Top Issue 1-2024

21 June 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Bhí mé arais ar Chnoc 16  ar an Domhnach i gcomhair an rí-ra agus ruáille búaille idir na ‘Jackeens’ agus an Rítheaghlach.
Bhí trua agam do Graham Geraghty – i ndiaidh diúltiú a fháil i gCondae an Mhí ag an toghchán bhí air éisteacht leis na maslaí ó lumpenproletariat ar an Chnoc.
Bhí scata amadáin ós mo chomhair agus i ndiaidh uisce beatha agus beoir a ól go hoscailte, thosaigh siad ag cur cúpla ‘spliffs’ le chéile agus an boladh in athann áit agus páisti in aice leo. D’oscail siad an cócaon ag leath ám agus ag caitheamh seilide ar daoine eile sa dara leath.
Bhí thart ar 40 Garda fiche slat uainn agus níor bhac siad leo - níl fhios agam cad tá ar siúl ag an Cumann Lúthchleas Gael agus na gardai ach tá cuma ar an scéal go bhfuil siad sásta ligint do seo dul ar ghaidh go dtí go marófar duine i bPáic an Chrócaigh.
Is cuimhin liom mo chéad turas ar an traen go dtí Cluiche Cheannais na Sraithe idir Baile Átha Cliath agus an Mhí i 1975 – bhí Jimmy Keaveney i réim agus na mná sa bhialann ag caint faoi cosa álainn Bobby Doyle – fuaireamar turas ar  sean mbusanna dubh ‘s bán agus bhá dhá dhath ar mo chloigeann ó dath ag rith ó mo hata.
Bhí nós agam síniú na n-imreoirí a fháil sa seomra gléasta taréis na cluichí agus burgar galánta i mBurgerland – ní raibh ach ceapairí againn sa Chlár ag an ám sin agus ó shin thug mé tacaíocht do na Dubs, cé go mbíonn go leor daoine ag caitheamh anuas orm agus geansaí Liverpool nó Leeds orthu agus iad o Muigheo no Corcaigh!
Bíonn brú uafásach ar pheileadóiri an phríomh chathair má bhuann siad cluiche nó dhó agus anois beidh an lucht tacaíochta agus na meáin cumarsáide ag súil le Craobh na hÉirinn arís, cé nar chruthaigh siad go fóill go bhfuil an caighdeán ceanna acu is atá ag muintir Chiarraí agus an Tuaisceart.
Thaispéan Tír Eoghain ar an Domhnach go bhfuil an Lámh Dearg in uachtar arís agus beidh Ard Mhacha arais gan dabht – tá bliain nó dhó faghta ag McGeeney agus Bellew agus ní bheidh siad sásta go dtí go bhfuil an dara chraobh buaite acu.
Tá trua agam do foireann iomána Bhlá Cliath – i ndiaidh cailliúint amach ar seans an Chraobh Laighin a bhuacaint sa bhomaite deireannach tá siad caite isteach leis an fathaigh ó Chorcaigh ar an Satharn i bPáirc phairneill – gan chluiche mar seo, áfach, ní thiocfaidh feabhas orthu riamh agus tá sé in ám dóibh seasamh suas in aghaidh na bodaí móra, i ndiaidh an obair ionatch atá ar siúl ar fud na cathrach leis na blianta.
Tá muinín ag an dream seo agus ní bheimíd ag súil le léasadh o na Corcaíoch nó puisíni Cill Chainnaigh.
Beidh an Tour De France ag tosnú go luath agus suim caillte ag na meáin anseo ó d’imigh Kelly agus Roche. Beidh mac Roche, Nioclás, in iomaiocht i mbliana agus beimíd ag súil le dea thoradh i gceann bliain nó dhó eile.
Níl sport níos crua sa domhan agus i ndiaidh ceathair uair déag a chaitheamh ar an diallat ar shleibhte Cill Mhantain le deanai aontaím go bhfuil an rothaíocht ar cheann de na spóirt is fearr sa domhain, ce go bhfuil se truallaithe le drugaí.
Beidh na Sasanaigh bocht ag súil le dea scéal ó Wimbledon i Mi Iúil – ni raibh buaiteoir acu ó Virginia Wade agus tá cuma ar an sceal go mbeidh orthu bheith sásta le sú talún agus uachtar arís.
Tá srath sacair an saorstát ar siul arís agus Bohemians ag fáil greim ar chursaí taréis a talamh a dhíol ar seachtó milliúin – má tá tú ag iarraidh conas maslú a úsáíd i gceart téigh síos go Dalymount oíche Aoine .
Tá sé deacair léitheoirí a spreagadh chun freastal ar na cluichí seo , fad is atá  iomáint draíochta ar siúl i gCúige Mumhain – bhí Ollie Moran mar Cúchulainn ar an Satharn ag piocadh an sliotar ón spéir agus paisean John Mullane agus na Déisi le feiscint i nDúrlas Éile ar an Domhnach.
Beidh Ger Loughnane ar an fód go luath agus muid ar fad ag súil le conspóid de shaghas éigin leis na Gaillimhi.
Tá mé ag filleadh ar mo rothar amárach taréis sos seachtaine agus ag díriú isteach ar na hAlps agus rás 6,000 méadar i Mí Lúnasa leis na bomáin eile.
I ndiaidh sin tá maratón Baile Átha Cliath ag deireadh Mí Fomhair le deich míle Poncánaigh .
D’imir mé mo chluiche deirannach iomána tri bhliain ó shin nuair a d’inis m’iníon liom go raibh an iomarca daoine ramhar ar an foireann agus bhí an lán chúílaí ag caitheamh toitín nuair a bhí an sliotar ar an taiobh eile den pháirc.
Ar a laghad ní raibh sé ag caitheamh cócaon atá go flúirseach ar fud na tíre agus sochaí ag déanamh neamh aird air go dti go bhfuil an áit truallaithe leis.
Feicfidh mé thú i bPairc an Coke- aigh.

Foclóir

diúltiú...refusal
masla...insult
cócaon...cocaine
brú...pressure
meáin cumarsáide...media
fathaigh...giants
diallat...saddle
truallaithe...polluted
sú talún agus uachtar...strawberries and cream
neamh aird...ignoring


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland