14 June 2007 Edition

Resize: A A A Print

Béal Feirste, talamh míntírithe!

LE hÉAMANN Mac MÁNAIS

I ndiaidh an léirsithe a bhí ar siúl i mBéal Feirste Dé Sathairn 9 Meitheamh 2007, thainig éileamh amhain amach as an lá iontach, mar atá, leantar den fheachtas! Cé gurbh é seo an dara himeacht ar son Acht na Gaeilge bhí na sráideanna beo bríomhar agus lán le daoine ag scairteadh le glór amhain.
Bhí níos mó ná 4,000 ar an mhórshiúl. Thosaigh an pharáid ag Cultúrlann Mac Adaim Ó Fiaich agus chuaigh sé síos Bóthar na bhFál agus an Cheathrú Gaeltachta, Sráid an Chaisleáin go Cearnóg na bhFilí. Ag an am seo, ní raibh aon óráidí ann, ní raibh aon óráidí de dhíth.
Ag caint le Ciarán Ó Brolcháin, agus é ag smaoineadh siar ar an lá, dúirt sé,
“Bhí thart fá 4,000 duine ar an mhórshiúl Dé Sathairn. Ar an ardán ghabh Ciarán Mac Giolla Bhéin ó choiste ACHT buíochas le gach duine a bhí páirteach sa mhórshiúl, agus ansin thosaigh an siamsa. Bhí Fiach agus Bréag ag seinm agus bhí damhsóir Gaelach ó Choláiste Mhuire ann chomh maith. Ní raibh cainteoir ar bith ann an uair seo mar sin chuaigh muid díreach isteach sa cheol nuair a shroich an scaifte Cearnóg na Scríbhneoirí.”
Chomh maith leis sin, dúirt Séanna Breathnach, Cathaoirleach Roinn an Chultúir, Sinn Féin:
“Ag fanacht ar Bhóthar na bhFál an tseachtain seo caite, thug mé faoi deara go raibh an áit plódaithe amach is amach. Chuala an pobal i gcoitinne uilig ár rosc catha! Agus ag siúl go lár na cathrach bhí a fhios agam ansin nach raibh aon dul siar ann.”
Tá moltaí d’Acht cuimsitheach dréachtaithe ag Sinn Féin agus a lán aighneachtaí curtha faoi bhráid RCEF ag éileamh cur chuige bunaithe ar cearta. Ba chóir na cearta céanna bheith ag Gaeilgeoirí sna Sé Chontae agus atá acu sna 26 Contae.
Is den tábhachtach go mbeidh an t-acht cumhachtach. Ba mhaith le Sinn Féin go mbeidh cearta ag an phobal ghaelach cinntithe mar atá ag Gaeil ó dheas agus muintir na hAlban. Tá coimitmint ag Sinn Féin le cinnte a dhéanamh de go mbeidh stádas chomhionann ag an teanga. Molann Sinn Féin ár gceithre bhunphrionsabail: Go gcloífidh Rialtas na Breataine le gealltanas Chill Rímhinn; go raibh cearta Gaeilgeoirí ag croí an achta; go gcuirfidh Rialtas na Breataine acmhainní oiriúnacha ar fáil leis an acht a chur i bhfeidhm; go gceapfaí Coimisinéir na Gaeilge le cumhachtaí, foireann agus acmhainní cuí chun an t-acht a mhaoirsiú.
Agus mar fhocal scoir, tá sé soiléir go mbeidh bua againn de thairbhe an méid fuinnimh atá na Gaeil Óga, ACHT, Meanscoil Feirste, achan bhunscoil agus na páistí uilig. Mar a dúirt laoch eile, “is é gáire ár gcuid páistí a bheas mar dhíoltas againn”.


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland