Top Issue 1-2024

5 July 2007 Edition

Resize: A A A Print

Filleann an feall ar an bhfeallaire

Le Peadar de Bluit 

Filleann an feall ar an bhfeallaire a deirtear, ach ní bheifeá cinnte de sin tar éis an toghcháin is déanaí. Tá an buachaill bó Bertie fós i réim in ainneoin na gceisteanna faoina airgeadais, an stáit dhá réim atá anois againn agus go leor fadhbanna eacnamaíocha agus sóisialta eile sna 26 Chontae. Ní amaháin seo ach tá sé imithe níos faide fós agus iachall méadaithe a cur orthusan a íocann cáin, leis na trí phost nua sa rialtas chun na cúlbhinsí a shocrú agus na heirebaill in airde le teacht chun cinn an Chomhaontais Ghlais.
Ní hé Bertie an t-aon radharc pianmhar atá fós linn i ndiaidh an toghcháin. Tá áit fós ag an bPáirtí ‘Daonlathach’ sa rialtas. Is éacht den scoth é seo cuma cad a cheapann éinne den ghrúpa seo. In ainneoin nach bhfuil ach 1.2% de na suíocháin sa pharlaimint acu anois, tar éis an scriosadh millteach a deineadh orthu, fós tá suíochán acu ag bord an rialtais. Filleann an feall ar an bhfeallaire? N’fheadar in aon chor?
Tá an scéal níos measa ná sin fós, áfach. Is í an roinn atá faighte ag an dream nimhneach, contúirteach seo ná sláinte. Ciallaíonn sé sin go bhfuil lámh shaor athuair ag an sean-Aire Sláinte, Mary Harney, leanúint ar aghaidh le milleadh a dhéanamh ar pé codanna den gcóras poiblí atá fágtha sa stát seo. Príobháidiú an chórais sláinte, lárú na n-ospidéal, ag lonnú acmhainní riachtanacha in ionad príobháideach, cosúíl leis an aonad radaiteiripe atá san Oir-Dheisceart. Cé orthu a bhfuil an feall ag filleadh arís?
Agus cad in aon chor faoi lucht na heite clé? Tá an chuma ar an scéal go bhfuil siad bailithe leo go dtí an lár. Páirtí an Lucht Oibre, reidh agus ullamh dul isteach i gcomhrialtas leis na coimeádaigh i bhFine Gael. An Comhaontas Glas anois istigh i rialtas le Fianna Fáil agus na daonlathaigh, beidh le feiceáil conas a éireoidh leo sin ar an chlé go fóill. Tá an Páirtí Sóisialach briste ar fad ach is dócha nach bhfuil siad imithe go fóill. Agus cad fúinn féin?
Tá díospóireacht dhomhain, chuimsitheach, leanúnach ag dul ar aghaidh eadrainn ar fad faoi láthair. Tá píosaí san fhoilseachán seo fós ag déanamh anailíse ar an toghchán. Baill den ghluaiseacht ag iarraidh a dhéanamh amach an raibh an locht orainn, nó an ea gur oibrigh coinníollacha an toghcháin inár gcoinne. Is iad an dá rud a bhí ann is dóigh liom. Níor chabhraigh sé go raibh dhá rogha ghlana os comhair na ndaoine ag dul isteach sa bhoth vótála. Gan dabht chuir an ‘squeeze’ cáiliúil seo brú uafásach orainn agus níorbh é sin an t-aon rud a d’oibrigh inár gcoinne.
Dar le Dermot Ahern, d’fhéadfadh duine athruithe polasaithe Shinn Féin a dhéanamh amach bunaithe ar cad é a dúirt Fianna Fáil nach raibh sásúil. Is fuirist dó siúd sin a rá anois agus é sáite siar sa tigh uaine arís. Tá ciall ar leith leis an méid a deir sé áfach. Dheineamar botúin sa toghchán seo. Tá sé tábhachtach dúinn sin a thuiscint agus na botúin chéanna a sheachaint sa todhchaí. Is é an rud atá i bhfad Éireann níos tábhachtaí anois ná an páirtí a thógáil ó dheas. Caithfimid méid na gluaiseachta a fhás go mór roimh 2009 agus bheith réidh don dúshlán sin. Caithfimid bheith láidir sa phobal, gníomhach ar ár gcuid polasaithe radacacha sóisialacha, agus a thaispeáint go bhfuilimid i ndáiríre faoin dá chuid den stát seo a feabhsú.
Fillfidh an feall ar na bhfeallairí, nílimid imithe in aon chor.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland