreagadh agus cáineadh faoi mhúinteoirí Gaeilge ag múineadh Gaeilge nach raibh Gaeilge acu féin, fiú. Ach thóg Mac Cormaic seasamh eile. Chuir sé buanna agus fás spéis na Gaeilge ó thuaidh i gcuimhne dona polaiteoirí uile agus don lucht freastail, ag rá nár tharla méadú líon na Gaeilgeoirí :de thaisme''.

``Cuireadh go leor oibre isteach ar an cheist seo ag ceannródaithe na Gaeilge sna Sé Chontae, cuid acu atá ag an chruiniú seo inniu'' arsa Mac Cormaic.

``Ba chóir daoibh - má's é go bhfuil sibh ag iarradh fáil amach faoi mhódh múinte a oibríonn - ba chóir daoibh ceist a chur ar na daoine sin ar éirigh leo cheana féin le líon labhartha na Gaeile a mhéadú go suntasach, agus sin in áit nach bhfuil cabhair stáit gur fiú tracht air ag dul don teanga.

```Sé an freagra a gheobhaidh sibh, má's ceart mo thuairim ar seo, ná gur chothaigh siad aithint ar an teanga mar suaitheantas an náisiúin, mar rud tírghrách, agus chan mar abhar túr tirim acadúil.''

Mhinigh Mac Cormaic go bhfuil meon difriúil ag Sinn Féin ar ceisteanna na Gaeilge nó go n-aithníonn an páirtí sa chéad dul síos, go bhfuil stair iarchóilíneach ag baint leis, agus de bhrí sin go mbeidh gné polaitiúil i gcónaí ag baint le hiarrachtaí chun an Ghaeilge a athbhunú:

``O dheas, tá gearán nach gcomhlíonann an stát a dhualgaisí ó thaobh cearta na teangan. O thuaidh níl na cearta sin ann fiú, agus creideann Sinn Féin go gcaithfidh cearta a bhaint amach go mbeidh Stadas ann don Ghaeilge mar theanga an phobail, gur chóir coscanna, mar chosc in aghaidh na Gaeilge i gComhairle na Cathrach, Bhéal Feirste a scoir, agus go mbeadh Bille Cearta ann don Ghaeilge''

Luaigh Mac Cormaic tacaíocht Sinn Féin don Ghaeilge i modhanna praicticiúla agus chuir sé samplaí de sin, Slógadh Sinn Féin, Saoirse, Córas Aistriúháin na hArd Fhéise, leathanach Gaeilge in An Phoblacht san aireamh. Luaigh sé, chomh maith, na suimeanna móra airgead a bhailíonn na cimí agus baill de Roinn an Chultuir gach bliain agus a bronntar ar Ghaelscoileanna ar fud na tíre.

Bhí díoma ar go leor den lucht freastal nár cheap Páirtí an Lucht Oibre nó an Daonlathas Clé go raibh an cruinniú tábhachtach go leor go mbeadh úrlabhraithe acu i láthair, rud nach rachaidh amú, is dócha, i measc votóirí le Gaeilge amach anseo.


Feachtas cearta do Diarmuid O Néill



Tá feachtas cearta do Diarmuid O Néill á bhunú inniú (Déardaoin 27 Feabhra) ag a chlann agus a chairde lasmuigh de oifig an Home Office i Londain.

Maraíodh an tOglach O Néill agus é gan airm nuair a rinne póilíní ionsaí ar a arasán i Hammersmith. Scaoileadh é 10 n-nuaire. Tar éis an mharú dúirt póilíní sna meáin cumarsáide go raibh troid ghunnaí ann, go raibh O Néill á lorg do phléasc Canary Wharf agus go raibh ábhar pléasc san arasán. Bréaga ar fad a bhí iontu siúd.

Dúirt urlabhraí don bhfeachtas nua, Peter Middleton: ``Táimíd ag cur isteach achainní do Michael Howard ag éileamh fiosrúchán poiblí.''

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland