Top Issue 1-2024

5 July 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Paris i nGéibheann

San Quentin
Mo 23ú lá
Iúil ‘07

A chomrádaithe,
Tá mé ag scríobh chugaibh mar tá a fhios agam nach bhfuil aon ‘War News’ agaibh na laethanta seo agus níl aon scéalta faoi na ‘Peelers’ ag tochailt suas urlár i mBéal Feirste.
An uair dheireanach a bhí mé ag léamh an pháipeár bhi Poblachtánaigh ag tabhairt amach faoi na saighdiúirí ag cur isteach ar chluiche gailf i ndeisceart Ard Mhacha - cad a déarfaidh an sniper - Buíochas le Dia rinne na Brits an rud ceart.
Ag caint faoi Ard Mhacha ní féidir liom amharc ar an dath oráiste a thuilleadh i ndiaidh an chulaith oráiste a chaitheamh le breis is fiche lá agus mé ag fulaingt anseo leis na lumpenproles eile.
Cosúil le Seán Mistéil sna 1840í, thosaigh mé mo dhialann féin chun aird an domhain a tharraingt ar mo chás. Ní fhaca mé mórán círéibeacha seachas na ciaróga dubha ag troid le chéile agus ní raibh mo spúnóg mór go leor chun tochailt tríd an bhalla, mar sin bhí orm m’am a chur amú ag féachaint ar an liathróid mhór sin Trevor Welch ar TV 3 agus Bohs agus Doire ag rith timpeall sa chlábar in Dalymount agus 57 sa lucht féachana ‘s iad ag eascainí ar achan imreoir agus ag ithe madraí teo, mar níl aon rud eile le déanamh acu lena saol seachas ól cannaí cois cladaigh.
Thit me i ngrá faoi dhó le Regina a thug CD’s agus cóicín saor dom agus ansin leis an Damhán Alla Dubh, Catherine Nevin; roinn sí a cuid prátaí rósta liom agus mhúin sí dom conas smideadh a chur ar m’aghaidh le sluasaid agus jab a fháil ar RTÉ.
D’inis mé di go bhfuair sí an dlíodóir mícheart agus ba chóir di bheith amuigh ag imirt gailf le OJ agus ag díol leabhair.
Thosaigh mé a léamh an Bhíobla nuair a bhí mé istigh agus tá mo shaol athraithe - bhuel sin a deir na dílseoirí sa phríosún agus ligtear saor iad go luath i gcónaí.
Tá mé ag smaoineamh dul isteach sa pholaitíocht in Éirinn nuair a bheidh mé saor. Thug mé faoi deara le Michael Lowry agus a leithéid go n-ardaíonn do vóta nuair atá tú ós comhair binsí a bhíonn ag déileáil le héilliú agus briseadh an dlí.
Cheap mé go raibh an t-ádh ormsa ag díol mo scéil do na meáin chumarsáide ach in Éirinn ligtear duit dul ar ais sa Dáil.
Caithfidh go bhfuil meas ag na hÉireannaigh ar an té a ghoideann airgead ón Stát agus an té nach n-íocann cáin, agus go dtiteann an dualgas ar an hamadáin eile.
Bhí orm brachán a ithe don bhricfeasta ar maidin agus bhí mé caillte gan mo chalóga arbhar agus mo coco-pops ach fuair me glaoch ó Pamela Flood a gheall dom go mbeidh mé sa chéad iris eile de VIP le Marty agus Gerry, agus bhí mé ar Tráth na gCeist le Larry Gogan, cé nach raibh na ceisteana oiriúnach dom an uair seo agus dúirt me ‘Hi’ le hachan duine sa siopa gruagaire i mBéal an Átha agus gach duine bhfuil aithne agam orthu.
Tá mé ag súil go mór le filleadh go Malibu agus leabhar a scríobh faoi m’am i ngéibheann agus cuairt a thabhairt ar na hÉireannaigh bhochta agus iad báite leis na tuilte agus an buidéal gréine ag rith astu leis an bháisteach agus iad fós ag vótáil do Fhianna Fáil agus ag tabhairt amach fúthu den chuid eile den téarma Rialtais, agus ag ligint do chomhairleoirí Shinn Féin a dtithe a fháil dóibh agus gan bacadh vótáil mar bhí Emmerdale ar an teilifís - fág iad ar fad i Lanzarote leis na Sasanaigh ar an deabhal karaoke.
Tá mé ag bogadh go Fionnghlas nuair a fhaighim saor agus tatú agus geansaí Celtic a chaitheamh le mo phoit mhór agus féachaint orm féin ar MTV ag bladaráil nó jab a fháil ar AP/RN ag freagairt fadhbanna gnéis na léitheoirí, ós rud e nach bhfuil ‘War News’ ann a thuilleadh.
Bhur gComrádaí

Paris Nic an Hioltún

Foclóir

I ngéibheann...imprisoned
Ag tochailt...digging
Círéib...riot
Ag eascainí...cursing
Smideadh...make up
Sluasaid...shovel
Deis...opportunity
Dualgas...responsibility
Calóga arbhar...cornflakes
Tuilte...floods


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland