Top Issue 1-2024

19 July 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Torthaí an toghcháin

Cad a chuaigh mí-cheart nó an bhfuil ceacht le foghlaim ag Sinn Féin ó na torthaí? Dá néireodh go maith le Sinn Féin sa toghchán b’fhéidir go mbeadh siad ag comh-oibriú sa Rialtas le  Fianna Fáil, rud a mbeadh deacracht ag go leor dár lucht leanúna glacadh leis. Cén tairbhe a bheadh ann do Sinn Féin a bheith i Rialtas le páirtí a raibh cuid d’a mbaill  i gcleachtais mí-mhacánta agus go bhfuil na Binsí Fiosraithe ar siúl mar gheall orthu? Arbh fhéidir le Sinn Féin seans mar sin a ghlacadh? Nach fusa i bhfad bheith ag comh-oibriú leis na hAondachtóirí, tá fhios acu cá seasann siad leo san.
Tá go leor leithscéal á gcur chun tosaigh faoi na droch thorthaí a fuair Sinn Féin san olltoghchán. Tá Pat agus Páirtí an Lucht Oibre go mór sa nuacht, “Cá seasann siadsan anois?” agus de réir na meáin tá na PDs críochnaithe gan mórán sa todhchaí dóibh. Ach cuireann Sinn Féin i gcuimhne dom Foireann Iomána Loch Garman a buaileadh go mí-thrócaireach i gCraobh Laighin  ach iad ag rá fós go “ dtiocfaidh ár lá”.
Bhí mé ag plé na droch thorthaí sa toghchán le mo chairde Poblachtánacha. Dár linn go bhfuil roinnt cúiseanna gur éirigh chomh holc sin le Sinn Féin. An príomhchúis, nár éirigh leis an Pháirtí an Tuaisceart  agus na 26 Condae a chur san áireamh le chéile in a gcuid straitéisí poilitíochta agus eacnamaíochta, ar bhonn uile-Éireann. Cruthú ar seo, bhí sé le feiceáil ag stocairí Sinn Féin ag na doirse agus na ceisteanna á gcur ag na vótóirí.
Poblachtánaigh acadúla, go bhfuil fios a ngnó acu, deir siad go raibh an iomarca polasaithe beaga ag Sinn Féin, ar seo siúd is eile, iad curtha le chéile faoi dheifir agus gan gá leo. B’fhearr díriú ar na ceisteanna móra.
Cúis eile leis na droch-thorthaí nár chuir Sinn Féin a gceannairí chun tosaigh mar iomaitheoirí, ba cheart dul i ngleic le seo roimh na Fothoghcháin agus toghcháin eile.  Rud eile, ní raibh na hídéil Poblachtánacha a bplé acu roimh an toghchán ach bhí Sinn Fein ag dul in iomaíocht leis na Páirtithe eile le geallúintí “auction politics”.
De réir Mark Hennessy, tráctaire polaitiúil Irish Times deir Arthur Morgan TD. “We are going to bounce back. We are going to claw our way back by our fingernails, inch by inch right across the State.”
Cá bhfuil ár dTreo Anois ?
Tar éis an toghcháin bhí tuirse ar Sinn Fein ón stocaireacht fhada agus tá siad ar sos anois agus iad ag scrúdú agus ag ceistiú  “cad a chuaigh mí-cheart ?”Agus ag súil go dtiocfaidh feabhas. Cad a thárla don phríomh-aidhm,’sé sin Poblacht Uile Éireann? Ceapann na páirtithe eile go bhfuil an jab déánta mar go bhfuil síocháin sa Tuaisceart agus tá Fianna Fáil ag craobhscaoileadh go bhfuil an buíochas ag dul do Haughey, Ray Burke, Ahern agus lucht Fianna Fáil go léir, gurb iadsan an Pairtí Poblachtánach a fuair Socrú Aoine an Chéasta.
Bhí Cumann  na nGael, an chéad dream Saorstáit, siad sásta leis an Chonradh i 1921 agus sin mar atá siad fós ainneoin go ndúirt Collins nach raibh ansin ach an chéad chéim (stepping stone) chun na Poblachta Uile Éireann. Ar mo bhealach go dtí Cluiche Ceannais Peile Uladh le déanaí bhí íonadh orm faoin méid Union Jacks a bhí le feiceáil i dTír Eoghain agus Fear Manach. Ag an am céanna tá na hÚdaráis sa 26 Chondae ag cur ‘na luí orainn go bhfuil gach rud go breá.
Sinn Féin an taon pháirtí Uile-Éireann, ag gniomhná sa 6 Chondae agus sa 26 Chondae. Ach arís an cheist, cad faoin aidhm Éire Aontaithe ?
Deir Eoin Ó Murchú i Lá Nua
“Má cheapann  Sinn Fein gur socrú éatromach atá i gComhaontú Aoine an Chéasta, is socrú buan é i bhfocal Willie O’Dea an tAire Cosanta. Mar sin ní  hamháin nach mbeidh aon chead cainte ag Sinn Fein sa Dáil, ní bheidh cead cainte ag éinne ón Tuaisceart ach an oiread – Sinn Féin, SDLP, Aontachtóirí nó eile. Ag deireadh thiar, glacann Fianna Fáil leis an gcríochdheighilt, agus beidh i bhfad níos mó suime acu i gcomhoibriú leis an DUP ná le Sinn Féin a bheadh ag mealladh na vótóirí céanna le Fianna Fáil.”
Rinne Sinn Féin neamhaird ar Westminster i 1919 nuair a tháinig siad le chéile sa Mansion House agus bhunaigh siad an Chéad Dáil. Sa bhliain seo 2007 níl an scéal céanna ann is a bhí i 1919, ach ba cheart dóibh Dáil Uile-Éireann a bhunú mar an chéad chéim go dtí Éire Aontaithe. D’fheadfaí cuireadh a thabhairt do TD’s, MP’s agus MLA’s páirt a glacadh ann agus plé a dhéanamh ar ábhair a bhaineann leis an dá dhream, sa 6 Chondae agus na 26 Chondae. Ba thairbhe é do na Teachtaí Neamhspleách nach bhfuil cead cainte acu sa Dáil. Bheadh an Dáil Uile Éireann go hiomlán daonfhlaitheach mar dheá-shampla de Rialtas macánta agus bheadh sé mar chéad chéim chun Éire Aontaithe. Thiocfadh siad le chéile go rialta, bheadh Airí freagarthach as Ranna éagsúla-Tionscail agus Trádáil, Turasóireacht, Airgeadas, Oideachas 7rl. agus Aire Gaeilge, rud atá go mór in easnamh.
Ní tharlóidh aon rud muna bhfuil an fís ann ar dtús. Smaoinigh air!

 


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland