28 June 2007 Edition

Resize: A A A Print

Acht na dTeangacha Oifigiúla

LE PEADAR de BLUIT 

Tá go leor caint na laethanta seo ar Acht Gaeilge do na 6 contae. Gan dabht ar bith tá géarghá go mbeadh cearta ag Gaeilgeoirí ós comhair an dlí a dteanga féin a úsáid agus a labhairt. Is cinnte nach bhfuil cá eile ar nós Máire Nic an Bháird de dhíth orainn. Ná déanaimis dearmad áfach nach bhfuil an Gaeilge thar a bheith sláintiúil thíos tíre ach an oiread.
Tá an gluaiseacht seo ar cheann des na grúpaí polaitíochta is fearr an an t-oileán seo ó thaobh meas ar an Gaeilge. Gan dabht ar bith tá grúpaí ar nós an Comhaontas Glas go maith leis, agus bhí cúpla pléascáin ag an gadhar fiáin Mc Dowell, nuair a bhí sé in ard-réim chomh maith, ach ar an iomlán tá an Gaeilge i bponc ‘ó theas’.
“Cad faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla?” deir sibh. Bhuel ceist iontach í sin, cad faoi? Tá Acht an dTeangacha Oifigiúla i measc reachtaíocht an stáit le thart ar trí bhlian anois, agus sin é go bunúsach. Tá Coimisinéir Teangan againn anois chun aidhmeanna na hachta a cur i bhfeidhm, agus de réir mar a thuigim, tá foireann díongbháite taobh thiar dó, ach d’fhéadfadh dul amú bheith orm. Is cuma áfach, faoi díograsacht an grúpa sin, mura bhfuil an toil polaitíochta ann aidhmeanna an Acht a comhlíonadh.
Go dtí seo sé an t-aon eachtra mór atá tar éis poiblíocht a fháil don Acht seo ná an áthbhaisteadh ainrialta thíos insan Daingean/ Daingean Uí Chúis/ Dingle nó pé ainm eile aá uait. Tá a fhios agam go maith go bhfuil seasamh againne ar an gceist seo ach ní thosóidh mé ar argóint sin inniu. Sé an pointe atá mé ag iarraidh a dhéanamh ná nach bhfuil seo go maith don teanga. Ba cheart dúinn uile a bheith ag baint leas as an Acht seo chun ár gcearta ‘bunreachtúil’ agus dleathach a cuirtear i gcrích leis an acht seo a éiliú. Tá gá go gcuirfear brú ar chomhlachtaí agus roinn stáit an seirbhís a bhfuil ceart againn do, a fháil trí mheán na Gaeilge.
I ndáirire áfach, ní haon ionadh nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ar an gceist seo toisc nach bhfuil suim ar bith ag an rialtas ann. An tseachtain seo nuair a d’fhógair an buachaill bó Bertie go mbeadh trí aire stáit nua dá teachtaí tuath, i gcás go mbeadh inchur ró-mhór ná chóir ag na Glasaigh, ní raibh baint ag ceann ar bith acu leis an Gaeilge. Ach dá mbeadh Aire againn le beagán fuinneamh, seans go mbeadh an scéal difiriúl. Caithfidh tú bá a bheith agat do Éamon Ó Cuív bocht. Tá sé sáitithe san oifig céanna le deich mblian, agus cúig eile i ndán do! Sin ráite áfach na laethanta seo níl fiú aire ag an Gaeilge.
Bíodh acht Gaeilge ó thuaidh cinnte agus déan cinnte go mbíonn gach uile duine againn ag tacú leis. Ach in ainm Dé úsáidimidne, ‘ó theas’, na cearta dleathach atá ann dúinn. Taispeáinimdne go bhfuilimd láidir ar son ár dteanga, agus nach gcuirimd suas le geaitsíocht na páirtithe móra.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland