Top Issue 1-2024

7 June 2007 Edition

Resize: A A A Print

Cúlchaint

Mo Ghairdín

Tá mo ghairdín réidh don Samradh- d’ullmhaigh mé faiche úr cathrach le coincréid agus clocha- bhí féar ag fás air ach bhí sé ró-ghlas agus bhí an féar plaisteach ró dhaor.
Bhí an comhairle cathrach ag díol blathanna ar leath phraghas ag iarraidh orainn goirmíni agus Eilis gníomach a chur ach fuair mé beart róis plaisteach i siopa Woodies ar phraghas íseal agus triúr leipreacháin ar eagla go críochnóidh tuar ceatha i mo ghairdín agus beidh mé in ann éirí as obair agus bogadh go Honolulu.
Cheannaigh mé mol adhmaid saor i gcomhair deic agus beidh na francaigh brea teolaí thar an geimhridh.
Cheannaigh mé teasóir ó chúl leoraí i bhFionnghlas  i gcomhair mo chuid cóisir le daoine mór le rá sa cheantar agus muid ag súil le cuairt ó na ceamairí ó VIP agus HELLO nó na leathnaigh soisialta de An Phoblacht nó an bhfuil ainm nua ar an pháipeár le deanaí leis an próiseis síochana agus na culaith Armani?
Fuair mé crann pailm , atá le feiceáil i dtuaisceart Áth Chliath agus nár thainig sé ó tuaisceart Chiarraí- beidh mé ag súil le fas cnó cócó agus an ghruaig ag titim de agus mé ag cur TCP air i gcomhair an dilleasc.
Tá sé ciallmhar do mhuintir na cathrach díriú ar a ngairdín ós rud é nach bhfuil móran ám fághta i bPáirc an Chrócaigh ag na peileadóirí agus iad ag fágáil an áit saor i gcomhair na fir tuaithe ó Chondae na Mí agus iad ag caitheamh ceapairí uibh ar an reiteoir - bhí orm ruaig a chur ar fear le hata túi agus brógaí bhuachaill bó le tae fuar i mbuidéal Lucozade agus é ag scairteadh “Come on the Royal” agus “cá bhfuil Óstan Barry’s?”
Thug mé beart arán agus uibheacha dó agus d’imigh sé leis i dtreo na tithí tabhairne i mBaile Phib, ait a mbíonn leath Teach na nGeailt ag bailiú agus iad ar an Fás.
Cheannaigh mé fleá fhulachta i gcomhair m’ócáidí soisialta agus limo’  bandearg i gcomhair Paris Hilton agus í ar an karaoke i mBaile Munna agus ag lorg ispíní brúite ar a bealach abhaile.
D’fhás mé suas faoin tuath agus achar ag m’athair lán le clocha agus féar fhada- chaith me leath m’óige ag iompar clocha i ngulag an Chlair ar deich pingin an lae agus ag tarraingt fiaillí as an talamh nocht. Bhí creag-ghairdín againn ar chúl an tí agus é lán le crainn lom agus ár gcairde ag imirt peile ar thaobh an bhóthair ag magadh fúinn agus ár pitseamaí ó ollmhargadh Bowsie Casey, é gníomhach ag tacú leis an IRSP, nuair nach raibh cogadh acu eatartha féin.
Dhreap mé thar bhalla ár gcomharsain lá amháin chun a gcuid cabáiste a ghoideadh i gcomhair an bhricfeasta go dtí gur rug Bidi Jimi Mhici agus Seimí Mandi Hiúdaí orm agus mé i ngeibheann leis na sicín , ag maireachtáil ar bhruascair ionas go mbéimíd ramhar fá choinne dhinnéar na Nollag.
Bhí reabhlóid againn agus chuireamr Bidi agus a fear chéile gránna san oigheann ach bhí an iomarca ghruiag ar an bheirt l’ithe.
Ghlac na sicíní seilbh ar an reabhlóid agus chuir siad mé agus na muc ag obair mar sclabhaí go dtí gur tháinig an lumpenproletariat agus d’éalamar.
Bhí ar óganaigh an cheantair prataí a phiocadh  do na feirmeoirí áitiúil agus iad ag suí ar a dtóin ag fanacht ar an deontas ón mBrúiseil agus vótáil do Paddy Cooney agus Fine Gael; leanamar leis go dtí gur thit duine dínn faoin tarracóir; fuair sé neart Lucozade agus dhá chosa úr ón ospidéal i Luimneach.
Bhí orainn bogadh as an teach nuair cheannaíomar na muic agus chodail mé sa chró.
Mar sin níl cuimhneacháin ró-iontach ar an ghairdín sa bhaile agus roghnaigh mé an plaisteach agus coincréid mar théama i gcomhair mo phlasóg úr.
Tá teilifís ollmhór agam ionas go mbeidh mé in ann amharc ar an ‘Deartháir Mhór’ agus iad ag bladaráil leo go dtí Mi Iúil .
Buíochas le Dia tá Jerry Springer arais leis an ‘bruascar bán’ agus gheall Hank dona bhean chéile nach mbeidh sé ina lúi a thuilleadh lena aintín agus go gcleachtóidh sé a bheainseó sa chrann athann lá.
Ní raibh mé ábalta diúltiú leath dhosaen cholúir ó chúl leoraí eile i mBaile Fhearma in éineacht le neart DVD’s agus seodaí bréagach agus tá mé ag eirí as obair chun súil a choinneáil ar mo Gickna’s agus tine chnámh a lasadh ar chúl an tí um thrathnóna.
Tá dhá mhadra fíochmhar agam i gcás beag bídeach agus ní thugaim bia dóibh ionas go gcuirfidh siad ruaig ar fear an phoist agus é ag tabhairt biollaí leis ó siopa Áine Nic an Samhraidh agus an óstan ‘Hotel Love House’ i Rio leis na cuirtíní corcra.
Tá neart cannaí sa chuisneoir agus thóg mé canál bheag in aice mo phlásóg agus binse adhmaid i gcomhair mo chairde ó Chumainn an Neo-Nazis agus iad ag iarraidh ruaig a chur ar na tuathaigh agus ag cleachtadh maslaí i gcomhauir Cnoc 16.
Seá tá mo ghairdín réidh- is fíor Dub mé- na buachaillí i ngoirm Abú!
Caithfidh mé dul - tá na Mormons ag an doras agus tá ocras ar Rex.

Foclóir

faiche...lawn
goirmíní...pansies
Éilis gníomhach...busy Lizzies
ispíní brúite...battered sausages
fiallí...weeds
oigheann...oven
plásóg...lawn
bruascar bán...white trash
colúr...pigeons


An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland