Top Issue 1-2024

14 June 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Ceist nó Dhó

Cén praghas an chumhacht? An bhfuil Comhaontas Glas réidh a bpolasaí a dhíol ar son dhá airí sa rialtas nua? An ligfidh siad do na saighdiúirí Poncánacha landáil in Aerfort na Sionainne mar is gnách? An ligfidh siad do thógalaithe bóthar a thógáil trí Theamhair na Ríthe agus an tír a scriosadh le SUV’s?
Nó an mbeidh níos mó béime ar athchúrsáil agus deireadh leis an chaint faoin chumhacht núicléach?
Nó an mbeidh orainn filleadh ar Ceann an Chairn le Christy Moore agus na hippies agus cider a ól ar feadh seachtaine i bpuball sa chlábar arís?
An mbeidh mórán difríochta idir Sinn Féin agus na Glasaigh sa Rialtas?
Ar aon nós tá cúpla ceist dháiríre le plé an tseachtain seo i ndiaidh na raiméise ar fad le déanaí.
Ní ghlacfaidh mé LSD ar feadh mí eile ar a laghad agus beidh mé ag plé cúrsaí Gaeilge agus an Tuiseal Ginideach agus madra nua Barbie.

Hanafin v Ó hAinifin
Seo mar a chuir an Irish Times an cheannlíne ar thuairisc faoin easaontas a tharla idir an tAire Oideachais agus Dónall Ó hAinifin ó Ghaelscoileanna. Tharla an argóint eatarthu ar chlár raidió agus iad ag caint faoi thumoideachas. Le tamall anuas bhí an tAire le cloisteáil ag brú a polasaí pearsanta féin in aghaidh an tumoideachais, ainneoin go bhfuil sé cruthaithe go hidirnáisiúnta gurb é an tumoideachas an modh is fearr. Bhí a sáith le dhéanamh ag an Aire deisbhéalach a cuid féin a choinneáil san argóint in aghaidh Dhónaill Uí Ainifin príomhoide Ghaelscoil Chiosóg. Bhí feachtas an olltoghcháin faoi lán seoil nuair a tharla an argóint agus d’fhéadfadh sé dochar a dhéanamh do vóta an Aire, ach d’fhógair sí ‘sos cogaidh’ faoi ábhar an tumoideachais – go ceann tamall eile b’fhéidir!

Stádas na Gaeilge Arís
Cé hí Viviane Reding? Is ball í de Choimisiún Cultúir Romani Prodi. Tá tuairimí láidre aici faoi Stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil san Aontas Eorpach. Deir sí gurbh fhearr i bhfad do Rialtas na hÉireann meas agus bród a thaispeáint ar a  dteanga in Éirinn, í a labhairt mar ghnáth-theanga laethúil agus cultúr na hÉireann a chur os comhair phobal na hEorpa. Cuireann sí an cheist “an bhfuil scannáin agus cláir theilifíse a ndéanamh i nGaeilge? Ó Lucsamburg do Viviane, níor éiligh siadsan stádas oifigiúil dá dteanga féin ach úsáideann siad í i ngach gné dá saol laethúil.
Laoch Dan Breen – Leabhar Nua
Nuair a foilsíodh féin-bheathaisnéis Dan Breen, My Fight for Irish Freedom, don chéad uair i 1924 bhí éileamh mór ar an leabhar. Tharraing sé conspóid go leor maidir lena mhodh troda míthrócaireach le linn aimsir na nDúchrónach. Rinneadh roinnt athfhoilseachán ar an leabhar ó shin agus rinne Oifig an tSoláthair aistriúchán ar an leabhar i 1972.
Tá beathaisnéis nua curtha amach ag Mercier Press leis an údar Joe Ambrose, le cur síos suimiúil ar eachtraí troda Dan Breen agus a chara Seán Treacy a maraíodh sa troid i mBaile Átha Cliath. Tá ainm Breen agus Treacy luaite mar cheannairí a chuir tús leis an bhfeachtas Poblachtánach leis an troid i Sulchóid Bheag sa bhliain 1919 nuair a mharaigh siad beirt bhall den R.I.C. Níor ghabh sé leithscéal ar bith faoi ach a rá gur dhíomá leis nár éirigh leo seisear póilíní a mharú mar gurbh iad naimhde na hÉireann iad. Mar thoradh ar an eachtra chuaigh na húdaráis go dian ar phobal Thiobraid Árann; bhí na fórsaí míleata ar fud na háite agus ceistíodh a lán daoine. Laistigh de shé mhí, chuaigh an luach saothair ar ghabháil Breen suas ó £1,000 go dtí £10,000 agus leathnaigh a chliú ar fud ne tíre. 
I mí Bhealtaine d’éirigh le Breen agus Treacy a gcara Seán Hogan a shaoradh ag Stáisiún Knocklong nuair bhíothas á thabhairt go príosún Chorcaí. Gortaíodh Breen san eachtra agus bhí sé le bás ach tháinig sé slán as.
D’iarr Michael Collins ar an mbeirt acu páirt a ghlacadh ina scuad féin i mBaile Átha Cliath. Theip orthu ina n-iarracht Fear Ionaid an rí a mharú. Rinne an bheirt acu éalú ‘miorúilteach’ ó theach i nDroim Conrach agus na Dúchrónaigh timpeall orthu. Throid sé in aghaidh Chonradh 1921 ach gabhadh é go luath agus chaith sé an tréimhse sin i bpríosún.
Toghadh chun na Dála é i 1927 agus roinnt amanna eile le linn a shaoil. Chaith sé cúpla seal ag obair sna Stáit Aontaithe agus bhuail sé le Mahatma Gandhi agus le ceannairí eile a bhí ag obair ar son saoirse. Deirtear go raibh bá aige leis na Gearmánaigh sa Dara Cogadh Domhanda. Ní raibh mórán measa aige ar an Eaglais Chaitliceach. Ag deireadh a shaoil agus é in ospidéal tháinig Peadar O’Donnell ar cuairt chuige. Dúirt an bhanaltra le Breen “tá an tEaspag taobh amuigh anseo le tú a fheiceáil”. Ba é an freagra a thug Breen uirthi “bair leis ‘f’-áil leis”.  Leabhar bríomhar; Dan Breen and the I.R.A. le Joe Ambrose.

Foclóir

Tógalaithe...builders
Athchursáil...recycling
Clábar...muck
An tuiseal...invented by the
Ginideach...Christian Brothers
Ceannlíne...headline
Easaontas...dispute
in ainneoin...despite
athfhoilseachán...reissue
naimhde...enemies
luach saothair...reward


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland