31 May 2007 Edition

Resize: A A A Print

Laochra Loch Laoi

Chuala mé scéal iontach ar na mallaibh faoi roinnt Gaeilgeoirí i mBéal
Feirste ag úsáid na Gaeilge go praiticiúil agus iad ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta 2007 a bheas ann i gCorcaigh. Scéal an-tábhachtach, mar is iadsan an t-aon ghrúpa lasmuigh den Ghaeltacht sa chomórtas!
Beidh an comórtas ag tarlú ag an deireadh seachtaine seo le slua ó Ráth Cairn, Corca Dhuibhne agus a leithéid.
De réir le CLG Aontroma,
“Comhchumann is ea Laochra Loch Lao agus is as na cumainn ar fud Bhéal
Feirste iad na himreoirí agus is í an Ghaeilge an comhcheangal eatharthu. Is ócáid mhór stairiúil é Comórtas Peile na Gaeltachta I mbliana mar is é seo an chéad uair a tugadh cead d’fhoireann nach as an Ghaeltacht ‘oifigiúil’ í páirt a ghlacadh ann.”
Tá an fhoireann lonnaite timpeall na Ceathrún Gaeltachta, Iarthar Bhéal
Feirste. Deirtear nach bhfuil aon áit ar láidre beoga an oidhreacht náisiúnta sin ná feadh Bhóthar na bhFál, áit ar tháinig rath ar an
Ghaeilge, a bheoigh réimse eispéireas cultúrtha de chuid an 21ú haois. Faoi láthair, ar an drochuair, níl stádas oifigiúil mar
Ghaeltacht tugtha di ag Rialtas na Breataine ná ag na Fiche Sé
Chontae. Dúirt Rialtas na Breataine nach féidir leo stádas Gaeltachta a thabhairt don cheantar, mar ní cuid den ghnáthpholasaí s’acusan é sin ach mar gheall ar  an áit bhríomhar seo agus na heachtraí cosúil le Laochra Loch Laoi, ba chóir go mbeadh athrú ar an scéal gan mhoill.
Dúirt duine de na heagraithe, Jake Mac Siacais, ball den ‘mheitheal smaointe’ atá ar chúl athbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste agus na Ceathrún Gaeltachta, “Nuair a thosaigh muid amach leis an smaoineamh seo ba é aitheantas a fháil ar an obair atá déanta ag pobal na Gaeilge i mBéal Feirste a bhí mar spreagadh againn. Ach anois táimid ag dul go Corcaigh le páirt a ghlacadh i gcomórtas peile agus séard atá le déanamh againn foireann láidir Gaeilgeoirí a chur ar an Pháirc.”
Agus foireann láidir ata i gceist le baill den chéad scoth. Mar sin de ní ‘stunt’ é seo, tá Laochra Loch Laoi ag glacadh leis an rud go dáiríre!
Agus amach anseo ní bheadh a fhios agat! Smaoinigh air seo; bhunaigh ceathrar Gaeilgeoirí na Piarsaigh i gCo Chorcaí (foireann Sheáin Óig Uí Ailpín) agus anois tá siad ar chumann de na cumainn is mó sa tír!  Is feidir le Laochra Loch Laoi bheith mar dhúshraith le foireann cheart Ghaeilge a bhunú i mBéal Feirste, cosúil leis na Piarsaigh. Ádh mór oraibh a leaids.

An Phoblacht
44 Parnell Sq.
Dublin 1
Ireland