7 June 2007 Edition

Resize: A A A Print

Ár sainchuspoirí

Seo leanas Athchoimre ar Aighneacht Shinn Féin agus na sainchuspóirí aitheanta ag Sinn Féin maidir leis an: ‘Pháipéar comhairliúcháin ar Reachtaíocht Ghaeilge do Thuaisceart Éireann’ Inár bhfocail féin-Moltaí Acht na Gaeilge do na sé chontae! Phioc mé pointí tábhachta amach as an tsliocht agus tá súil agam go dtabharann sé blas daoibh.

Tá measúnú Shinn Féin maidir leis an Acht bunaithe ar cheithre bhunphrionsabail:
Go ndéanann Rialtas na Breataine cloígh le gealltanas Chill Rímhinn
Go raibh cearta Ghaeilgeoirí ag Croí an Achta.
Go gcuireann Rialtas na Breataine acmhainní oiriúnacha ar fáil leis an Acht a chur i bhfeidhm.
Go gceapfar Coimisinéir na Gaeilge le cumhachtaí, foireann agus acmhainní cuí chun an Acht a mhaoirsiú.
Léiríodh i gcomhaontú idir-rialtasach Chill Rímhinn go raibh gealltanas tugtha ag Rialtas Breataine. Mar sin de creideann Sinn Féín gurb é an bealach is fearr agus is éifeachtaí leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus le bonn a chur faoin Ghaeilge sa dlínse tuaisceartach ná reachtaíocht, a rithfear ag Westminster, a chuireann dualgais sonraithe ar Choiste Feidhmiúcháin athbhunaithe straitéis a ghlacadh chun forbairt na Gaeilge a neartú agus a chosaint.
Ó thaobh rialiú, maoirsiú agus forfheidhmiú an Achta ba chóir, i mbarúil Shinn Féin, Oifig Choimisinéara láidir, atá neamhspleach go hiomlán ar rialtas, a bhunú, a ndéanfadh tuairisciú neamhspleach ar dhul chun cinn agus feidhmiú an Achta a thabhairt don Tionól fríd oifig an Chéad Aire agus an Leaschéad aire, nó in easnamh sin don Aire cuí, uair sa bhliain.
Mar focal scor, ó thaobh Réimse eile le breithniú cosúil le Stádas na Gaeilge; Ba chóir go raibh ráiteas soiléir san Acht féin, agus chan amháin sa teideal, gur teanga oifigiúil de chuid an dlínse Tuaisceartach í an Ghaeilge.

Ó thaobh oideachas:
Níl an Ghaeilge teorannta do earnáil na Gaelscolaíochta.
Ba chóir ceart a bheith ag gach tuismitheoir go dteagascfar an Ghaeilge dá bpáistí fríd an chóras oideachas ag an bun agus an dara leibhéal.
Ba chóir acmhainní cuí bheith ar fail don Ghaeilge sa chóras oideachas - ollscolaíocht agus breis-oideachas san áireamh.

Maidir leis an Thionól:
Ba chóir faoin Acht go raibh sé de ceart ag Baill Tionóil an Ghaeilge a úsáid go huile is go hiomlán in aon imeachtaí de chuid an Tionóil agus go raibh sé de cheart ag daoine a thagann os comhair coistí (ar a n-áirítear finnéithe, baill den phobal agus oifigigh roinne) an Ghaeilge a úsáid.
Bheadh an ceart céanna agus atá molta don Tionól le cur san áireamh le haon údaras áitiúil.

Cúirteanna agus Binsí:
Ní mór cearta maidir le húsáid na Gaeilge a chruthú maidir le cúirteanna agus binsí den uile cineál. Agus ba chóir go raibh sé de cheart iomlán ag saoránaigh, ar rogha dóibh é, an Ghaeilge a úsáid ag cúirteanna agus binsí den uile cineál, gan iad a bheith faoi aon míbhuntáiste.

Sráidainmneacha:
Ba ceart i dtaca le sráidainmneacha fóráil a chur ann a dhéanfadh cinnte go raibh comhseasmhacht ann i ngach comhairle maidir le líon na cónaitheoirí atá a dhíth  Creideann Sinn Féin fosta gur chóir go raibh ceart ag gach saoránach seoladh iomlán i nGaeilge a úsáid


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland